Samairiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSamairiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Samairiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSm
Uimhir adamhach62
Mais adamhach150.36
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.17
Ga ianach1.19, 1.27, 0.96, 1.08 agus 1.24
Stair
AimsitheoirPaul-Émile Lecoq de Boisbaudran
Fionnachtain1879
Eapainmsamarskite-(Y) (en) Aistrigh

Is é an samairiam dúil uimhir a 62, agus is é Sm an tsiombail cheimiceach. Lantanóideach agus miotal tearc-chré atá ann, agus fuair sé a ainm ón mianra inar haithníodh é, mar atá, an tsamairscít, a bhí ainmnithe as Vasili Samarski-Bykhovets, innealtóir mianadóireachta ón Rúis. Tá loinnir gheal sa samairiam i ndiaidh a ghearrtha, ach má fhágtar faoi thionchar an aeir é, tiocfaidh smúit ocsaíde air agus é ag titim ina púdar den mhiotal. Is gnách samairiam a choinneáil i dtaisce in argón mar sciath chosanta ar ocsaigin an aeir.

Dúil leictridheimhneach é an samairiam - is é sin, tá sé araiciseach chun imoibriú leis na hocsaídeoirí, ionas go n-iompóidh na hadaimh samairiam ina hiain a bhfuil lucht leictreach deimhneach (+) acu. Le fírinne imoibreoidh sé leis an uisce féin, ionas go bhfoirmeofar an trí-hiodrocsaíd samairiam Sm(OH)3. Mar a léiríonn an sampla seo, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an samairiam ina chuid comhdhúl, cosúil lena lán miotal tearc-chré eile. Tá comhdhúile samairiam(+II) ann freisin, áfach. Mar shampla, tá dhá chineál halaiginídí ag an samairiam: na déhalaiginídí (défhluairíd samairiam SmF2, déchlóiríd samairiam SmCl2, débhróimíd samairiam SmBr2 agus dé-iaidíd samairiam SmI2) agus na tríhalaiginídí (trífhluairíd samairiam SmF3, tríchlóiríd samairiam SmCl3, tríbhróimíd samairiam SmBr3 agus trí-iaidíd samairiam SmI3). Sna déhalaiginídí tá an uimhir ocsaídiúcháin +II ag an samairiam.

Úsáidtear samairiam, nó meascán miotal tearc-chré a bhfuil samairiam ann, i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha. Is éard atá i gceist leis na riailmhaidí ná maidí atá suite idir na maidí breosla, agus iad á n-ardú is á n-ísliú de réir mar a theastaíonn ó fhoireann maolú ar an imoibriú núicléach, nó luas a chur leis. Thairis sin, áfach, baintear leas as samairiam ar a lán dóigheanna eile: mar shampla, déantar maighnéid as meascán an tsamairiam agus an chóbailt, agus déantar gloine speisialta as an ocsaíd samairiam - gloine atá in ann solas infridhearg a shú isteach.

Tá samairiam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp cobhsaí, mar atá, 144Sm (3.07 % de shamairiam an dúlra), 150Sm (7.38 % de shamairiam an dúlra), 152Sm (26.75 % de shamairiam an dúlra, an t-iseatóp is flúirsí) agus 154Sm (22.75 % de shamairiam an dúlra), agus trí raidiseatóp atá as pabhar fadsaolach, mar atá, 147Sm (1.06×1011 bliain ar leathré, 14.99 % de shamairiam an dúlra), 148Sm (7×1015 bliain ar leathré, 11.24 % de shamairiam an dúlra) agus 149Sm (>2×1015 bliain ar leathré, 13.82 % de shamairiam an dúlra).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]