Mí-úsáid leanaí in Éirinn sa 20ú haois

Bhí mí-úsáid leanaí in Éirinn coitianta sa 20ú haois, de réir na staitisticí a bhaineann leis na hinstitiúidí – na dílleachtlanna, na scoileanna saothair,[1] na hinstitiúidí eaglasta, na Tithe Máithreacha agus Leanaí, na Maigdiléinigh, srl. Nochtar scéalta chomh maith faoi mhí-úsáid sa mbaile: pionós corpartha do na buachaillí, mar shampla, agus ruaigeadh amach na gcailíní as an mbaile, chomh luath agus a fuair an mhuintir amach go rabhadar torrach.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Achtaíodh Acht na Leanaí, 1929[3] in Éirinn ar an 24 Iúil 1929.[4] Sna blianta ina dhiaidh sin, méadaíodh líon na leanaí a cuireadh i ngéibheann sna scoileanna saothair in Éirinn i lár an 20ú haois, trí leathnú a thabhairt isteach maidir leis an gcatagóir leanaí gurbh fhéidir a rá go raibh siad ar an anás, sa chaoi is gurbh fhéidir iad a chur isteach in áit dá leithéid sin.[5][6]
Tarraingíodh aird an phobail ar na scannail ag deireadh na haoise. Ba é States of Fear, clár de chuid RTÉ in 1999, is túisce a bhain creathadh asainn le scéalta faoi uafás na scoileanna saothair.[7]
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an iliomad ‘coimisiún’ agus ‘iniúchadh’ thar na blianta ann, a rinneadh ar mhí-úsáid ghnéis agus mí-úsáid fhisiciúil sna hinstitiúidí in Éirinn :
- Tuarascáil Ryan, 2009 (mí-úsáid ar pháistí sna hInstitiúidí Tionsclaíocha)
- Tuarascáil Murphy (Tithe na Máithreacha agus na Leanaí),
- Tuarascáil Fhearna (mí-úsáid ar pháistí in Ard-Deoise Fhearna),
- Tuarascáil Murphy (mí-úsáid in Ard-Deoise Átha Cliath),
- Tuarascáil McAleese (na Neachtlanna Maigdiléanacha)
- Fiosrúchán Scóipe, 2024.[8][9] D'eascair an Fiosrúchán Scóipe a fógraíodh i Márta 2023 as an chlár faisnéise raidió 'Blackrock Boys' a rinne RTÉ leis na deartháireacha David agus Mark Ryan, a ndearna sagairt ó Ord an Spioraid Naoimh mí-úsáid ghnéis orthu i gColáiste na Carraige Duibhe agus roimhe sin i mbunscoil Pháirc na Sailí san am a caitheadh.[10]
agus go leor eile thar na blianta.
- In 2025 cheap an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee Michael MacGrath ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna.[11]
Cúiteamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcás na scoileanna saothair, ar an 25 Iúil 2012, ritheadh an tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012.[12] Bunaíodh Ciste, Caranua, chun cúiteamh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2013, más mall is mithid.[13] Íocann an Ciste as seirbhísí (mar shampla sláinte, tithíochta agus oideachais agus seirbhísí eile) do dhaoine (cé acu atá siad in Éirinn nó atá siad ar an gcoigríoch).
Bhunaigh an 34ú Rialtas in 2025 scéim chúitimh chomh maith do dhaoine a d'fhulaing drochúsáid ghnéasach i scoileanna.[14] [15] Moladh go rachadh an Rialtas i mbun cainte le hoird rialta faoi airgead a thabhairt do scéim chúitimh.[16]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pionós corpartha
- Cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn de chuid na hEaglaise Caitlicí
- Árais máithreacha agus naíonán agus tithe Maigdiléana in Éirinn
- Tithe Níocháin Maigdiléanacha
- Acht na Leanaí, 1929[3][4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ na scoileanna ‘tionsclaíocha’ uaireanta
- ↑ "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-05-28). Dáta rochtana: 2024-05-13.
- ↑ 3.0 3.1 Tithe an Oireachtais (1928-06-06). "Díospóireachtaí ; Acht na Leanbhaí, 1929 – Uimh. 24 de 1929 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ 4.0 4.1 Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Téacsː ACHT NA LEANBHAÍ, 1929" (ga). www.achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-25. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ An Scoil Dlí COBAC. "The Children Act, 1929" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (28 Bealtaine 2021). "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-11.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (21 Iúil 2016). "The Search – ceann de na cláracha is brónaí agus is cumhachtaí le fada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-13.
- ↑ Scoping Inquiry into Historical Sexual Abuse
- ↑ "Press Statement from the Scoping Inquiry into Historical Sexual Abuse in Day and Boarding Schools Run by Religious Orders" (en). www.gov.ie (2023-10-05). Dáta rochtana: 2024-07-25.
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-07-24). "Tuarascáil le tabhairt do na marthanóirí ar dtús - an tAire Foley" (as ga-IE).
- ↑ "Coimisiún Imscrúdúcháin á bhunú le líomhaintí stairiúla faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a fhiosrú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-08). Dáta rochtana: 2025-07-08.
- ↑ Tithe an Oireachtais (2012-04-13). "Téacs - An tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 – Uimh. 35 de 2012 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ Caranua. "What We Can Do" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-08). "Coimisiún Imscrúdúcháin le bunú faoi mhí-úsáid gnéis i scoileanna" (as ga-IE).
- ↑ gov.ie (8 Iúil 2025). "Fógraíonn an tAire McEntee bunú Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna agus ceapadh Cathaoirligh" (ga-IE). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-08.
- ↑ "Eolas i dtuarascáil nua faoi 2,395 líomhain maidir le mí-úsáid ghnéis i 308 scoil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-03). Dáta rochtana: 2024-09-04.