Teirbiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTeirbiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Teirbiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTb
Uimhir adamhach65
Mais adamhach158.925354
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.2
Ga ianach0.92, 1.04, 0.76 agus 0.88
Stair
AimsitheoirCarl Gustaf Mosander
Fionnachtain1843
EapainmYtterby mine (en) Aistrigh

Is é an teirbiam dúil cheimiceach uimhir a 65, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Tb. Ceann de na lantanóidigh é, agus cosúil le trí lantanóideach eile fuair sé a ainm ó Ytterby sa tSualainn, áit a raibh an-ról aici i bhfionnachtain na lantanóideach.

Miotal lonrach é an teirbiam agus é chomh bog is gur féidir é a ghearradh le scian. Níl teacht ar an teirbiam glan sa dúlra, ach cé gur ceann de na "tearcithreacha" é, níl sé róthearc i ndiaidh an iomláin. Tá teirbiam le fáil in éineacht leis na tearcithreacha eile i mianraí cosúil leis an monaisít, an bhastnaeisít, an xéinitím agus an eoixéinít. Is as an tSín is mó a thagann an teirbiam atá le ceannach ar an margadh domhanda.

Ba é an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander ba luaithe a d'aithin an teirbiam mar dhúil ar leith. Rinne sé taighde ar ocsaíd itriam Y2O3 agus fuair sé amach go raibh an ocsaíd truaillithe le dúil anaithnid - teirbiam a bhí ann. Níor éirigh le haon cheimiceoir teirbiam a aonrú mar dhúil ghlan ach réasúnta deireanach, nuair a tháinig modhanna nua-aimseartha ianmhalartaithe ar an bhfód. Tá an t-itriam, an teirbiam agus an diospróisiam an-chosúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus mar sin bíonn sé deacair iad a dhealú ó chéile.

Níl ach aon iseatóp nádúrtha cobhsaí amháin ag an teirbiam, mar atá, teirbiam a 159 (159Tb). Is é an t-iseatóp radaighníomhach is fadsaolaí dá bhfuil aige ná teirbiam a 158, agus é céad agus ceithre scór bliain ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is minicí a thagann ar theirbiam a 158 ná an leictreonghabháil.

Dúil sách leictridheimhneach é an teirbiam, is é sin, is dual dó a chuid fiúsleictreon a thabhairt uaidh go réidh agus iain dheimhneacha a dhéanamh. Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +III agus +IV, agus mar is dual don lantanóideach thipiciúil is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta. Tá an uimhir eile aige sa dé-ocsaíd, TbO2, agus sa teitreafhluairíd, TbF4. Ní mhaireann ach an teirbiam trífhiúsach sa tuaslagán uisce, áfach.

Imoibríonn an teirbiam leis an uisce le hiodrocsaíd teirbiam Tb(OH)3, a dhéanamh. Is féidir é a dhó go hocsaíd mheasctha ina bhfuil idir teirbiam trífhiúsach agus teirbiam teitrifhiúsach, mar atá, Tb4O7.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]