Jump to content

Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí, 2021

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí, 2021
Map
 53° 20′ 05″ N, 6° 14′ 44″ O / 53.33461°N,6.24556°W / 53.33461; -6.24556
Cineálfiosrúchán Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2015 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmbhcoi.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Olluaigh

D'fhoilsigh an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí tuarascáil 3,000 leathanach ar 12 Eanáir 2021,[1][2][3] faoi na hionaid ina gcoinnítí mná agus cailíní a bhí ag súil le páiste agus nach raibh pósta. Meastar sa tuarascáil go bhfuair 9,000 páiste bás in 18 'institiúid' i bPoblacht na hÉireann sa 76 bliain idir 1922 agus 1998, nuair a dúnadh an t-áras deireanach,[4]

In 2024, osclaíodh scéim íocaíochta speisialta le haghaidh daoine a chaith seal in áras máithreacha agus naíonán nó i dteach contae.[5]

Saolaíodh 57,000 páiste sna hárais a fiosraíodh agus bhásaigh duine as gach seachtar acu, ráta báis a bhí i bhfad níos airde ná mar a bhí an ráta náisiúnta ag an tráth sin. Bhí 200 bean aitheanta ag an gCoimisiún a bhásaigh fad a bhí siad ina gcónaí i gceann de na hárais máithreacha agus leanaí nó na hárais chontae a fiosraíodh. An toircheas ba chionsiocair go díreach nó go hindíreach le 57% de na básanna sin.[4]  

Cuireadh 56,000 bean go dtí na hárais sin idir 1922 agus 1998 (agus 25,000 eile nach raibh san 18 'institiúid a bhí á fiosrú). A muintir féin a chuir go leor de na mná sin chun bealaigh mar gheall ar an doicheall a bhí roimh pháistí a rugadh do bhean nach raibh pósta. Bhí 80% de na máithreacha sna hárais idir 18 agus 29 bliain d’aois, cé go raibh máithreacha ann nach raibh ach 12 bliain d’aois agus mná a bhí amach sna 40idí.

Sna 1960idí agus sna 1970idí ba mhó a chuaigh mná isteach sna hionaid sin. Is in Éirinn a cuireadh an líon is mó sa domhan máithreacha isteach sna hionaid sin sa bhfichiú haois.

An chuid is mó de na páistí a saolaíodh sna hárais, uchtaíodh iad agus ba theaghlaigh Chaitliceacha sna Stáit Aontaithe a d’uchtaigh go leor acu agus thugadar síntiúis don dream a rith na hárais.[4][6]

Deirtear sa tuarascáil gurbh iad aithreacha na bpáistí agus muintir na máithreacha ba mhó a bhí freagrach as an drochbhail a cuireadh ar mhná agus leanaí sna hárais. “Ghlac institiúidí an stáit agus na n-eaglaisí leis an drochbhail sin, bhíodar páirteach inti agus thugadar tacaíocht di. Mar sin féin, caithfear a admháil gur chuir na hinstitiúidí seo tearmann ar fáil, dá chruálaí é, nuair nach raibh aon tearmann le fáil sa mbaile.”[4]

Deirtear nach raibh “aon fhoireann ghairmiúil” ag obair sna hárais ach “nárbh aon chabhair don ráta uafásach báis a fhuarchúisí agus a bhíothas coitianta faoin mbail a bhí ar na páistí a rugadh in árais máithreacha agus leanaí”.

Sá Dáil ar 13 Eanáir 2021, ghabh an Taoiseach Micheál Martin leithscéal thar ceann an Stáit leis na daoine a d'fhulaing in árais máithreacha agus naíonán. Dúirt an Taoiseach go raibh cur síos sa tuarascáil ar “chaibidil dhuairc, dhúshlánach agus náireach” i scéal na hÉireann, nach rófhada ar fad ó shin a tharla na heachtraí seo agus go raibh daoine fós ag fulaingt dá mbarr. Cháin an Taoiseach an dearcadh soch-chultúrtha a bhí ann nuair a bhí na hárais i mbarr a réime. Dúirt sé go raibh daoine an-tógtha le moráltacht shaobh reiligiúnda ach ag an am céanna gur thug siad cúl lena n-iníonacha.[7]

Dúirt an Taoiseach gur mhian leis pardún a ghabháil leis an dream a d'fhulaing thar ceann an Rialtais, an Stáit agus a cuid saoránach.[8]

Bhí cáineadh déanta ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar an teanga agus na conclúidí atá sa tuarascáil. Dúirt Connolly gurb é cur chuige an Rialtais i leith na tuarascála ná an milleán a scaipeadh ar theaghlaigh, ar an bpobal agus ar an gcóras ionas nach raibh aon duine freagrach. Chuir Connolly insint an Rialtais ar an tuarascáil i gcosúlacht le ‘tobar fíoruisce’. “Dá mhéad a scaipeann an scaird is lú a bhuaileann aon duine,” ar sí.[9]

Bunaíodh scéim chúitimh do na daoine a d'fhulaing agus iarradh ar na hoird rialta a raibh baint acu le hárais máithreacha agus naíonán cion den chúiteamh a íoc.[4]

Bhí an Coimisiún ag fiosrú na n-áras (á rith ag na siúracha Bon Secours), ó aimsíodh olluaigh i dTuaim i gcontae na Gaillimh agus taisí naíonán agus leanaí adhlactha inti. Rinne staraí áitiúil i dTuaim, Catherine Corless, taighde.[10] Fuair sí amach nach raibh taifead adhlactha ar fáil ach do bheirt den 796 leanbh a raibh teastas báis ann dóibh. Bunaíodh an Coimisiún in 2015 de bharr a cuid taighde.

Príomhalt: Catherine Corless

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Final Report of the Commission of Investigation into Mother and Baby Homes" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  2. "Commission of Investigation into Mother and Baby Homes and Certain Related Matters" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  3. gov.ie (12 Eanáir 2021). "Executive summary". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Tuairisc (13 Eanáir 2021). "‘Éire dhoicheallach fhuar’ – léargas scanrúil ar bhás agus drochíde na nÁras Máithreacha is Leanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-11.
  5. Nuacht RTÉ (2024-03-20). "Scéim chúitimh na n-áras máithreacha agus naíonán oscailte" (as ga-IE). 
  6. Máirtín Ó Catháin (25 Meán Fómhair 2019). "Scéalta faoi uafás leanaí agus máithreacha Thuama inste ag cruinniú Comhairle Contae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  7. ""Loic an Stát ar dhaoine in árais máithreacha agus naíonán"" (as ga) (2021-01-13). 
  8. "Ráiteas an Taoisigh: Tuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin ar Árais Máithreacha agus Naíonán agus ábhair bhainteacha ar leith" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  9. Tuairisc (Eanáir 2021). "‘Ní raibh mise freagrach’ – cáineadh déanta ar léamh ‘patrarcach uasal le híseal’ ar chás na Máithreacha agus Leanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  10. Catherine Corless (2014). "The Home". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-18. Dáta rochtana: 2023.