Gadailiniam
| Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
|---|---|
| Gadailiniam sa tábla peiriadach | |
| Siombail cheimiceach | Gd |
| Uimhir adamhach | 64 |
| Mais adamhach | 157.249 agus 157.25 |
| Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
| Airíonna fisiceacha | |
| Dlús | kg/m⁻³ |
| Leictridhiúltacht | 1.2 |
| Ga ianach | 0.94 agus 1.05 |
| Stair | |
| Aimsitheoir | Jean Charles Galissard de Marignac |
| Fionnachtain | 1880 |
| Eapainm | Johan Gadolin |
Is é an gadailiniam[1] dúil uimhir a 64, agus Gd an giorrúchán a fheictear sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na lantanóidigh é. Fuair sé a ainm ón gceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin, a raibh an-ról aige i dtaighde ceannródaíoch na miotal tearc-chré. Ba é an ceimiceoir Francach Paul Émile François Lecoq de Boisbaudran ba thúisce a d'aonraigh ocsaíd an ghadailiniam ó ocsaídí na lantanóideach eile, thiar sa bhliain 1886, ach ní rabhthas ábalta an miotal féin a aonrú ach le déanaí. Tá an gadailiniam in ann radaíocht neodrón a stopadh go héifeachtach, agus mar sin, úsáidtear mar sainsciath chosanta in aghaidh neodrón é. Úsáidtear gadailiniam san íomháú athshondais mhaighnéadaigh, teicníocht déanta íomhánna a cheadaíonn do na dochtúirí taighde a dhéanamh ar struchtúr inmheánach an choirp gan dul i dtuilleamaí radaíochta.
Is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don ghadailiniam ina chuid comhdhúl. Mar sin, is lantanóideach tipiciúil é.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““gadailiniam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.
| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |