Próiméitiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPróiméitiam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Próiméitiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPm
Uimhir adamhach61
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.13
Ga ianach0.97 agus 1.09
Stair
AimsitheoirJacob Akiba Marinsky, Lawrence E. Glendenin agus Charles D. Coryell
Fionnachtain1945
EapainmProiméitéas

Ceann de na lantanóidigh is ea an próiméitiam (Pm an tsiombail cheimiceach) agus é ar an t-aonú dúil is trí scór sa tábla peiriadach. Dúil radaighníomhach atá ann, cé go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na miotail thrasúránacha - níl oiread is aon iseatóp amháin aige nach mbeadh radaighníomhach. Is é 145Pm an t-iseatóp is cobhsaí atá aige, ach níl sé féin fadsaolach - tá sé beagnach ocht mbliana déag ar leathré.

Bíonn iarsmaí beaga próiméitiam le fáil sa dúlra, de thoradh eamhnú spontáineach an úráiniam. I lár na seascaidí mhaígh an tOllamh Fionlannach Olavi Erämetsä gur tháinig sé ar phróiméitiam in eiseamal apaitíte ó Leithinis Kola in iarthuaisceart na Rúise.

Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta ag an bpróiméitiam ina chuid comhdhúl, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é. Miotal lonrach é go bunúsach, ach nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer, gheobhaidh sé brat ocsaíde de réir a chéile - is í an trí-ocsaíd dé-phróiméitiam atá ann, nó Pm2O3. Nuair a théifear próiméitiam suas go 150 °C, rachaidh sé trí thine, ionas go bhfaighfear an ocsaíd chéanna.

Úráininít, mian úráiniam, an t-óstach don chuid is mó de phróiméitiam an Domhain

Tá an próiméitiam sách leictridheimhneach - is é sin, tá sé de chlaonadh ann na fiúsleictreoin a thabhairt ar iasacht do dhúile níos leictridhiúltaí agus lucht deimhneach leictreachais a ghlacadh chuige sna comhdhúile. Mar sin, nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an uisce, imoibreoidh sé leis, ionas go gcruthófar hiodrocsaíd, Pm(OH)3. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó sna comhdhúile seo go léir ná +III: an trífhluairíd PmF3, an tríchlóiríd PmCl3, an tríbhróimíd PmBr3, an trí-iaidíd PmI3.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]