Tithe Níocháin Maigdiléanacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTithe Níocháin Maigdiléanacha
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósMáire Mhaigdiléana Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Sprioclucht féachanafallen woman (en) Aistrigh agus striapach Cuir in eagar ar Wikidata
'Tearmann ' i Sasana', tús an 20ú haois .[1]
mórleabhar de chuid Sisters of Our Lady of Charity, High Park, Drumcondra, BÁC (ar taispeáint sa Little Museum inniu).

Mhair na tionscadail chlochair ar a dtugtar na NeachtlannaTithe Níocháin Maigdiléanacha[2] (Béarla: Magdalene Laundries) in Éirinn, agus thar lear, ó lár an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Bhí mná curtha i bhfolach ann ar feadh na mblianta fada agus rugadh páistí dóibh sna Tithe go minic.[3]

agóid i mBÁC, 18 MF2012

Córas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíochan, Faiche Stiabhna

Nuair a d’fhaightí amach go raibh bean torrach, mheasadh a cuid tuismitheoirí go raibh siad náirithe go deo. Is iondúil go ligtí an fear saor ó cháineadh. Leanbh mídhlisteanach, leanbh tabhartha, a bheadh aici de réir an Stáit.[4]

An réiteach ab éasca in Éirinn a bhíodh ag na tuismitheoirí ar an gcás an iníon a chur go Sasana, faoi rún dá mb’fhéidir é. Ach ní raibh an dara rogha ag na boicht ach dul isteach sna Tithe Níocháin.

Sna Neachtlanna, coinníodh na mná faoi smacht, mná dofheicthe mar go raibh siad 'salaithe' i súile na heaglaise agus an phobail. Chaith na mná a saol ag sclábhaíocht, lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile.

Ba thithe déirce iad na Neachtlanna ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.[3]

Níorbh iad an chléir amháin, a bhí i mbun, a bhí ciontach: bhí a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid comharsan, agus an rialtas, fiú an tsochaí uilig, páirteach sa gcomhcheilg freisin.[4] Maidir le ceannairí an Stáit, dhún siad a súile ar fad ar a raibh ag tarlú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail Lady Arabella Denny an Dublin Magdalen Asylum[5] ar Shráid Líosain, BÁC sa bhliain 1765 agus.éiteas Eaglais na hÉireann ann.

Na Tithe sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Magdalene Sisters scannán le Peter Mullan, 2002[6].
  • Philomena, scannán le Stephen Frears, 2013[7]
  • Taispeántas Diane Fenster, 2000,[8][9][10] grianghrafadóir digiteach Meiriceánach. Baineann Fenster úsáid as braillíní, agus tá portráidí ban le feiceáil ar na braillíní, mar mheafar. Feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruálacht an tsaoil. Úsáideann sí seanbhraillíní ina taispeántas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.[3]
  • Faoi Scáth, leagan Gaeilge (2015) de dhráma Patricia Burke Brogan Eclipsed.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Finnegan, F.: Do Penance or Perish. A Study of Magdalen Asylums in Ireland. Congrave Press, Ireland, Piltown, Co. Kilkenny (2001).
  2. neachtlanna Maighdilíneacha uaireanta
  3. 3.0 3.1 3.2 Ciara Nic Gabhann (Nollaig 2002). "Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  4. 4.0 4.1 Seosamh Ó Cuaig (4 Meán Fómhair 2018). "Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  5. Magdalen Asylum for Penitent Females
  6. "The Magdalene Sisters" (as en) (2023-03-01). Wikipedia. 
  7. "Philomena (film)" (as en) (2023-01-28). Wikipedia. 
  8. Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  9. Diane Fenster (2008-07-27). "Secrets of the Magdalen Laundries / téacs". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-07-27. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  10. Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries / suíomh". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  11. "Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.