Roald Dahl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRoald Dahl

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Meán Fómhair 1916
Llandaf (an Ríocht Aontaithe)
Bás23 Samhain 1990
74 bliana d'aois
Oxford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaGreat Missenden 51°42′05″N 0°42′00″W / 51.701356°N 0.699942°W / 51.701356; -0.699942 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Repton
The Cathedral School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLlandaf
Gipsy House (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Ioruais
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, gearrscéalaí, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir, file, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí, píolóta troda Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1942 –
SeánraLitríocht uafáis, misteachas, fantaisíocht agus litríocht do pháistí
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Ioruais
Gairm mhíleata
Brainse míleataAerfhórsa Ríoga
Céim mhíleatasquadron leader (en) Aistrigh
wing commander (en) Aistrigh (1943–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileFelicity Dahl
Patricia Neal (1953–1983) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOlivia Dahl
 ( Patricia Neal)
Theo Dahl
 ( Patricia Neal)
Ophelia Dahl
 ( Patricia Neal)
Tessa Dahl
 ( Patricia Neal)
Lucy Dahl
 ( Patricia Neal) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHarald Dahl  agus Sofie Magdalene Hesselberg
SiblínAstri Dahl
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinroalddahl.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001094 Allocine: 80840 Allmovie: p159540 IBDB: 8343
Facebook: roalddahl Twitter: roald_dahl Instagram: roald_dahl Musicbrainz: cb802a9c-efc9-4a1d-9dd2-b6fd080f6298 Discogs: 84075 Allmusic: mn0001257675 Find a Grave: 6940 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba údar, gearscéalaí, file agus píolóta san RAF[1] é Roald Dahl (13 Meán Fómhair 1916 - 23 Samhain 1990)[2] a scríobh leabhair do pháistí den chuid is mó.[3]

“Tá samhlaíocht dhorcha ghreannmhar ag Roald Dahl ina chuid scéalta. Agus is ceardaí focail é a bhaineann casadh is lúbadh astu chun breis grinn a fháisceadh astu. Dhíol sé timpeall dhá chéad caoga milliún leabhair go dtí 2018.[4]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dahl ar an 13 Meán Fómhair 1916 i Villa Marie, Fairwater / Llandaff, Caerdydd.

Tháinig a thuismitheoirí, Harald Dahl agus Sofie Magdalene, as an Iorua[5]. Chuaigh Harald ar imirce go dtí an Bhreatain Bheag.

Phós Harald Dahl Marie Beaurin-Gresser ar dtús. Bhí beirt pháistí acu; Ellen Marguerite agus Louis[6]. Ar an mí-ádh, fuair Beaurin-Gresser bás sa bhliain 1907.

Ceithre bliana níos déanaí, phós sé lSofie. Bhí ceathrar clainne acu - Astri, Alfhild, Else agus Roald Dahl. Sa bhliain 1920, nuair a bhí Roald Dahl trí bliana d'aois, fuair a dheirfiúr, Astri (7), bás le aipindicíteas. Cúpla seachtain níos déanaí, fuair a hathair Harald Dahl bás le niúmóine[7].

Scoil Repton[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Roald Dahl ar Scoil Repton i Derbyshire. Níor thaitin an scoil leis. Ní gá a rá, go raibh pionós corpartha i réim, tráth, agus bhaintí leas as, anois is arís, le smacht a choinneáil ar dhaltaí[8]. Scríóbh Dahl sa leabhar Boy: Tales of Childhoodː

"All through my school life I was appalled by the fact that masters and senior boys were allowed literally to wound other boys, and sometimes quite severely... I couldn’t get over it. I never have got over it"[9].

Ní raibh Dahl rómhaith ag Scoil Repton ... dúirt múinteoir amháin

"I have never met anybody who so persistently writes words meaning the exact opposite of what is intended"[10].

Ba duine ard é Dahl agus d'imir sé go leor spóirt nuair a bhí sé sa Scoil Repton, mar shampla cruicéad, sacar, raicéad scuaise agus galf[11]. Chomh maith le spórt agus litríocht, bhí suim mór aige sa ghrianghrafaíocht[12].

Nuair a bhí Dahl fós ag Scoil Repton, Ní raibh an mhonarcha seacláide Cadburys rófhad ó Scoil Repton agus bhí ar na gasúir a gcuid tuairimí a thabhairt do Cadburys nuair a tháinig táirgí nua amach.[13]. Sa bhliain 1964 scríobh Dahl Charlie agus Monarcha na Seacláide[14].

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clogad leathair RAF ag Dahl

I mí na Samhna 1939, chuaigh Dahl sa Royal Air Force mar phíolóta san RAF le huimhir seirbhís 773022[15]. Bhí sé i dtús i Dárasalám, agus ansin Nairobi, ag traenál ina De Havilland "Tiger Moth", d'eitil sé i d'aonar.

