Diospróisiam
Diospróisiam | |
Siombail Cheimiceach | Dy |
Uimhir Adamhach | 66 |
Meáchan Adamhach | 162.500g·mol-1 |
Grúpa, Peiriad | NA, 6, f |
Dlús | 8.54 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Lantanóidigh |
![]() |
Is é an diospróisiam dúil cheimiceach uimhir a 66, agus is é Dy an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na tearcithreacha é, ós lantanóideach é. Miotal é a bhfuil loinnir gheal ann, ach ní féidir teacht air ach i gcomhdhúile sa dúlra. Tá sé bog insínte, agus is féidir é a ghearradh le scian agus a oibriú gan drithlí a dhéanamh.
Tá diospróisiam ar fáil i mianraí éagsúla, xéinitím mar shampla, ach is í an mhonaisít an fhoinse is tábhachtaí.
Tá an diospróisiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp, mar atá: diospróisiam a 156 (0.06 % de dhiospróisiam an dúlra), diospróisiam a 158 (0.10 %), diospróisiam a 160 (2.34 %), diospróisiam a 161 (18.91 %), diospróisiam a 162 (25.51 %), diospróisiam a 163 (24.90 %), agus diospróisiam a 164 (28.18 %). Iseatóip chobhsaí iad seo, ach amháin an chéad cheann acu, nó tagann alfa-mheath air. Tá leathré chomh fada aige, áfach, is gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.
Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran ba luaithe a d'aithin gur dúil ar leith a bhí sa diospróisiam, thiar sa bhliain 1886, ach níor haonraíodh an chéad eiseamal den mhiotal seo ach sna 1950idí, nuair a tháinig na modhanna oibre nua-aimseartha ianmhalartaithe ar an bhfód.
Má fhágtar diospróisiam faoin aer, tiocfaidh brat ocsaíde air - Dy2O3. Imoibreoidh sé leis an uisce fosta, agus é ag déanamh hiodrocsaíd diospróisiam Dy(OH)3. Mar is léir ó na samplaí seo, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is dual don diospróisiam, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é.
Úsáidtear diospróisiam i ngléasra léasair, i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha, i bhfoinsí radaíochta infridheirge, i ndáileogmhéadair (ionstraimí le dáileog radaíochta an duine a thomhas), agus ina lán feidhmeanna teicneolaíocha eile.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Diospróisiam. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |