Jump to content

Mícheál Ó Conghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Conghaile
Beathaisnéis
Breith1962
63/64 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, drámadóir, scríbhneoir próis, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla


Musicbrainz: 22a71c45-f693-4afa-a0e8-45f99fdbbac9 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir Éireannach agus foilsitheoir Gaeilge a rugadh in Inis Treabhair i gCeantar na nOileán, Conamara sa bhliain 1962 é Mícheál Ó Conghaile.[1] Tá dintiúirí B.A. agus M.A. bainte amach aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.[2]

Chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985, a bhfuil litríocht agus ceol Chonamara mar phríomhtháirge aige.

Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is scríbhneoir cruthaitheach, staraí sóisialta agus nuálaí cultúir é Ó Conghaile i réimse na foilsitheoireachta liteartha agus ceoil.

Tá an gearrscéal Athair dá chuid le fáil sa chnuasach Gearrscéalta an Chéid a chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha in eagar. Tá leabhair thaighde bunaithe ar a shaothar liteartha: Teanga don Tost le Seán Mac Risteaird (2024), An Chruinne Fhireann le Sorcha de Brún (2025), agus cnuasach aistí faoina shaol agus faoina shaothar, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh agus Seán Mac Risteaird (2025).

Chomh maith lena shaothar cruthaitheach liteartha féin, tá na drámaí The Beauty Queen of Leenane, The Lonesome West agus an scannán Gaeilge Kings aistrithe aige; agus tá cnuasach gearrscéalta curtha in eagar aige do dhéagóirí.

Aistríodh a chuid scríbhneoireachta go Rómainis, Cróitis, Albáinis, Gearmáinis agus Béarla.

I measc na ngradam atá bainte amach aige tá Gradam Liteartha Butler ón Irish American Cultural Institute agus Gradam Liteartha Hennessy. Bhí sé ina scríbhneoir cónaithe ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus ag Ollscoil Uladh ó 1999 go dtí 2002.

Is ball d'Aosdána é.

  • Croch Suas É! (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1998) Cnuasach amhrán
  • Croch Suas Aríst É! Cnuasach amhrán
  • Croch Suas Aríst Eile É! Cnuasach amhrán
  • Mac an tSagairt (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1986)
  • Comhrá Caillí, (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1987)
  • Conamara agus Árainn 1880–1980: Gnéithe den stair shóisialta, (Cló Iar-Chonnachta, 1988)
  • An Fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
  • Sna Fir (Cló Iar-Chonnachta, 1999)
  • Fís agus Teanga (Cló Iar-Chonnacht, 1999) filíocht agus focail arna gcnuasach ag Pádraig Reaney agus Mícheál Ó Conghaile
  • Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
  • An Fear nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnachta, 2003)
  • Go dTaga do Ríocht, Boicíní Bhóthar Kilburn agus Cripil Inis Meáin (Cló Iar-Chonnachta, 2009) trí dhráma, an chéad cheann le hÓ Conghaile, na cinn eile aistrithe aige ó bhundrámaí le Martin McDonagh agus Jimmy Murphy
  • The Colours of Man (2012) aistriúcháin go Béarla ar ghearrscéalta dá chuid
  • Leabhar Mór na nAmhrán (Cló Iar-Chonnachta, 2013) Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin a chuir in eagar
  • Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnachta, 2015) cnuasach gearrscéalta
  • Leabhar Nua na nAmhrán (Cló Iar-Chonnacht, 2017) amhráin a chum raidhse daoine le haghaidh Chomórtas Cuimhneachán Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin
  • Laethanta Sona (Arlen House, 2021) aistriúchán ar Happy Days le Samuel Beckett
  • Colourful Irish Phrases (as Béarla) (Cló Iar-Chonnachta, 2023)
  • Lámha Bána agus Dánta Eile (Arlen House, 2024) cnuasach dánta
  • An Bhlaosc sa mBois (Cló Iar-Chonnachta, 2025)
  • Ní Mise agus Drámaí Eile (Arlen House, 2025) aistriúcháin ar thrí dhráma de chuid Samuel Beckett: Coiscéimeanna, Luascaire, agus Ní Mise
  • Cúigear Chonamara(Gallimh, An Taibhdhearc, 2003)
  • The Connemara Five[3] aistrithe ag Úna Ní Chonchúir, 2007
  1. "Micheál Ó Conghaile – 30 April" (en-GB). Irish Literary Society (2018-01-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-23. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  2. "October 2013 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  3. "Syracuse University Press" (en-US). Dáta rochtana: 2024-10-24.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]