Láirinciam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachLáirinciam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Láirinciam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachLr
Uimhir adamhach103
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.3
Stair
AimsitheoirAlbert Ghiorso
Fionnachtain14 Feabhra 1961
EapainmErnest Orlando Lawrence

Is é an láirinciam dúil cheimiceach uimhir a 103, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Lr. Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin, is dúil throm thrasúránach é.

Ba é an fisiceoir Albert Ghiorso ba thúisce a chruthaigh adaimh láirinciam, ar an 14 Feabhra 1961. Fuair an dúil a hainm ón tsaotharlann ina raibh Ghiorso agus a fhoireann ag obair, mar atá, Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley in Ollscoil California. Is í an teicníocht a bhí in úsáid ag Ghiorso agus a chuid cúntóirí ná targaid trí mhilleagram a raibh trí iseatóp calafoirniam inti a bhombardú le núicléis bhóróin ar cuireadh luas fúthu i Luasaire Líneach na dTromian (Heavy-Ion Linear Accelerator). Ghiorso agus a fhoireann a cheap an t-ainm don láirinciam, agus is é an giorrúchán a mhol siad ná Lw; bhí Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) sásta leis an ainm, ach d'athraigh an cumann an tsiombail cheimiceach go Lr.

Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an láirinciam. Is é an ceann is cobhsaí atá ann ná láirinciam a 262, ach tagann an meath radaighníomhach ar an gceann sin féin sách sciobtha, nó tá sé timpeall ar 3.6 uair an chloig ar leathré. Mar sin, níl sé furasta taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an láirinciam, ach is é an tátal a bhaineann na ceimiceoirí as go bhfuil sé cosúil go leor leis an lúitéitiam atá suite os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl. Bhí na saineolaithe in ann ocsaíd láirinciam Lr2O3 a tháirgeadh, rud a thugann le fios gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an láirinciam ina chuid comhdhúl. Ní thagann sin aniar aduaidh ar aon duine, ós é seo an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh araon.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]