Acht na Leanaí, 1929

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht na Leanaí, 1929
Map
Cineálacht parlaiminte Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe24 Iúil 1929 Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLirishstatutebook.ie… Cuir in eagar ar Wikidata


an scoil saothair is mó - Naomh Seosamh Ard Aidhin. Dúnadh é i 1969.[1]

Achtaíodh Acht na Leanaí, 1929[2] (nó Acht na Leanbhaí, the Childrens' Act) in Éirinn ar an 24 Iúil 1929.[3] Sna blianta ina dhiaidh sin, méadaíodh líon na leanaí a cuireadh i ngéibheann sna scoileanna saothair in Éirinn i lár an 20ú haois, trí leathnú a thabhairt isteach maidir leis an gcatagóir leanaí gurbh fhéidir a rá go raibh siad ar an anás, sa chaoi is gurbh fhéidir iad a chur isteach in áit dá leithéid sin.[4]

Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin, 1958, Páirc an Chrócaigh

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba fhurasta mí-úsáid a bhaint as an gcóras agus fágadh cuid mhór mí-úsáide gan tuairisciú ar feadh na mblianta. Bhí pionós corpartha inghlactha sna scoileanna agus tugadh íde béil do na leanaí go minic. Rinneadh mí-úsáid ghnéis ar pháistí.

Sna 2000idí, bhí an breitheamh Seán Ó Riain ina chathaoirleach ar an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú.[5] Sa tuarascáil a d'fhoilsíodh sa bhliain 2009, bhreathnaigh sé ar an éifeacht a bhí ag an bhforáil seo agus ag forálacha ábhartha eile maidir le feidhmiú an chórais scoileanna saothair.

Ansin ar an 25 Iúil 2012, achtaíodh an tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012.[6] Íocann an Ciste as seirbhísí (mar shampla sláinte, tithíochta agus oideachais agus seirbhísí eile) do dhaoine (cé acu atá siad in Éirinn nó atá siad ar an gcoigríoch)

  • a chaith am i bhforas cónaithe in Éirinn agus iad ina leanaí, agus
  • a fuair dámhachtain trí shocrú nó cinneadh cúirte nó ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe maidir leis an am a chaith siad i bhforas.

Tugadh Caranua ar an Císte seo i mí Dheireadh Fómhair 2013.[7]

1956 - 1962

Ós rud é gur ciste teoranta atá á riarú ag Caranua, tá sé ag tabhairt a chuid oibre chun críche de réir a chéile.

Cruthaíodh an ciste trí ranníocaíochtaí, a bhí níos mó ná €110 milliún san iomlán, ó na cuallachtaí reiligiúnacha a bhí freagrach, in éineacht leis an Stát, as na forais chónaithe ábhartha a ritheadh. Tá sé mar aidhm ag rialtais go roinnfí costas an leorghnímh iomláin do dhaoine ar tugadh drochúsáid orthu sna forais chónaithe (a mheastar gur €1.36 billiún é) ar bhonn caoga-caoga idir na cuallachtaí agus an Stát.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Artane Industrial School" (as en) (2020-06-24). Wikipedia. 
  2. Tithe an Oireachtais (1928-06-06). "Díospóireachtaí ; Acht na Leanbhaí, 1929 – Uimh. 24 de 1929 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  3. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Téacsː ACHT NA LEANBHAÍ, 1929" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  4. An Scoil Dlí COBAC. "The Children Act, 1929" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  5. "An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú (CICA)" (en). Department of Education and Skills. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  6. Tithe an Oireachtais (2012-04-13). "Téacs - An tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 – Uimh. 35 de 2012 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  7. Caranua. "What We Can Do" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-07-25.
  8. Tá easaontas leanúnach idir an dá taobh an dócha go n-íocfaidh na cuallachtaí a leath den chostas — tríd an €110 milliún a tugadh do Charanua, an €128 a tugadh faoin gcomhaontú slánaíochta a rinneadh sa bhliain 2002 agus tairiscintí ar ionaid réadmhaoine éagsúla a aistriú go dtí an Stát.