Ceiriam
Ceiriam | |
Siombail Cheimiceach | Ce |
Uimhir Adamhach | 58 |
Meáchan Adamhach | 140.116 g·mol−1 |
Grúpa, Peiriad | NA, 6, f |
Dlús | 6.770 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Lantanóidigh |
![]() |
Is é an ceiriam dúil uimhir a 58, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ce. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin, rangaítear ar na tearcithreacha é, ach níl sé chomh tearc sin - le fírinne, is é an lantanóideach is flúirsí ar an Domhan é. Cosúil leis na miotail tearc-chré eile, tá sé ar fáil sa bhastnaeisít agus sa mhonaisít. Fuair sé a ainm ó Ceres, an t-abhacphláinéad.
Is iomaí leas a bhaintear as sa tionsclaíocht agus san innealtóireacht. Cuirtear trí-ocsaíd dé-cheiriam, nó Ce2O3 le breosla díosail leis an dóiteán inmheánach a chatalú agus foirmiú na haonocsaíde carbóin CO a chosc. Maidir leis an dé-ocsaíd ceiriam, CeO2, úsáidtear é le snas agus loinnir a chur ar na lionsaí optúla. Is féidir ocsaídí ceiriam a mheascadh tríd an ngloine féin, nó athraíonn siad comhéifeacht athraonta na gloine. Níl anseo ach cúpla sampla de chomh húsáideach is a bhíonn an ceiriam, dáiríre, nó is dúil ardtábhachtach é san innealtóireacht.
Miotal is ea é a bhfuil loinnir an airgid ann, ach is dí-ocsaídeoir láidir é agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis na substaintí eile. Mar sin, tagann smúit ocsaíde air go sciobtha agus é ag imoibriú le hocsaigin an aeir. Níl ról ná páirt aige i mbithcheimic an orgánaigh, ach ní féidir a rá gur nimh láidir chumhachtach a bheadh ann ach an oiread. Scéal eile ar fad é go mbíonn céatadán éigin den tóiriam radaighníomhach measctha tríd an gceiriam a bhíonn ar díol, rud a chuireann le nimhiúlacht an cheiriam, ar ndóigh.
Tá ceiriam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp: ceiriam a 136 (0.185 % den cheiriam nádúrtha), ceiriam a 138 (0.251 %), ceiriam 140 (88.45 %) agus ceiriam a 142 (11.114 %).[1] Tugann na teoiricí le fios gur féidir go bhfuil na hiseatóip 136Ce agus 142Ce radaighníomhach - go dtagann béite-mheath dúbailte orthu - ach níor aithin aon duine radaíocht ar bith ag teacht astu, agus mar sin, más radaighníomhach féin atá siad, níl tábhacht phraiticiúil ar bith leis an radaighníomhaíocht sin - tá an leathré chomh fada.
Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an gceiriam ina chuid comhdhúl ná +3 agus +4. Bíonn dath láidir dearg nó buí sna comhdhúile ceireacha (ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin + 4 ag an gceiriam), agus na comhdhúile ceiriúla (+3) bíonn siad bán nó liath. Is í an ocsaíd cheireach, nó an dé-ocsaíd, CeO2, an chomhdhúil is coitianta. Amach ón dá staid ocsaídiúcháin sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +2 ag an gceiriam i gcúpla comhdhúil, mar atá, an dé-hidríd ceiriam CeH2, an aonsuilfíd ceiriam CeS, agus an dé-iaidíd ceiriam CeI2.
Tá an dá staid ocsaídiúcháin an-difriúil le chéile ó thaobh na bunatachta de: bun réasúnta láidir is ea ceiriam (III), cosúil le hiain thrífhiúsacha na lantanóideach eile, ach is bun sách lag é ceiriam (IV). Cuireann an dara staid ocsaídiúcháin ar chumas na gceimiceoirí an ceiriam a dhealú ó na lantanóidigh eile cuibheasach furasta.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Ceiriam |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |