Lantanóidigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iad na lantanóidigh nó na lantainídí na dúile ceimiceacha seo a leanas:

- is é sin, na miotail thearc-chre (na tearcithreacha) lúide an scaindiam agus an t-itriam. Níltear ar aon fhocal, ar chóir an lantanam a áireamh ar na lantanóidigh, ach de ghnáth, tá sé níos praiticiúla ná a mhalairt gan é a ligean ar lár.

Is ionann "na lantanóidigh" agus "na lantainídí". Uaireanta, chloisfeá gurb é an difríocht nach n-áirítear an lantanam féin ar na "lantainídí" ach gurb ionann na "lantanóidigh" agus na lantainídí in éineacht leis an lantanam. Ní thacaíonn polasaí oifigiúil Chumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) i gcúrsaí téarmaíochta leis an tuiscint seo, áfach.

Tá na lantanóidigh go léir sách cosúil le chéile ó thaobh na ceimice de. Miotail bhoga iad ar féidir iad a ghearradh le scian, agus de ghnách, bíonn siad chomh fonnmhar chun imoibriú a dhéanamh le huisce is le haer is go bhfuil sé riachtanach iad a choimeád istigh in argón nó in ola lena chosaint ar an ocsaídiú. Is é +III an staid ocsaídiúcháin is tábhachtaí a bhíonn acu ina gcuid comhdhúl ceimiceach. Mar sin, bíonn sé deacair go minic iad a scaradh ó chéile, agus iad le fáil sna mianraí céanna.

Is gnách "tearcithreacha" nó "miotail thearc-chré" a thabhairt ar na lantanóidigh maille leis an scaindiam agus leis an itriam, mar a chonaic muid, ach níl na lantanóidigh chomh tearc is a shílfeá. Is é an túiliam an ceann is teirce acu, ach tá sé féin níos coitianta ar an Domhan ná an t-iaidín.

Tá eisceacht amháin ann, an próiméitiam. Dúil radaighníomhach é nach bhfuil le fáil sa dúlra ach go fíor-annamh. Sa bhliain 1964, d'aithin an t-ollamh Fionlannach Olavi Erämetsä iarsmaí beaga próiméitiam in eiseamal apaitíte ó Leithinis Kola i dtuaisceart na Rúise.

Bíonn na lantanóidigh úsáideach go maith sa teicneolaíocht. Is féidir leas a bhaint as an gcuid is mó acu sa ghléasra léasair. Úsáidtear sna tiontairí catalaíocha, sna scaglanna artola, sna buanmhaighnéid, sa tionsclaíocht ghloine, sa chriadóireacht, sa mhiotalóireacht agus ar a lán dóigheanna eile iad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]