Pápa Gréagóir XVI
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
(1844, Pálás Versailles) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Gregorius PP. XVI |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (it) Bartolomeo Alberto Cappellari 18 Meán Fómhair 1765 Belluno (Poblacht na Veinéise) |
Bás | 1 Meitheamh 1846 80 bliana d'aois an Róimh |
Áit adhlactha | Baisleac Pheadair Monument to Gregorius XVI (en) Gregorian Chapel (en) |
254 Pápa | |
2 Feabhra 1831 – 1 Meitheamh 1846 ← Pápa Pius VIII – Pápa Pius IX → | |
Cairdinéal | |
21 Márta 1825 – 2 Feabhra 1831 | |
Ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | An Chríostaíocht |
Suíomh oibre | An Róimh Stáit an Phápa |
Gairm | easpag Caitliceach (1831–), sagart Caitliceach (1787–) |
Teangacha | An Laidin agus an Iodáilis |
Ord crábhaidh | Beinidictigh |
Coisreacan | Bartolomeo Pacca |
Ghlac sé/sí páirt i | |
14 Nollaig 1830 | comhthionól cairdinéal 1830–31 |
1829 | comhthionól cairdinéal 1829 |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Ba phápa ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach é Gréagóir XVI idir 1831 agus 1846. Ba mhanach Ceamaldóilíseach é, bráinse dian den Ord Beinidicteach. Bhí cáil air mar choimeádach agus traidisiúineóir nuair a bhí an Eoraip ag dul i dtreo bhliain na réabhlóíde.
Rugadh Bartolomeo Alberto Cappellari sa bhliain 1765 i mBelluna san Iodáil. Chuaigh sé san Ord Ceamaldóilíseach ina óige, ach tháinig aird ar a chumas mar dhiagaire agus mar theangeolaí. Ba eisean ar cheann de na cosantóirí is mó den Pápa tar éis do Napoleon na Stáit Pápúil a ghabhadh. Tar éis teacht ar ais Pius VII don Róimh in 1814, fuair an tAthair Cappellari post i seirbhís na hEaglaise sa Róimh. Rinneadh an Pápa Leo XII cairdinéal dó in 1825. Nuair a thoghadh é mar Phápa in 1831, ní raibh sé ina easpag - ba é an sagart deireanach nár easpag é a thoghadh ina Phápa.
Bhí an Pápa Greagóir coiscrithe ina easpag, a cur tús le pápaireacht fíor-choimeádach. Bhí liobrálaigh ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa agus bhí fuinneamh sna gluaiseachtaí náisiúnta nua. Bhí Greagóir i gcoinne dul chun cinn teicneolaíochta ar nós soilsiú gáis agus na hiarann-róid. Ó thaobh conspóid diaga, chuir sé tosach leis an frith-gníomhú ultramointéanach i gcoinne na Gailiceánaigh, Caitlicigh a sheas ar son saoirse na n-eaglaisí náisiúnta i gcoinne lár-riaradh na heaglaise sa Róimh. I dtosach a réim, bhí liobráiligh sa bhFrainc, ar nós an tAthair Felicité de Lammenais, ar son polasaithe Greagóir i gcoinne na Gailiceánaigh coimeádach i measc cliarlathas na Fraince, ach de réir a chéile, ba léir go raibh Greagóir sa champa caomhach.
Ó thaobh polaitíocht saolta de, cuireadh tús leis an bhfeachtas aontaithe Iodálach. Tháinig na Poblachtaigh radacacha i gcoinne polasaithe an Phápa agus bhí foréigean ann. Bhí an Pápa láidir ina choinne, ach cailleadh riaradh na Stáit Pápúil dá réir, cé go raibh an-chuid gníomhaíochta ar siúl sa Róimh ag an am.