Pailin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pailin

Is éard is pailin ann ná na gnéaschealla fireanna de shíolphlandaí a tháirgtear go flúirseach in antair na bplandaí bláfara is saic pailine na ngimnispeirmeacha. Nuair a shroicheann an gráinne pailine stiogma an bhlátha nó crotal an chóin bhaininn, fásann an phailin feadán ar féidir léi a thoilleadh a aistriú chun an t-ubhán a thoirchiú.

Bíonn gráinní pailine an-éagsúil i méid, cruth, carachtar an dromchla, agus is féidir go gcabhraíonn siad seo uile ina ndáileadh. Bíonn pailin ghaothiompartha mín éadrom, na gráinní pailine a iompraíonn feithidí greamannach is níos troime. Bíonn cumhdach seachtrach an ghráinne (an t-eisín) an-fhrithsheasmhach i gcoinne meata, agus faightear pailin iontaisithe is déantar staidéar uirthi chun fásra an ama réamhstairiúil a anailísiú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pailin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.