Scoil saothair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an scoil saothair is mó - Naomh Seosamh Ard Aidhin. Dúnadh é i 1969.[1]

Scoil chónaitheach le haghaidh dilleachtaí agus páistí míréireacha is ea an scoil saothair. Tháinig coincheap na scoile saothair ar an bhfód sa naoú haois déag, agus b'é ba chuspóir leis na scoileanna saothair ná na hamhais bheaga a choinneáil istigh ó na sráideanna, ionas nach rachaidís le coiriúlacht ná le meirdreachas, agus ceird éigin a mhúineadh dóibh, ionas go bhféadfaidís déanamh as dóibh féin nuair a thiocfaidís i mbun a méide.

Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin, 1958, Páirc an Chrócaigh

In Éirinn, bhí na scoileanna saothair sách coitianta fiú nuair a bhí an cineál seo scoileanna dúnta le fada an lá sa Ríocht Aontaithe. Sa deireadh, tháinig sé chun solais go raibh drochíde á tabhairt do na páistí i gcuid de na scoileanna, agus b'éigean na scoileanna deireanacha saothair a dhúnadh. Inniu féin, bíonn iar-dhaltaí de chuid na scoileanna seo ar lorg éirice, agus a saol curtha ó mhaith ag an gcruatan a d'fhulaing siad ina n-óige.

Stair na Scoileanna Saothair in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunú na Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1868, tháinig an tAcht um Scoileanna Saothair ar leabhar na reacht. Bhí na scoileanna seo dírithe ar dhilleachtaí agus ar pháistí ar thréig a dtuismitheoirí iad. B'iad na manaigh agus na mná rialta ba mhó a bhíodh ag reáchtáil na scoileanna saothair in Éirinn.

Sa bhliain 1900, shroich líon na scoileanna saothair a uasmhéid in Éirinn, agus ocht míle páiste ag freastal ar 71 scoil den tsaghas seo ar fud an oileáin. Sa bhliain 1908, reachtaíodh an tAcht um Páistí a d'fhoráil go gcaithfeadh cigire ar leith cuairt a thabhairt ar na scoileanna seo uair in aghaidh na bliana.

Ré an tSaorstáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor athraigh an Chéad Dáil ná bunú an tSaorstáit a dhath faoi na scoileanna saothair. Sna tríochaidí, áfach, chuir na húdaráis an chéad chron sa chineál saoil a bhí ag na páistí sna scoileanna saothair. Sa bhliain 1933, tháinig deireadh leis na scoileanna saothair sa Ríocht Aontaithe, ach má tháinig, níor mhothaigh údaráis na hÉireann gur chóir dóibh aithris a dhéanamh ar an ngníomh sin.

Go gairid ina dhiaidh sin féin, áfach, tháinig tuarascáil ó choiste a raibh staidéar déanta aige ar choinníollacha an tsaoil sna scoileanna saothair. Is iomaí locht a fuair an coiste orthu. Mar shampla, bhí siad plódaithe le páistí, agus maidir leis an oiliúint agus leis an oideachas a bhí ar fáil do na daltaí, ní raibh sé thar mholadh beirte ach an oiread. Ní bhíodh na pobail áitiúla ag tabhairt tacaíochta do na scoileanna saothair ná do na daltaí - fiú má bhí ceird acu, ní bhfaighfidís jab ar bith sa chomharsanacht.

Go ginearálta, ní raibh saol ar fónamh ar fáil d'aon duine a raibh scoil saothair críochnaithe aige. Mar sin féin, b'é an chonclúid a bhain lucht scríofa na tuarascála seo as an scéal gur chóir na scoileanna saothair a fhágáil faoi chúram na n-ord reiligiúnda as sin amach, fosta.

An Drochshaol ag Teacht chun Solais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1943, chuaigh scoil saothair trí thine sa Chabhán. Fuair cúigear cailín déag is fiche bás, chomh maith le bean chnagaosta amháin. Níor cuireadh an dlí ar na mná rialta a bhí i gceannas ar an áit, áfach. An bhliain dár gcionn, thuairiscigh an Cigire P. Ó Muircheartaigh go raibh na páistí ag stiúgadh le hocras sna scoileanna saothair.

