Stiogma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stiogma tiúilipe agus pailin air

I bplandaí bláthaithe, tugtar stiogma ar an gcuid den chairpéal a fhaigheann an phailin. Cabhraíonn táil ghreamaitheacha, dromchlaí roctha nó ribí le bailiú is coimeád na pailine. I bplandaí a bhailíonn an phailin ón ngaoth, bíonn na stiogmaí cleiteach go minic, rud a mhéadaíonn an fhairsinge tadhaill. Iontu siúd a bpailníonn feithidí iad, is minic a bhíonn an stiogma iompartha ar stíleanna fada chun gur féidir leis an phailin a bhailiú ó cholainn na feithide.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stiogma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.