John Cage

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Cage
Opdracht GPD componist John Cage , kop, Bestanddeelnr 934-2728.jpg
Saol
Eolas breitheGood Samaritan Hospital (en) Aistrigh, Los Angeles agus Los Angeles, 5 Meán Fómhair 1912, 5 Deireadh Fómhair 1912
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásNua-Eabhrac, 12 Lúnasa 1992, 2 Lúnasa 1992
Cúis bháisbás nádúrtha (stróc)
Muintir
MáthairCrete Cage
Céile/CéilíXenia Cage  (1935 -  1945)
Páirtí/PáirtitheMerce Cunningham
Oideachas
Alma materOllscoil California, Los Angeles
Los Angeles High School (en) Aistrigh 1928)
Teangachaan Béarla
MúinteoiríFannie Charles Dillon
Arnold Schoenberg
Henry Cowell
Adolph Weiss
Richard Buhlig
Mic léinnGita Sarabhai
Gairm
Gairmcumadóir, scríbhneoir, ceoltóir, file, múinteoir ollscoile, ceoleolaí, fealsamh, péintéir, teoiricí ceoil, maisitheoir, maisitheoir, míceolaí agus amharc-ealaíontóir
Áit oibreAn Eoraip agus Nua-Eabhrac
FostóiríOllscoil Wesleyan
Saothar iomráiteachThe Perilous Night (en) Aistrigh
Two² (en) Aistrigh
In the Name of the Holocaust (en) Aistrigh
Bacchanale (en) Aistrigh
4′33″ (en) Aistrigh
Sonatas and Interludes (en) Aistrigh
ORGAN²/ASLSP (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá
The 8th Street Club (en) Aistrigh
New York Mycological Society (en) Aistrigh
North American Mycological Association (en) Aistrigh
International Society for Contemporary Music (en) Aistrigh
GluaiseachtFluxus (en) Aistrigh
ceol clasaiceach na 20ú haoise
SloinnteCage, Jr., John Milton
Gluaiseacht ealaínealeatoric music (en) Aistrigh
ceoldráma
ceol clasaiceach
ceol leictreonach
ceol turgnamhach
Musique concrète
ceol avant-garde
taibhealaín
ceol clasaiceach na 20ú haoise
Uirlis cheoilpianó
Lipéad ceoilECM Records
Cleamhnú
ReiligiúinZen
IMDbnm0128509
johncage.org
Discogs ID26955
Cage signature.svg

Cumadóir ceoil "avant garde" ab ea John Milton Cage (a rugadh i Los Angeles, California; 5 Meán Fómhair 191212 Lúnasa 1992). Bhain Cage feidhm as leictreonaic agus an pianó ullmhaithe (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa ghléas).

Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a fhuaimneoidh an ceol roimh ré[1]. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.

Sonata III ó Sonatas and Interludes, John Cage

Tost[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Cage tástálacha le tost, inar bhain úsáid as dísle chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú. 4‟ 33” is teideal do phíosa a chum John Cage. Sa phíosa seo níl ann ach seinnteoir amháin, ag an phianó, agus suíonn an seinnteoir ag an uirlis ar feadh 4 nóiméad 33 soicind. Ní sheinntear nóta ná ní dhéantar aon fhuaim faoi leith[2].

Ba é an smaoineamh a bhí ag Cage ná gurb é ceol an tsaoil nó ceol na beatha féin a bhí le cluinstin ag an lucht éisteachta. Mar sin b‟fhéidir go mbeadh duine amháin ag casachtaí, nó gíoscán ó shuíochán le brath agus ba iad na fuaimeanna seo, measctha leis an tost, an t-aonad ar a thug an cumadóir 4‟ 33”.


Ceol Éireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1979, léirigh Cage scór dár teideal “Roaratorio, an Irish Circus on Finnegan’s Wake”. Léigh Cage sliochtanna ó Finnegans Wake de chuid James Joyce le tionlacan ceoil ó cheoltóirí traidisiúnta, ina measc Seamus Ennis, Paddy Glackin, Joe Heany agus Mel Mercier[3].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ceol don Ardteist, COGG
  2. Fonn Ceoil: Ceol don Teastas Sóisearach, Sinéad Ní Fhathaigh agus Deirdre Ní Chaomhánaigh, COGG
  3. BBC http://www.bbc.co.uk/programmes/p0108t6w
Síniú John Cage