Gearrscéalaíocht Ghaeilge na Ré seo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm bhisiúil i litríocht na Gaeilge is ea gearrscéalaíocht Ghaeilge na ré seo. Tá an ghearrscéalaíocht á saothrú i nGaeilge ó dheireadh an 19ú haois i leith, agus tá cuid den litríocht chomhaimseartha is fearr sa teanga le fáil inti. Mar a dúirt an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain (1981) agus é ina ghearrscéalaí cumasach é féin:

Scríobhadh na mílte gearrscéal sa Ghaeilge. Tá siad ina sprémhóin inti... Tá sé éasca iad a chur i gcló, nó iad a chur á gcraobhscaoileadh ar an raidió anois.[1]

Leanann foilsitheoirí Gaeilge orthu ag cur cnuasaigh gearrscéalta amach agus tá ficsean gearr le léamh i gcónaí sna hirisí Gaeilge.

Ceannródaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dheacair a rá arbh é Pádraig Mac Piarais (1879-1916) nó Pádraic Ó Conaire (1883-1928) a thug an ghearrscéalaíocht nua isteach sa Ghaeilge, ach i leith an Phiarsaigh is mó a chuirtear é.[2] Nua-aoisí i gcúrsaí litríochta ba ea an Piarsach lena linn, rud a chuir sé in iúl i 1906 nuair a dúirt sé gurbh éigean dul i ngleic le cúrsaí sóisialta, polaitíochta agus creidimh i saol comhaimseartha na hÉireann, agus paróisteachas a sheachaint maidir le huigeacht, ton agus dearcadh.[3] Tá sé maíte gur cosúil litríocht na Gaeilge le foirmeacha eile den scríbhneoireacht nua-aoiseach sa mhéid gur thréig sí foirmeacha, ábhar agus stíl de shaghas traidisiúnta, de réir mar a mhol an Piarsach, chun teacht ar bhealaí chun cuntas ceart a thabhairt ar shaol ár linne, agus gur bhain sí tairbhe neamhchoitianta as an nGaeilge chuige.[4]

Scríobh Ó Conaire úrscéal (Deoraíocht) ach tá roinnt mhaith dá chlú ag brath ar a chuid gearrscéalta. Bhí taithí aige ar shaol na tuaithe agus ar shaol na mbailte, agus tá sé ráite ina thaobh go raibh an dearcadh iltíreach aige thar aon duine eile dá chomhaimsirigh. Réitigh sé an bealach dóibh siúd arbh áil leo réimse na nualitríochta Gaeilge a leathnú.[5]

Nuair a thosaigh na nua-aoisithe ag scríobh i nGaeilge bhí rian na sean-nósanna scéalaíochta ar scríbhneoireacht na Gaeilge fós, ach tuigeadh gurbh fhéidir tabhairt faoin ngnó ar bhealach eile. In Oireachtas na Gaeilge 1899 bhí an fógra comórtais seo ann: ‘Gearrscéal de shaghas ar bith ach béaloideas’.[6] Mar sin féin, d’éirigh le Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) (1883-1964) clú éigin a bhaint amach le cnuasach scéalta agus dréachtaí faoin muintir i sráidbhaile tuaithe dar teideal An Baile Seo ‘Gainne, saothar a bhain leas as cúrsaí béaloidis.[7] Tá sé áitithe ó shin go bhfuil claonadh ag údair Éireannacha chun an béaloideas a chur in oiriúint do théamaí agus d’fhoirmeacha liteartha an lae inniu.[8]

Dúirt an criticeoir Eoghan Ó hAnluain gur thráthúil mar a tharla athbheochan scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge díreach nuair a bhí an gearrscéal á thabhairt chun foirfeachta go hidirnáisiúnta mar fhoirm liteartha.[9]

An nua-aoiseachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na scríbhneoirí aitheanta Gaeilge a chuaigh i gceann na gearrscéalaíochta lenár linn tá Donncha Ó Céileachair agus Síle Ní Chéileachair, Piaras Béaslaí, Conchúir Ó Ruairc, Annraoi Ó Liatháin, Séamas Ó Néill, Tomás Bairéad, Mícheál Ó Siochrú, Pádraig Óg Ó Conaire agus a lán eile. Is é Máirtín Ó Cadhain (1906-1970), áfach, an scríbhneoir is clúití acu.

Máirtín Ó Cadhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil ar Mháirtín Ó Cadhain mar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó sa Ghaeilge nua-aimseartha.[10][11] Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis. Scríobh sé prós dlúthfhite deacair ar dtús, cé gur éirigh a stíl beagán níos simplí níos déanaí agus é ag scríobh faoi shaol na cathrach. Bhí a chuid tuairimí féin aige faoi céard is gearrscéal ann: “Is cuntas é ar eachtra nó ar staid intinne, nó imeacht amháin, tréith amháin ar leith de cháilíocht duine ag feidhmiú, nó ag spairn le rud eile, fiú cuntas ar ghotha den dúlra”.[12] Dúirt sé freisin gur “fíoraontas an tréith is suntasaí den ghearrscéal; gach rud a bheith fuinte fáiscthe...”[13]

Deir an file agus criticeoir Louis de Paor gurb é mórthéama Uí Chadhain ina chuid gearrscéalta “an choimhlint idir mianta an duine aonair agus na bacanna a chuireann struchtúir áirithe i saol an phobail dar díobh é ar a fhorbairt phearsanta”.[14]

Gearrscéalaithe eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé maíte go bhfuil éagsúlacht mhór ag baint le gearrscéalaíocht na Gaeilge toisc gur tógadh na scríbhneoirí i dtraidisiúin dhifriúla, ach nach bhfuil an oiread sin tráchta déanta ar an bhfadhb seo agus ar an gcaoi a dtéann scríbhneoirí chun spairne léi. Is cuma cá mhéad atá scríofa cheana faoi cheird na gearrscéalaíochta i dteangacha eile: “Ní ionann litríocht na Gaeilge agus litríocht ar bith eile dá ghaolmhaire iad”.[15]

As an nGaeltacht a fáisceadh formhór na ngearscéalaithe agus tá a rian sin ar a saothar. Bhí meas ag an gCadhnach féin ar na scríbhneoirí cáiliúla Ultacha Seosamh Mac Grianna agus Séamas Ó Grianna toisc go ndearna siad iarracht léiriú a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta in áit pictiúr idéalach a tharraingt mar a bhí á dhéanamh ag bunús na scríbhneoirí Gaeltachta go dtí sin.[16]

Bhain Liam Ó Flaithearta, údar a rugadh in Árainn, clú amach mar scríbhneoir Béarla, ach d’iompaigh ar an nGaeilge arís leis an gcnuasach Dúil agus cuntas inti ar shaol na tuaithe. Ní mór a thaitin sí leis na léirmheastóirí ag an am, ach tá meas tagtha ag léitheoirí uirthi ó shin.[17]

Anuas go dtí lár an fichiú haois bhí an chuid is mó de chainteoirí líofa le fáil sa Ghaeltacht, ach bhí an teanga ag dul i neart sa réimse uirbeach. Bhí a rian sin le haithint ar Bullaí Mhártain (1955), cnuasach le Domhnall Ó Céileachair and Síle Ní Chéileachair a phléigh saol na tuaithe agus saol na cathrach. Ba é an scéal céanna é ag scéalta Dhónaill Mhic Amhlaigh, údar a raibh Gaeilge Chonamara ar a thoil aige ach a chuaigh ag obair ina sclábhaí i gcathracha Shasana. In Feamainn Bealtaine (scéalta agus sceitsí, 1961) nocht an file Máirtín Ó Direáin glórtha na Gaeltachta le greann agus grinneas.

Braithstint ar leith atá le fáil i scéalta Sheáin Mhic Mhathúna, réalaí fileata a bhain cáil amach as a thuiscint ar aigne an duine agus a chreideann i dtábhacht an tinfidh. Tá sé ráite faoi gur cúram coitianta ina scéalta “an ghéarbhraistint leochailleach do rudaí a bheith ag teacht chun críche”.[18] Chuaigh an chéad chnuasach aige, Ding, go mór i bhfeidhm ar léitheoirí na Gaeilge agus glór neamhchoitianta le cloisteáil inti.

Gearrscéalaí de chineál neamhchoitianta i litríocht na Gaeilge is ea Daithí Ó Muirí agus blas aisteach neamhshaolta ar a shaothar.[19] Saghas réalachas draíochta atá á chleachtadh aige agus an bhagairt le mothú ann i gcónaí.[20] Tá an fhantaisíocht agus an aigne thriallach fite fuaite freisin i saothar Mhíchíl Uí Chonghaile, scríbhneoir agus foilsitheoir.[21]

Tá blas an réalachais le fáil i gcónaí, áfach, ar chuid mhaith de na gearrscéalta a fhoilsítear i nGaeilge. Sampla de sin saothar Ré Uí Laighléis, scríbhneoir do dhaoine óga a bhfuil mórán scríofa aige faoi fhabhbanna drugaí agus eile. Tá an réalachas céanna ag baint le scéalta scríbhneoirí Gaeltachta ar nós Choilm Uí Cheallaigh, Joe Steve Ó Neachtain, Mhaidhc Dainín Uí Shé agus eile.

Gearrscéalaithe Gaeilge thar lear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ghearrscéalaíocht á cleachtadh ag scríbhneoirí de chuid phobal na Gaeilge thar lear. Is díol spéise iad sa mhéid nach de shliocht Éireannach cuid acu cé gurb í an Ghaeilge a phríomhtheanga liteartha. Déanann a leithéidí scóip na gearrscéalaíochta a leathnú agus a hábhar a shaibhriú.

I nDoire a rugadh Pádraig Ó Siadhail ach tá sé ina chónaí in Halifax in Albain Nua Cheanada ón mbliain 1987 i leith. Tá deich leabhar Gaeilge foilsithe aige i rith na tréimhse sin, agus bailiúchán gearrscéalta san áireamh.

San Ísiltír a rugadh Alex Hijmans. Chaith sé tamall de bhlianta in Éirinn ach sa Bhrasaíl atá sé ina chónaí anois. I measc na leabhar a d’fhoilsigh sé i nGaeilge tá Gonta (2012), bailiúchán gearrscéalta.

Teangeolaí Fionnlannach is ea Panu Petteri Höglund agus a lán scríofa aige i nGaeilge. Eascraíonn a scéalta as saol dorcha na Lochlainne nó na Meán-Eorpa agus idir dáiríreacht agus fhantaisíocht ag gabháil leo. Tá roinnt cnuasach curtha i gcló aige.[22]

Scribhneoir é Colin Ryan a bhfuil a mhuintir lonnaithe san Astráil ó na 1860í agus a bhfuil a lán scéalta foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla ar irisí liteartha. Tháinig cnuasach dá chuid gearrscéalta Gaeilge amach i 2015 agus tagairt déanta ag an am don ghné mhistéireach dhuairc a bhaineann leo.[23] D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht cnuasach nua leis (Ceo Bruithne) i ndeireadh 2019.

An ghearrscéalaíocht feasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fir is mó a bhíodh chun tosaigh i ngearrscéalaíocht na Gaeilge, cé go ndearna Síle Ní Chéileachair agus Siobhán Ní Shúilleabháin obair an-suimiúil. Is iomaí scríbhneoir mná a d’fhoilsigh cnuasach ó shin. Orthu siúd tá Colette Nic Aodha, Deirdre Brennan, Deirdre Ní Ghrianna, Biddy Jenkinson, Méadhbh Ní Ghallchobhair, Réaltán Ní Leannáin, Máire Dinny Wren, Máirín Uí Fhearraigh, Brighid Uí Mhonacháin agus Síle Uí Ghallchóir.

Is dócha ar a bhfuil de ghearrscéalta á bhfoilsiú faoi láthair nach mbeidh aon lagú ar an ngearrscéalaíocht Ghaeilge feasta. Is mór an chabhair chuige seo an fháilte atá ag irisí liteartha ar nós Feasta, Comhar, An tUltach agus An Gael roimh ghearrscéalta, agus tá cnuasaigh nua á gcur amach i gcónaí.[24] Ábhar uirbeach is mó a phléitear faoi láthair i ngearrscéalta na Gaeilge, rud a leanann uirbiú na teanga féin.[25]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ó Cadhain, lch 100.
  2. Ibid., lch 100.
  3. ‘About Literature,’ An Claidheamh Solais, 26 Bealtaine 1906, lgh 6-7, luaite in Markey.
  4. Markey, lch 50.
  5. Caerwyn Williams agus Ní Muiríosa, lgh 364-365.
  6. Luaite in Field Day Review 4, 2008: Idir Dhá Chomhairle/Between Two Minds, lch 229.
  7. Kiberd, lgh 48-9
  8. Ingman, Heather (2011). A History of the Irish Short Story (réamhrá). Cambridge University Press. ISBN 9780521867245
  9. Eoghan Ó hAnluain, ‘Seán Mac Mathúna - An Gearrscéalaí’ (Réamhaiste): http://www.coislife.ie/reamhaiste.pdf Curtha i gcartlann 2016-12-05 ar an Wayback Machine
  10. Denvir, Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987. Réamhrá IX.
  11. ”Máirtín Ó Cadhain, Ceist na mBan agus Ceisteanna Ban le Máire Ní Annracháin,” lch 39, in Ó hÁinle, Cathal, Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Coiscéim, BÁC, 1998.
  12. Ó Cadhain, lch 101.
  13. Ibid., lch 101.
  14. De Paor, Louis, ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus Riastradh na Scéalaíochta’, Comhar (Nollaig 1990), lgh 51-5.
  15. Mac Congáil, lch 107.
  16. Ibid. lch 112.
  17. Ó hEithir, Breandán (1991) (eag. Caoilfhionn Nic Pháidín), An Chaint sa tSráidbhaile, lch. 167. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath.
  18. Eoghan Ó hAnluain, ‘Seán Mac Mathúna - An Gearrscéalaí’ (Réamhaiste): http://www.coislife.ie/reamhaiste.pdf Curtha i gcartlann 2016-12-05 ar an Wayback Machine
  19. Leabhar Breac, Seacht Lá na Díleann: "Tá stíl shiúráilte scríbhneoireachta ag rith leis na scéalta seo... éirim éigin síúil, neamhshaolta, fíormhealltach iontu... agus draíocht áirithe leo a thug ar shiúl mé." Moltóir an Oireachtais, 1996: http://leabharbreac.com/leabhair.html?pID=30 Curtha i gcartlann 2013-12-28 ar an Wayback Machine
  20. Carson, Liam, ‘Like a Rolling Stone: Irish Language Literature and Art in a Modern Cultural Context,’ in Numéro Cinq Magazine, Vol. V, No. 10, October 2014: http://numerocinqmagazine.com/2014/10/01/uimhir-a-cuig-like-a-rolling-stone-irish-language-literature-and-art-in-a-modern-cultural-context-liam-carson/
  21. Siobhán Máiréad Kennedy, Iniúchadh ar Ghnéithe den Fhantaisíocht i nGearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile: Mórthráchtas MA sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh 2015 [1]: “Tá traidisiún láidir ag an ngearrscéal féin sa Ghaeilge agus tugann an Conghaileach ábhar machnaimh dúinn le húsáid an ghearrscéil mar mhodh scríbhneoireachta chun é féin a chur os ár gcomhair mar ghearrscéalaí triallach. Is éard atá againn i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile ná saothar a bhaineann an anáil dínn go minic leis an meascán seo den sean agus nua a bhíonn le fáil iontu”.
  22. Máirín Nic Eoin, ‘Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing,’ April 12, 2013: https://breac.nd.edu/articles/38920-interdisciplinary-perspectives-on-transnational-irish-language-writing-2/
  23. Nóta foilsitheora: Teachtaireacht, cnuasach le Colin Ryan: https://www.cic.ie/books/published-books/teachtaireacht Curtha i gcartlann 2016-04-09 ar an Wayback Machine
  24. Tá 125 cnuasach ar a laghad i gcló faoi láthair: féach Litríocht.com, http://www.litriocht.com.
  25. Féach tuairisc James McCloskey ar leathnú na Gaeilge sa timpeallacht chathrach (2006): “Irish as a World Language”: http://ohlone.ucsc.edu/~jim/PDF/notre-dame.pdf Curtha i gcartlann 2017-05-17 ar an Wayback Machine.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caerwyn Williams, J.E.; Ní Mhuiríosa, Máirín (1979). Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta.

Ingman, Heather (2011). A History of the Irish Short Story. Cambridge University Press. ISBN 9780521867245

Kiberd, Declan (2005). The Irish Writer and the World. Cambridge University Press. ISBN 1139446002, 9781139446006

Mac Congáil, Nollaig, ‘Ó Cadhain agus an Gearrscéal,’ in Seán Ó Mórdha (eag.), Scríobh 5, An Clóchomhar Tta, 1981.

Markey, Anne, ‘Modernism, Maunsel and the Irish Short Story’ in Edwina Keown agus Carol Taaffe (eag.) (2010) Irish Modernism, Peter Lang. ISBN 3039118943, 9783039118946

Ó Cadhain, Máirtín, ‘An Gearrscéal sa Ghaeilge,’ in Seán Ó Mórdha (eag.), Scríobh 5, An Clóchomhar Tta, 1981.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní Dhonnchadha, Aisling (1981). An Gearrscéal sa Ghaeilge, 1898-1940. An Clóchomhar Tta.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]