Árais máithreacha agus naíonán agus tithe Maigdiléana in Éirinn
|
Mhair na hárais máithreacha is naíonán agus na tithe Maigdiléanacha[1] in Éirinn ó lár an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Bhí mná curtha ann ar feadh na mblianta fada agus rugadh páistí dóibh go minic.[2] Idir 1922 agus 1998 cailleadh 9,000 leanbh óg sna hárais máithreacha is naíonán ar fud Éireann; sin 15% de na leanaí a rugadh sna hárais agus ráta báis a bhí cúig uaire níos mó ná an meán náisiúnta i rith na tréimhse sin.[3]
Cuireadh máithreacha is naíonán sna hárais agus na mná "as a meabhair" nó "neamh-inmhianaithe" sna tithe Maigdiléanacha, ach bhí siad ag teacht salach ar a chéile chom maith.
Córas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d’fhaightí amach go raibh bean torrach, mheasadh a cuid tuismitheoirí go raibh siad náirithe go deo. Is iondúil go ligtí an fear saor ó cháineadh. Leanbh mídhlisteanach, leanbh tabhartha, a bheadh aici de réir an Stáit.[4]
An réiteach ab éasca in Éirinn a bhíodh ag na tuismitheoirí ar an gcás an iníon a chur go Sasana, faoi rún dá mb’fhéidir é. Ach ní raibh an dara rogha ag na boicht ach dul isteach sna hárais máithreacha is naíonán nó na Tithe Níocháin.
Sna Neachtlanna, coinníodh na mná faoi smacht, mná dofheicthe. Chaith na mná a saol ag sclábhaíocht, lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile. Go minic, bhí siad 'salaithe' i súile na heaglaise agus an phobail.
Ba thithe déirce iad na Neachtlanna ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.[2]
Níorbh iad an chléir amháin (an Eaglais Caitliceach, Eaglais na hÉireann agus eile), a bhí i mbun, a bhí ciontach: bhí a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid comharsan, agus an rialtas, fiú an tsochaí uilig, páirteach sa gcomhcheilg freisin.[4] Maidir le ceannairí an Stáit, dhún siad a súile ar fad ar a raibh ag tarlú.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oscail Lady Arabella Denny an Dublin Magdalen Asylum[5] ar Shráid Líosain, BÁC sa bhliain 1765 agus.éiteas Eaglais na hÉireann ann.
Nios déanaí sa 20ú ahois, balbhaíodh guth na mban sa bhfiosrúchán Stáit faoi na hárais. An tarcaisne curtha i gceann na héagóra.[3]
Na nÁrais agus na Tithe sna meáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Magdalene Sisters scannán le Peter Mullan, 2002[6].
- An clár faisnéise, Stolen, RTÉ, Lúnasa 2024. [3]
- Philomena, scannán le Stephen Frears, 2013[7]
- Taispeántas Diane Fenster, 2000,[8][9][10] grianghrafadóir digiteach Meiriceánach. Baineann Fenster úsáid as braillíní, agus tá portráidí ban le feiceáil ar na braillíní, mar mheafar. Feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruálacht an tsaoil. Úsáideann sí seanbhraillíní ina taispeántas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.[2]
- Faoi Scáth, leagan Gaeilge (2015) de dhráma Patricia Burke Brogan Eclipsed.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn de chuid na hEaglaise Caitlicí
- Loscadh na dílleachtlainne sa Chabhán, 1943
- Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí, 2021
- Na Tithe Maigdiléanacha timpeall an domhain
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tugtar neachtlanna Maighdilíneacha, nó Tithe Níocháin Maigdiléanacha, orthu uaireanta; i mBéárla, Magdalene Laundries srl
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Ciara Nic Gabhann (Nollaig 2002). "Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Breandán M Mac Gearailt (31 Lúnasa 2024). "Scéal coscrach, náireach na n-áras géibhinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-31.
- ↑ 4.0 4.1 Seosamh Ó Cuaig (4 Meán Fómhair 2018). "Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ nó Magdalen Asylum for Penitent Females
- ↑ "The Magdalene Sisters" (as en) (2023-03-01). Wikipedia.
- ↑ "Philomena (film)" (as en) (2023-01-28). Wikipedia.
- ↑ Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ Diane Fenster (2008-07-27). "Secrets of the Magdalen Laundries / téacs". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-07-27. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries / suíomh". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ "Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.