Zen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scoil smaointeoireachta Bhúdach í Zen (Sanscrait: Dhyāna; Sínis: 禪, Chán; Vítneaimis: Thiền; Cóiréis: Seon) a bunaíodh sa tSín sa 5ú haois agus a chuireann an bhéim is treise ar an machnamh mar phríomhchosán chun na heagnaíochta. Is é Zen an t-ainm Seapáinise ar an scoil, agus é traslitrithe ón tSínis. De réir seanchais, ba é an manach Bodhidharma a tháinig go dtí an tSín as an India a bhunaigh an scoil seo.

Sa lá atá inniu, is iad Soto (Sínis: 曹洞, Cáo dòng) agus Rinzai (Sínis: 临济, Lín jì) an dá chraobh is mó i Zen, agus iad dealaithe ó chéile ó thaobh na fealsúnachta agus na stíle machnaimh de.

Cleachtais Zen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid lárnach de Bhúdachas Zen é an machnamh nó an mhídheamhain: an té a bhíonn i mbun a mhachnaimh is a mhídheamhna, is gnáth dó bheith ina shuí. An machnamh suíocháin seo, tugtar 坐禪 nó zuòchán air as Sínis, agus is é an téarma Seapáinise ná zazen / ざぜん.

An Búdachas Síneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an mhídheamhain Bhúdach a fhad leis an tSín nuair a rinne An Shigao (a bhí beo timpeall ar 148-180 AD) agus Kumārajīva (334-413 AD) aistriúcháin ar shútraí Dhyāna, is é sin sútraí faoin mídheamhain a raibh tionchar mór acu. Bhí na luath-théacsaí mídheamhna seo bunaithe ar theagaisc ióga (Yogacara) na scoile Búdachais úd Sarvāstivāda a bhí lonnaithe sa Chaismir. Tháinig na téacsaí seo chun saoil ón gcéad aois AD go dtí an ceathrú haois AD, a bheag nó a mhór. Ar na luath-théacsaí Sínise is mó tionchar faoin mídheamhain áirítear Anban Shouyi Jing (安般守意經, an sútra faoi ānāpānasmṛti), Zuochan Sanmei Jing (坐禪三昧經,an sútra faoi dhyāna samādhi i do shuí duit) agus Damoduoluo Chan Jing (達摩多羅禪經,[18] an sútra faoi Dharmatrata dhyāna). D'fhág na luathshaothair Shínise seo faoin mídheamhain an-sliocht ar chleachtais Zen san aois nua-aimseartha féin. Mar shampla, scríobh Tōrei Enji, máistir Rinzai Zen a bhí gníomhach san ochtú haois déag, - scríobh sé saothar tráchtaireachta faoi Damoduoluo Chan Jing, agus é i dtuilleamaí Zuochan Sanmei Jing mar fhoinse don tráchtaireacht sin. Chreid Tōrei gurbh é Bodhidharma féin a chum Damoduoluo Chan Jing.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]