Tost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríofa ag Seán Ó Ríordáin agus foilsithe ins an leabhar Brosna

Is fada mise amuigh,
Is fada mé im thost,
Is nach fios nach amhlaidh bheigh go deireadh scríbe;
Ní cuimhin liom go baileach,
Dá mhéad a mhachnaím air,
Car leagas uaim an eochair oíche ghaoithe;
Tá m'aigne fé ghlas,
Níl agam cead isteach
le go ríordánóinn an farasbarr neamhscrite,
Gach barra taoide ait
Dár chraol an mhuir isteach
Ó bhíos-sa féin go deireanach i m'intinn,
B'é gur folamh bheadh do thearmann beag iata;
Cuir as do cheann ar fad
An fharraige is a slad,
Is bí sásta leis an aigne neamhscríte.