Praiséidimiam
| Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
|---|---|
| Praiséidimiam sa tábla peiriadach | |
| Siombail cheimiceach | Pr |
| Uimhir adamhach | 59 |
| Mais adamhach | 140.90766 |
| Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
| Airíonna fisiceacha | |
| Dlús | 6.773 kg/m⁻³ |
| Leáphointe | 1,208 |
| Fiuchphointe | 3,403 |
| Leictridhiúltacht | 1.13 |
| Ga ianach | 0.99, 1.13, 0.85 agus 0.96 |
| Stair | |
| Aimsitheoir | Carl Gustaf Mosander |
| Fionnachtain | 1841 |
| Eapainm | glas agus cúpla |
Is é an praiséidimiam dúil uimhir a 59, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Pr. Ceann de na miotail tearc-chré agus ceann de na lantanóidigh atá ann. Miotal insínte é agus loinnir an airgid ann, ach nuair a imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, tiocfaidh smúit uaine ocsaíde air. In imeacht ama, titfidh an ocsaíd ina scraitheanna den mhiotal, ionas gur féidir leis an ocsaigin tuilleadh dochair a dhéanamh don mhiotal féin. Mar sin, is gnách an praiséidimiam a choinneáil i gcoimeádán lán ola, ionas nach dtiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer.
Maidir leis an ainm, tá sé curtha le chéile as dhá fhocal Gréigise a chiallaíonn "uaine" agus "leathchúpla". Sa bhliain 1841, d'aithin an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander miotal nua (mar a shíl sé) ar bhaist sé an t-ainm didimiam air (as an bhfocal Gréigise didymos a chiallaíonn "leathchúpla"). Sa bhliain 1874, áfach, tháinig Per Theodor Cleve gur dhá dhúil a bhí i gceist leis an didimiam, mar atá, an praiséidimiam agus an neoidimiam.
Imoibríonn an praiséidimiam go fonnmhar le huisce, ionas go gcruthaítear hiodrocsaíd praiséidimiam, Pr(OH)3. Mar a fheicimid anseo, is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá aige ná +3, agus sin í an staid ocsaídiúcháin atá aige sna halaiginídí freisin a chruthófar nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil le halaiginí: an trífhluairíd PrF3, an tríchlóiríd PrCl3, an tríbhróimíd PrBr3, agus an trí-iaidíd PrI3. Maidir leis an ocsaíd a chruthaítear faoi thionchar an aeir, is meascán í as an tríocsaíd dé-phraiséidimiam Pr2O3 agus an dé-ocsaíd praiséidimiam PrO2.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an bpraiséidimiam, mar atá: praiséidimiam a 141.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |