Jump to content

Toirchiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Speirm agus ubhán i mbun leáigh

Teacht le chéile dhá ghaiméit chun siogóit a chruthú is ea toirchiú,[1] mar a tharlaíonn le linn atáirgthe ghnéasaigh.

De ghnáth bíonn an ghaiméit fhireann (an speirm) is an ghaiméit bhaineann (an t-ubhán) araon haplóideach (is é sin, foireann amháin crómasóm acu).

Sa toirchiú, comhtháthaíonn an dá núicléas cille haplóideacha chun núicléas amháin a dhéanamh le foireann iomlán dé-chrómasóm, agus mar sin siogóit dhioplóideach a tháirgeadh a fhásfaidh ina indibhid nua.

Tarlaíonn an próiseas seo taobh amuigh de chuid de na hainmhithe uisciúla, cosúil leis na heicinideirmeacha, mar a bhfuasclaítear na speirmeacha is na hubháin amach san uisce.

Maidir leis na horgánaigh tíre, na veirteabraigh arda ina measc, bíonn an toirchiú inmheánach agus tarlaíonn teacht le chéile na ngaiméití taobh istigh den bhaineannach.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “toirchiú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Toirchiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 667.