Leictreinceifealagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scrúdú ghníomhaíocht leictreach na hinchinne le leictreoidí a ghreamaítear leis an gcloigeann, a thaifeadtar de ghnáth mar rianú ar pháipéar a dtugtar EEG (leictreinceifealagram) air. Athraíonn an EEC le gníomhaíocht mheabhrach an duine, agus faightear patrúin shainiúla sa ghníomhaíocht dhromchlach leictreach (mar shampla, duine ina chodladh, i gcóma nó i dtaom titimeach). Faightear an alfa-rithim (timpeall 10 Hz) nuair a ligeann duine a scíth is a dhúnann a shúile, agus faightear an deilte-rithim (1-4 Hz) nuair a thiteann duine i gcodladh trom.