Itéirbiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachItéirbiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Itéirbiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachYb
Uimhir adamhach70
Mais adamhach173.045
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.1
Ga ianach1.02, 1.14, 0.99 agus 1.04
Stair
AimsitheoirJean Charles Galissard de Marignac
Fionnachtain1878
EapainmYtterby mine (en) Aistrigh
Itéirbiam-3

Is é an t-itéirbiam dúil cheimiceach uimhir a 70, agus is é is siombail dó ná Yb. Fuair sé a ainm ó Ytterby, sráidbhaile sa tSualainn a raibh an-ról aige i dtaighde na miotal tearc-chré. Ceann acu siúd é an t-itéirbiam, ós lantanóideach é. Tá sé le fáil sa mhonaisít, sa xéinitím, san eoixéinít agus sa ghadailinít. Miotal bog é a bhfuil loinnir an airgid ghil ann. Tagann an chuid is mó den itéirbiam tráchtála as an tSín, as na Stáit Aontaithe, as an mBrasaíl, as Srí Lanca, as an India agus as an Astráil.

Ba é an ceimiceoir Francach Jean Charles Galissard de Marignac ba thúisce a thuig gur dúil ar leith a bhí san itéirbiam, thiar sa bhliain 1878. Ní raibh sé in ann, áfach, an dúil féin a aonrú. Is éard a rinne sé ná an ocsaíd itéirbiam a aithint agus a ainmniú. Itéirbia a thug sé ar an ocsaíd, agus is as seo a fuarthas ainm an mhiotail féin ní ba déanaí. Sa bhliain 1907, áfach, d'aithin ceimiceoir Francach eile, gur dhá shubstaint a bhí i gceist leis an itéirbia, is é sin, ceann ar thug sé nua-itéirbia air, agus ceann eile, ar bhaist sé an t-ainm "lúitéitia" air. Ba í an itéirbia, nó an nua-itéirbia, an ocsaíd itéirbiam, agus ba í an lúitéitia an ocsaíd lúitéitiam. Thaispeáin an speictream gur dhá dhúil a bhí i gceist leis an itéirbiam agus leis an lúitéitiam, ach níor haonraíodh an dúil féin ach sna 1950idí, le teacht na teicneolaíochta ianmhalartaithe.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an itéirbiam: itéirbiam a 168 (0.13 % d'itéirbiam an dúlra, itéirbiam a 170 (3.04 %), itéirbiam a 171 (14.28 %), itéirbiam a 172 (21.83 %), itéirbiam a 173 (16.13 %), itéirbiam a 174 (31.83 %), agus itéirbiam a 176 (12.76 %). Dealraíonn sé go bhfuil siad go léir cobhsaí, agus is iseatóip shaorga iad go léir na cinn radaighníomhacha, nó is é itéirbiam a 169 an ceann is cobhsaí acu, agus é féin 32 lá ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is réidhe a thagann ar an iseatóp seo agus ar na raidiseatóip leatroma eile atá ag an itéirbiam ná an leictreonghabháil; na raidiseatóip is troime, áfach, is é an béite-mheath a thagann orthusan.

Sna comhdhúile, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla, mar is dual don lantanóideach. Tá uimhir ocsaídiúcháin eile ag an itéirbiam freisin, mar atá, +II, agus na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an itéirbiam bíonn siad an-chosúil le comhdhúile an chailciam.

Úsáidtear itéirbiam mar chineál breiseán nó "dópán" le saintréithe fisiceacha an iarainn a fheabhsú. Thairis sin, baintear úsáid as i ngléasra léasair.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]