I ndiaidh dó cáiliú ar 24 Lúnasa 1940[16]., d'eitil sé ó Abú Sueir go Mersa Matruh, san Éigipt. Ach bhí sé ag éirí dorcha agus bhí air tuirlingt sa ghaineamhlach, ach thit sé go talamh de phléist[17]. Bhris Dahl a bhlaosc agus a srón agus d'fhág an timpiste dall ar feadh tamaill[18]. D'fhág sé an t-ospidéal i mí Feabhra 1941 agus thosaigh sé ag eitilt arís.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Patricia Neal agus Roald Dahl

Phós Dahl an t-aisteoir Meiriceánach Patricia Neal ar an 2 Iúil 1953 i Nua-Eabhrac. Bhí cúigear clainne acu:

  • Olivia Twenty (1955-1962)
  • Chantal Sophia "Tessa" (1957)
  • Theo Matthews (1960)
  • Ophelia Magdalena (1964)
  • Lucy Neal (1965)[19]

Ar 5 Nollaig 1960, gortaíodh Theo Dahl; bhuail carr é agus d'fhulaing sé go huafásach; tháinig hiodracafalas air[20][21].

Sa bhliain 1962, bhuial brúitíneach Olivia Dahl (7) [21].

In 1965, bhuial ainéaras inchinn Patricia Neal agus í ag iompar clainne le Lucy[22]. Ach tháinig sí slán as.

Fuair Dahl agus Neal colscaradh sa bhliain 1983. Phós Dahl Felicity d'Abreu Crosland[23]. Bhog sí isteach sa "Gipsy House", Great Missenden in Buckinghamshire. Bhí cónaí ar Dahl ann ó 1954. Scríobh sé an scéal Danny the Champion of the World ag an am sin[24].

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Dahl ag scríobh sna 1940idí.

D'fhoilsigh Dahl a chéad scéal ar 1 Lúnasa 1942. 'A Piece of Cake' agus é ag obair mar attaché i Washington DC ag an sin. Cheannaigh an nuachtán The Saturday Post an scéal. Thug siad míle dollar do Dahl, an t-uafás airgid ag an am. D'athraíodh an teideal go 'Shot Down Over by Libya'[25].

Leabhair do pháistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Dahl a chéad leabhar do pháistí sa bhliain 1943; 'The Gremlins' an t-ainm a bhí ar an scéal. Sheol Dahl an leabhar chuig Bean an Uachtaráin Eleanor Roosevelt agus léigh sí an scéal don a garpháistí[26]. Ina dhiaidh sin, scríobh Dahl go leor leabhar, mar shampla Charlie agus Monarcha na Seacláide, Na Cailleacha, Danny, Seaimpín an Domhan, Na Gamail, Matilda, Boy agus a lán eile.

Dúirt an criticeoir Amanda Craig ná "He was unequivocal that it is the good, young and kind who triumph over the old, greedy and the wicked".[27]

Is bithiúnaigh iad na daoine fásta go mnic, mar shampla, sa scéal Matilda, is í Miss Trunchbull an bithiúnach; sa scéal Fantastic Mr. Fox, is iad na feirmeoirí na bithíunacha; sa scéal Na Caileacha, is í an Grand High Witch an bithíunach, agus sa scéal James and the Giant Peach, is í Aunt Sponge an bithiúnach.

Dúirt an foclóirí Dr Susan Rennie:

"He didn't always explain what his words meant, but children can work them out because they often sound like a word they know, and he loved using onomatopoeia. For example, you know that something lickswishy and delumptious is good to eat, whereas something uckyslush or rotsome is not definitely not! He also used sounds that children love to say, like squishous and squizzle, or fizzlecrump and fizzwiggler"[28]

Leabhair do do dhaoine fásta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Dahl gearrscéalta do dhaoine fásta chomh maith. Scríobh sé do Colliers, Ladies Home Journal, Playboy agus The New Yorker[29]. Fuair Dahl gradam Edgar do na scéalta 'Someone Like You' (1954); 'The Landlady' (1959); agus 'Tales of the Unexpected: Skin' (1980)[29].

Scripteanna scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1960idí, scríobh Dahl dhá script scannán, 'You Only Live Twice' agus 'Chitty Chitty Bang Bang'[30]. Scríobh David Seltzer an scannán 'Willy Wonka and the Chocolate Factory'. Ní raibh Dahl róshásta leis an obair, mar ní raibh béim ar bith ag Charlie sa scannán[31]. Ní dhearna Dahl aon scannán eile.

Scéaltá le Roald Dahl

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roald Dahl Plass

Ailse ba thrúig bháis do Dhal ar 23 Samhain 1990 in Oxford, Sasana agus in aois 74 dó [32].

I mí na Samhain d'oscail an 'Roald Dahls Childrens Gallery' i Buckinghamshire, Sasana[33]. Sa bhliain 2002 d'athraigh an chomhairle i Cardiff an 'Oval Basin Plaza' go 'Roald Dahl Plass'.

Bhunaigh Dahl an 'Roald Dahl Foundation'. Cabhraíonn an carthanas le daoine óga atá tinn[34].

