Itriam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachItriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Itriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachY
Uimhir adamhach39
Mais adamhach88.905838
Cumraíocht leictreon[Kr] 4d¹ 5s²
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 3
Airíonna fisiceacha
Dlús4.47 kg/m⁻³
Leáphointe2,732
Fiuchphointe5,301
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.9, 1.02 agus 1.08
Stair
AimsitheoirJohan Gadolin agus Friedrich Wöhler
Fionnachtain1787
EapainmYtterby mine (en) Aistrigh

Is é an t-itriam dúil uimhir a 39 i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an giorrúchán a sheasann dó ná Y, agus é 88.905859(2) g mol-1 ar mheáchan adamhach. Miotal trasdultach atá ann agus é geal miotalach ina chosúlacht, ar nós an airgid. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis na lantainídí, agus is gnách é a aicmiú mar mhiotal tearc-chré, in éineacht leis na lantainídí agus an scaindiam. Bíonn sé ar fáil sna mianraí céanna leis na miotail tearc-chré eile - mianraí a dtugtar tearcithreacha orthu. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aige, 89Y, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.

Fuair an t-itriam a ainm ó Ytterby, sráidbhaile beag sa tSualainn. Trí dhúil eile a bhfuil a n-ainmneacha bunaithe ar Ytterby is ea iad teirbiam, itéirbiam, agus eirbiam. Miotail tearc-chré iad go léir. Ba é an ceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin a d'aithin an chéad uair gur dúil ar leith a bhí i gceist leis an itriam, sa bhliain 1794. Thit sé ar chrann an cheimiceora Ghearmánaigh Friedrich Wöhler an dúil nua a aonrú ina miotal glan, sa bhliain 1828.

Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an itriam, cosúil lena lán miotail tearc-chré eile. Le fírinne, is ar éigean is féidir uimhreacha ocsaídiúcháin eile a aithint aige. Comhdhúile tipiciúla iad an trí-ocsaíd dé-itriam, Y2O3, an trífhluairíd itriam YF3, an tríchlóiríd itriam YCl3 agus an tríbhróimíd itriam YBr3. Amach ón bhfluairíd agus ón ocsaláit, bíonn na salainn itriam sothuaslagtha san uisce - an níotráit itriam Y(NO3)3, an tsulfáit itriam Y2(SO4)3, an trí-iaidíd itriam YI3 san áireamh.

Cé go dtugtar "miotal tearc-chré" ar an itriam, níl sé chomh tearc sa dúlra is a shílfeá: tá sé ar an 28ú dúil is coitianta i screamh an Domhain, agus é 400 oiread níos coitianta ná an t-airgead geal. Tá sé deacair itriam a dhealú ó na lantainídí, go háirithe na lantainídí troma, bíodh is go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na lantainídí go léir. Is iad na mianraí is tábhachtaí mar fhoinse itriam ná an mhonaisít, an xéinitím, an tsamairscít agus an fheargasainít.

Is iomaí úsáid a bhaintear as an itriam: le dath dearg a chruthú sna teilifíseáin daite; i leictreoidí na spréachphlocóidí; agus i gcóimhiotail - le cúpla sampla a lua.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]