Fiús (leictreach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
fiús

Feiste sábháilteachta leictreach a chosnaíonn ciorcad is gléas leictreach ó shruthanna iomarcacha a théifeadh an gléas agus a d'fhéadfadh tine a adhaint. Is é atá i bhfiús ná píosa gairid sreinge de chóimhiotal sádair a leáfadh leis an teas a ghinfeadh méid áirithe srutha tríthi.

Nuair a leánn an fiús, scoirtear an ciorcad agus stadtar an sruth. Bíonn na fiúis grádaithe in aimpéir. Mar shampla, más 20 A an grádú ar an bhfiús, is amhlaidh a scoirtear an ciorcad nuair a ardaítear an sruth tríd an bhfiús go dtí 20 A. Cosaint ar ró-ualach ar an gciorcad atá i gceist anseo.

Ní farasbarr gléas is bun le ró-ualach ach farasbarr srutha iomláin, agus is féidir go dtarlóidh a leithéid trí mhí-úsáid nó fabht éigin sa chiorcad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fiús". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.