Scaindiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachScaindiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Scaindiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSc
Uimhir adamhach21
Mais adamhach44.955907
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d¹ 4s² agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 3
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe1,540.85
Fiuchphointe2,836.85
Leictridhiúltacht1.36
Ga ianach0.75 agus 0.87
Stair
AimsitheoirLars Fredrik Nilson
Fionnachtain1879
EapainmCríoch Lochlann

Is é an scaindiam an t-aonú dúil fichead i dtábla peiriadach na ndúl, agus is í Sc an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Tá an scaindiam ainmhithe as Críoch Lochlann, nó Scandia as Laidin, agus is miotal trasdultach é a bhfuil loinnir an airgid ghil ann. Go stairiúil, ba nós an scaindiam a rangú mar thearcithir in éineacht leis na lantainídí agus an itriam. Ba iad Lars Fredrik Nilson agus a fhoireann a d'aithin an scaindiam mar dhúil ar leith, thiar sa bhliain 1879, nuair a bhí siad ag déanamh taighde ar shamplaí eoixéiníte agus gadailiníte ó Chríoch Lochlann.

Bíonn an scaindiam ar fáil in éineacht leis na miotail tearc-chré eile agus leis an úráiniam, ach is beag fosú atá chomh saibhir is go mbacfadh lucht mianadóireachta leis. Níor haonraíodh an scaindiam mar mhiotal roimh an mbliain 1937 (ar an speictream amháin a d'aithin Nilson é). Sna 1970idí, áfach, d'aithin na hinnealtóirí go raibh sé úsáideach scaindiam a mheascadh tríd an alúmanam, nó ar an dóigh sin, gheofaí cóimhiotal a bhí an-oiriúnach do dhéantús na n-eitleán. Mar sin féin, ní bhaintear mórán leasa as an scaindiam inniu féin, ós rud é go bhfuil sé costasach scaindiam a aonrú go miotal.

Níl ach aon iseatóp nádúrtha amháin ag an scaindiam, is é sin, 45Sc. Is é 46Sc an raidiseatóp is cobhsaí atá ag an scaindiam, ach tá leathré sách gairid aige féin, mar atá, 83.8 lá.

Is miotal geal é an scaindiam, go bunúsach, ach má oibríonn an t-aer air, tiocfaidh dath gealbhuí nó pinc air. Níl an scaindiam díonta ar an síonchaitheamh ná ar na haigéid, nó tuaslagtar in uiscealach aigéid é. Scéal eile, áfach, nach féidir scaindiam a chreimeadh le meascán 1:1 as aigéad nítreach HNO3 agus aigéad hidreafluarach HF. Dealraíonn sé go dtagann brat éighníomhach ar dhromchla an chriostail scaindiam sa mheascán seo.

Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an scaindiam. Is féidir leis an trí-ocsaíd dé-scaindiam Sc2O3 agus leis an hiodrocsaíd scaindiam Sc(OH)3 gnó an aigéid laig a dhéanamh sa tuaslagán uisce.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]