Loscadh na dílleachtlainne sa Chabhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh na dílleachtlainne sa Chabhán
Íomhá ghaolmhar
Map
 53°59′31″N 7°21′35″W / 53.99191°N 7.35965°W / 53.99191; -7.35965
Cineáltine struchtúr Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae an Chabháin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 24 Feabhra 1943, chuaigh dílleachtlann trí thine i mbaile an Chabháin i lár na hoíche.[1] Scoil saothair Naomh Iosaif an t-ainm ar an dílleachtlann agus ba leis na Cláiríní Bochta í.[2][3]

An tubaiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh 35 cailín, dílleachta uilig, agus bean amháin. Níor tháinig slán as an loisceadh ach naonúr. Léim a bhformhór anuas as fuinneoga arda.

Loisceadh ina mbeatha an chuid is mó. "Druil dóiteáin lochtach, barraíocht doirse faoi ghlas – ina measc doras an staighre éalaithe, seirbhísí mí-éifeachtacha dóiteáin agus níos measa arís, leasc ar na mná rialta na cailíní a chur amach ar an tsráid ar eagla go bhfeicfeadh an pobal iad agus a ngúnaí oíche orthu."[4]

Níor aslonnaigh na mná rialta na cailíní as an bhfoirgneamh. Ní raibh ach gúnaí oíche orthu ag an am, is cosúil. Bhí sé ina ráfla, agus ní raibh ann ach ráfla, go ndúradh leis na cailíní gan a theacht anuas ón seomra ina rabhadar, toisc go raibh siad gléasta i gcultacha oíche agus nár mhian leis na mná rialta go bhfeicfeadh na fir dhóiteán iad.[5]

Rinne go leor daoine sa bhaile tréaniarracht dul isteach le cúnamh a thabhairt. Ba bheag nár chaill fear, John McNally, a shaol san iarracht a rinne sé an tine a mhúchadh.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh cailíní sa dílleachtlann ar chúiseanna éagsúla – mar shampla, dá mba rud é go bhfuair an mháthair bás, measadh nach raibh sé ceart iad a fhágáil faoi chúram a n-athar.[5]

Bhí teach níocháin mar ann huid den dílleachtlann.

Leacht cuimhneacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon leacht cuimhneacháin sa bhaile ar chor ar bith (go dtí 2023 ar aon nós).[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "637. Gléasta don Uaigh: Cabhán" (en). ancroiait (2017-02-25). Dáta rochtana: 2022-02-24.
  2. "SCANNAL The Cavan Fire ***Last in Series*** | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-02-24.
  3. Kate O'Connell, Fine Gael (5 Feabhra, 2018). "'Holy Catholic Ireland was a monstrous hoax'" (as en). 
  4. Aodhán Ó Raghailligh, An tUltach 90 (2), lch 23, 1 Feabhra 2013
  5. 5.0 5.1 5.2 Mairéad Ní Nuadháin (3 Márta 2023). "Ná ligimis i ndearmad mná Mhaighdiléana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.