Sa bhliain 2005 d'oscail an 'The Roald Dahl Museum and Story Centre' i Great Missenden, Buckinghamshire, Sasana. Gach bliain, tugann caoga míle daoine cuairt air.[35]

Féach freisin[edit | edit source][cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Dahl, Roald (1916–1990)" (2017-11-28). Oxford University Press. 
  2. "Roald Dahl sa Ghaeilge" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-23.
  3. "Leabhar Breac". leabharbreac.com. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  4. "BBC World Service - World Business Report, Roald Dahl: As popular - and profitable - as ever" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  5. "Dahl, Roald (1916–1990)" (2017-11-28). Oxford University Press. 
  6. Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  7. "Dahl, Roald (1916–1990)" (2017-11-28). Oxford University Press. 
  8. "Issue 1940-05-08". North China Daily News Online. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  9. Peter Hanna, Kalyanam Shivkumar, Jeffrey L Ardell (2018). "Calming the Nervous Heart: Autonomic Therapies in Heart Failure". Cardiac Failure Review 4 (2): 92. doi:10.15420/cfr.2018.20.2. ISSN 2057-7540. 
  10. Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  11. "Dahl, Roald (1916–1990)" (2017-11-28). Oxford University Press. 
  12. "Dahl, Roald (1916–1990)" (2017-11-28). Oxford University Press. 
  13. "Godwin, Joseph, (born 7 July 1964), Director, BBC Academy and BBC Birmingham, since 2015" (2011-12-01). Who's Who. Oxford University Press. 
  14. Dahl, Roald.; Blake, Quentin, (2005). "Roald Dahl's incredible chocolate box". London: Puffin. OCLC 57730407. 
  15. H. Beardwood, E. R. Hamilton, A. Page (1940-12). "Geometry (Including Trigonometry)". The Mathematical Gazette 24 (262): 363. doi:10.2307/3606108. ISSN 0025-5572. 
  16. Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  17. "Dahl, Roald, (13 Sept. 1916–23 Nov. 1990), writer" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press. 
  18. David Rees (1988). "Dahl's chickens: Roald Dahl". Children's Literature in Education 19 (3): 143–155. doi:10.1007/bf01127092. ISSN 0045-6713. 
  19. Klaus-Dieter Gottschalk. "On translating word-formation in childlike language. Roald Dahl: The BFG". Kognitive Aspekte der Sprache. Berlin, Boston: De Gruyter. 
  20. Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  21. 21.0 21.1 Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  22. Pat Pinsent (2012). "‘The problem of school’: Roald Dahl and Education". Roald Dahl: 70–85. London: Macmillan Education UK. 
  23. June Pulliam (2012). "All Grown Up: Filmic Interpretations of Roald Dahl’s Novels". Roald Dahl: 142–159. London: Macmillan Education UK. 
  24. D. Graves, W. Pedrycz (2008-05). "Discovering structure in labeled data". NAFIPS 2008 - 2008 Annual Meeting of the North American Fuzzy Information Processing Society. IEEE. doi:10.1109/nafips.2008.4531218. 
  25. Carole Scott (2012). "Roald Dahl and Quentin Blake". Roald Dahl: 160–175. London: Macmillan Education UK. 
  26. "Antibiotic Guardian campaign" (2014). The Pharmaceutical Journal. doi:10.1211/pj.2014.20066185. ISSN 2053-6186. 
  27. Deborah Cogan Thacker (2012). "Fairy Tale and Anti-Fairy Tale: Roald Dahl and the Telling Power of Stories". Roald Dahl: 14–30. London: Macmillan Education UK. 
  28. "Martian dust devils may get a boost from their own shadows" (2016). Physics Today. doi:10.1063/pt.5.029715. ISSN 1945-0699. 
  29. 29.0 29.1 Deborah Cogan Thacker (2012). "Fairy Tale and Anti-Fairy Tale: Roald Dahl and the Telling Power of Stories". Roald Dahl: 14–30. London: Macmillan Education UK. 
  30. "Dahl, Roald, (13 Sept. 1916–23 Nov. 1990), writer" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press. 
  31. Anang Viki Pratama Hadju (2018-04-27). "Kecenderungan Kecemasan Neurotik Willy Wonka dalam Novel Charlie and The Chocolate Factory Karya Roald Dahl". Madah: Jurnal Bahasa dan Sastra 9 (1): 73. doi:10.31503/madah.v9i1.701. ISSN 2580-9717. 
  32. "Statistics of deaths reported to coroners: England and Wales 1984". PsycEXTRA Dataset (1985). Dáta rochtana: 2019-04-02.
  33. McElmeel, Sharron L. (2000). "100 most popular picture book authors and illustrators : biographical sketches and bibliographies". Libraries Unlimited. OCLC 47011878. 
  34. "Williams, Michael Edward John, (19 Oct. 1933–17 April 1997), Golf Correspondent, Daily Telegraph, since 1971" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press. 
  35. "Hill, Jane, (born 10 June 1969), presenter, BBC TV News, since 1997" (2013-12-01). Who's Who. Oxford University Press.