Dúil Ghrúpa 3

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Dúilghrúpa 3 an chéad ghrúpa de mhiotail trasdultach sa tábla peiriadach. Tá dlúthbhaint ag an ngrúpa seo leis na dúile tearc-chré. Cé go bhfuil conspóid éigin ann maidir le comhdhéanamh agus socrúchán an ghrúpa seo, ina measc siúd a dhéanann staidéar ar an ábhar, comhaontaítear go ginearálta go bhfuil na ceithre dúil scaindiam (Sc), itriam (Y), lúitéitiam (Lu), agus láirinciam (Lr) sa ghrúpa seo. Tugtar an grúpa scaindiam nó an teaghlach scandium ar an ngrúpa freisin, in ndiaidh an bhaill is éadroime.