Pionós corpartha
Is ionann pionós corpartha[1] nó mí-úsáid chorpartha agus pé uair a dhéanann duine éigin díobháil chorpartha do leanbh d’aontoil nó a chuireann iad i mbaol bheith gortaithe go colanda. Féadann sí tarlú mar theagmhas amháin nó mar phatrún teagmhas.[2] Is féidir na gnéithe seo a leanas a áireamh leis an pionós corpartha: Greadadh, buille boise, bualadh nó ciceáil Brú, creathadh nó caitheamh Baint liomóg, baint plaice, tachtadh nó tarraingt gruaige Úsáid an fhórsa iomarcaigh le láimhsiú Nimh a thabhairt do dhuine d’aonghnó Plúchadh Tinneas cumtha/spreagtha Ciorrú baill ghiniúna
Baintear amach an tairseach díobhála, nuair a bhíonn eolas, creideamh nó amhras réasúnta aige nó aici go bhfuil ionsaí déanta ar leanbh, go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar leanbh nó go bhfuil an baol ann go ndéanfaí ionsaí ar leanbh agus, dá thoradh sin, go bhfuiltear tar éis dul i gcion, nó go bhfuiltear ag dul i gcion nó go bhfuil an dealramh ann go rachfar i gcion go tromchúiseach ar shláinte, forbairt nó leas an linbh.
Níor chóir pionós corpartha a úsáid ar aon nós. De réir na síceolaithe, ba chóir atreisiú dearfach a úsáid le páistí, más mian linn a gcuid iompair a athrú, agus mol an óige sin nuair a dhéanann siad a ndícheall.[3]
Tuismitheoirí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2015, chinn Coiste Cearta Sóisialta na hEorpa go bhfuil cairt Eorpach sáraithe ag Éireann mar nach bhfuil cosc curtha ag Rialtas na hÉireann ar phionós corpartha, greadóg a thabhairt do pháistí san áireamh. Dúirt an Coiste nach bhfuil an dlí maidir le pionós corpartha ar pháistí in Éirinn sách soiléir. Dúirt an tAire Leanaí James Reilly ag an am go ndéanfaidh an Rialtas soiléiriú ar an dlí i bhfianaise an chinnidh.[4]
Níos déanaí in 2015, dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach toradh Reifreann na Leanaí a bhí ar siúl in 2012. Cuireadh deireadh, go héifeachtach le pionós corpartha tríd an gcosaint “ceartú réasúnta” a bhaint. I Nollaig 2015, shínigh an tAire an t-ordú um thosach feidhme ar an gcosaint ‘Ceartú Réasúnta’ a bhaint faoi alt 28 den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Mar gheall ar an aistriú seo, ón 11 Nollaig 2015, ní bheidh duine a riarann pionós corpartha do leanbh in ann brath a thuilleadh ar chosaint an cheartaithe réasúnta sna cúirteanna.[5]
Scoileanna in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh 1982, bhí pionós corpartha inghlactha sna scoileanna in Éirinn agus tugadh íde béil do na leanaí go minic.[6]
An reachtaíocht, 1982-2015
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh deireadh leis an bpionós corpartha sna scoileanna in Éirinn sa bhliain 1982, a bheag nó a mhór. Ó shin i leith níl cead ag múinteoirí páistí a bhualadh, de ghnáth.[7]
Inniu faoi Alt 24 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997, d'fhéadfadh gur coir a bheadh i gceist le pionós corpartha a ghearradh ar scoláirí. Ceadaíonn Ailt 18 agus 20 den Acht, áfach, úsáid inchosanta fórsa i gcúinsí áirithe, mar shampla, féinchosaint nó daoine eile a chosaint.[8]
Anois, de réir Tusla, cuirtear cosc ar phionós corpartha agus cuirtear cosc ar aon chleachtais nó ar an mbagairt a chruthaíonn aon chleachtais nach léiríonn meas, atá táireach, a dhéanann dúthshaothrú, atá imeaglach, atá díobhálach nó faillitheach go mothúchánach nó go fisiciúil. Ní dhéantar leanaí a náiriú, a scaradh nó bia a choimeád siar ó leanaí riamh.[9]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]San am atá thart, sna scoileanna, bhuaileadh an múinteoir na páistí leis an tslat dá mbeidís "dána" nó mura mbeadh a gcuid oibre déanta i gceart acu fiú.[10] Bhí an mhí-úsáid fhisiciúil an-coitianta sna scoileanna; ó bhaill na n-ord eaglasta agus ó mhúinteoirí tuata araon.[11] Bhí an cleachtas seo leabaithe go domhain, ní hamháin sa chóras oideachais, ach sa tsochaí. Uaireanta bhí leanaí áirithe thíos leis an bhforéigean níos mó ná leanaí eile. Má bhí tú go maith ag spórt d’éalaigh tú de bheagán, agus dá mba mhac tú le dochtúir nó duine proifisiúnta d’éalaigh tú go hiomlán.[12]
Bhunaigh an feachtasóir Frank Crummey grúpa agóide, Reform, sna 1960idí. Rinneadh gearáin le húdaráis agus imíodh chun cúirte ach ba shnámh in aghaidh easa é.[12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, corporal punishment
- ↑ gov.ie (2023). "Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar- bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023)". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Cathal Ó Manacháin < Meon Eile (28 Lúnasa 2018). "An tuismitheoir foirfe thú?". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-05-27). "'Cairt Eorpach sáraithe ag an tír seo'" (as ga-IE).
- ↑ Nicky Ryan (2015-12-11). "Parents can't rely on 'reasonable chastisement' when slapping their kids anymore" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-11-11.
- ↑ Peadar agus Micheál Bairead (2019-03-01). "Dialann Scoláire" (en). www.kilkennypeople.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ RTÉ (2021-05-04). "The legacy of corporal punishment in Ireland, anocht ar RTÉ One" (as ga-IE).
- ↑ Citizensinformation.ie. "Smacht i scoileanna" (ga=IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ tusla.ie. "BEARTAS SAMPLACH AR IOMPAR A BHAINISTIÚ". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ forasnagaeilge.ie. "An Scoil Fadó". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Leathered on RTÉ: It was open season on little children – why did we ever tolerate this violence?" (en). Irish Independent (2024-10-31). Dáta rochtana: 2024-11-11.
- ↑ 12.0 12.1 Breandán M Mac Gearailt (5 Samhain 2024). "An strapa leathair, an tslat agus an dorn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-11.