Bhí an Muircheartach ar buile faoin dóigh a raibh na mná rialta ag déanamh neamhshuime de chruachás na rudaí beaga, agus dúirt sé gur smál náire ar thír Chríostaí a bhí ann. Má dúirt féin, áfach, níor athraigh mórán. Sa bhliain 1945, áfach, chinn an Roinn Oideachais an phá chéanna a íoc leis na múinteoirí sna scoileanna saothair agus a bhí ar fáil do na gnáthmhúinteoirí, agus cuireadh dhá oiread eile airgid le maoiniú na scoileanna féin.

an scannán "Boys Town" (1938) agus An tAthair Ó Flannagáin

An tAthair Ó Flannagáin in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1946, tharraing imthoscaí na scoileanna saothair aird choitianta arís, nuair a tháinig an tAthair Éamonn Ó Flannagáin ar cuairt go hÉirinn. Sagart Caitliceach Gael-Mheiriceánach ab ea an Flannagánach seo - b'as Contae Ros Comáin dó - agus clú is cáil air toisc go raibh sé ag iarraidh fóirithint a thabhairt do na dilleachtaí agus na páistí gan dídean trí iad a eagrú ina bpobal féinrialaitheach - Boys Town. Nuair a chonaic sé an chaoi a bhí ar scoileanna saothair na hÉireann, bhí sé scanraithe ar fad.

Tharraing sé callán agus racán poiblí le go ndéanfadh na Teachtaí Dála rud éigin le bail cheart a chur ar na scoileanna seo, ach níor éirigh leis mórán a chur i gcrích: sa deireadh, b'éigean dó imeacht as Éirinn faoi bhrú an Stáit agus na hEaglaise araon. Fuair an tAthair Ó Flannagáin bás le taom croí go gairid ina dhiaidh sin, agus d'fhuaraigh an díospóireacht ansin gan torthaí praiticiúla.

An Seanchruatan gan Athrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí scannal a tharraing na scoileanna saothair sna blianta ina dhiaidh sin, ach is beag a rinneadh le feabhas a chur orthu. Sa bhliain 1947, fuair gasúr beag a bhí trí bliana d'aois bás i scoil saothair i Ráth Droma, Contae Chill Mhantáin, nuair a cuireadh ag folcadh in uisce te bruite é.

Cuireadh coiste ag fiosrú an scéil, agus b'é an breithiúnas a thug siad ná go raibh foireann na scoile chomh siléigeach ina gcuid oibre is gur coir a bhí ann, ach ba chuma leis an Roinn Oideachais faoi. Sa bhliain 1951, arís, lochtaigh an cigire stáit a raibh sé de dhualgas air súil a choinneáil ar na scoileanna seo, lochtaigh sé na scoileanna saothair toisc nach raibh siad go maith ag tabhairt aire do na páistí ná ag caitheamh leo mar ba chóir.

D'fhéach an Eaglais leis na scannail a choinneáil faoi cheilt. Sa bhliain 1960, mar shampla, fuair na Gardaí amach go raibh bráthair darbh ainm Pól Mag Aonghusa ag baint úsáide as na cailíní óga faoina chúram le haghaidh scannáin phornagrafaíochta. B'fhearr leis an Ard-Easpag an scéal a shocrú taobh istigh den Eaglais, agus níor cuireadh an dlí ar an mBráthair Mag Aonghusa roimh an mbliain 1997.

Deireadh Ré na Scoileanna Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na seascaidí, tharraing drochshaol na bpáistí sna scoileanna saothair callán i ndiaidh calláin, agus thosaigh an tuiscint ag teacht ag an tsochaí ar fad go raibh sé in am éirí as an scoil saothair go hiomlán.

Sa bhliain 1970, d'eisigh giúistís ar shloinne dó Ó Cinnéide tuarascáil ar shaol na scoileanna saothair, agus é ag moladh iad a dhúnadh, ó chuir na himthosca ansin úrscéalta Charles Dickens i gcuimhne dó. Mar sin féin, níor tháinig deireadh leis na scoileanna seo ach de réir a chéile, agus bhí scannail nua ar na bacáin go fóill.

Oidhreacht na Scoileanna Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1989 i leith, foilsíodh roinnt leabhar dírbheathaisnéisiúil le scríbhneoirí a raibh tréimhse caite acu sna scoileanna seo nuair a bhí siad óg, cosúil le The God Squad le Paddy Doyle, Fear of the Collar le Patrick Touher, Suffer the Little Children le Mary Raftery, agus Freedom of Angels le Bernadette Fahy.

Choinnigh na leabhair seo ceist na scoileanna saothair i mbéal an phobail sna nóchaidí, agus sa deireadh, rinne an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn leithscéal poiblí as an dóigh ar fhág an stát Éireannach na dilleachtaí i lámha na n-ord eaglasta gan súil cheart a choinneáil ar mhí-iompar coiriúil na mbráithre is na mban rialta.

Cuireadh an dlí ar dhaoine de na ciontóirí ba mheasa, agus bhí an Eaglais sásta céad milliún punt a bhronnadh an Stát le héiric a íoc leo siúd ar bhain na bráithre nó na mná rialta mí-úsáid ghnéis astu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nasc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Artane Industrial School" (as en) (2020-06-24). Wikipedia.