Buninyong, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBuninyong, Victoria

Suíomh
Map
 37°39′01″S 143°53′02″E / 37.6503°S 143.8839°E / -37.6503; 143.8839
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighCity of Ballarat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,714 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3357 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Buninyong. Tá sé suite ar Mhór-Bhóthar Lár na Tíre (Midland Highway), taobh theas de Bhallarat, ar an mbealach go dtí Geelong. Is ann a fógraíodh an chéad bhaile intíre san Astráil. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 3,085 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 0.6% díobh.[1]

Roimh theacht na nEorpach bhí gasraí de na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí ann, agus óna gcanúint a thagann an t-ainm. Deirtear gurb í an chiall atá leis "fear atá ar shlat a dhroma agus a ghlúine tógtha" agus tagairt déanta ann do chruth Shliabh Buninyong.[2] Thug na chéad Eorpaigh "Bunnenyong" air,[3] ainm a simplíodh ina dhiaidh sin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na hEorpaigh sa bhliain 1837, nuair a rinne na deartháireacha Thomas agus Somerville Learmonth agus daoine eile an ceantar a thaiscéaladh. Faoin mbliain 1839 bhí lonnaíocht thréadach déanta ann. Osclaíodh oifig an phoist ar 1 Eanáir 1845.[4]

Ré an óir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Thomas Hiscock, gabha na háite, ar ór trí chiliméadar siar ón mbaile sa bhliain 1851, in áit a dtugtar Hiscocks fós uirthi. I ndáiríre, bhí daoine ag teacht ar ór sna daichidí féin.[5] Is dócha go raibh lucht na dtréad ag ceilt an scéil ar eagla go ndéanfadh an rialtas an t-ór a choigistiú toisc go bhfuarthas ar thalamh corónach (i.e. talamh stáit) é.

Thosaigh ruathar óir, rud a lig do Henry Joseph Desoza teacht chun tosaigh.[6] Ba dhaonchara é a d'éirigh saibhir le hamhantraíocht agus trí thalamh agus gléasra a sholáthar ar léas do lucht mianadóireachta. Fuair Desoza a chuid gustail ó ríochíosanna seachas ó scaireanna. Sa bhliain 1883 bronnadh coróin óir air, agus ina dhiaidh sin thugtaí "Rí Óir Buninyong" air.

Faoin mbliain 1871 bhí 2,281 duine ina gcónaí i mBuninyong agus fiche teach tábhairne ann. Bhí sráideanna leathana ann agus súil le fás, ach lagaigh an mhianadóireacht agus níor fágadh ach áit feirmeoireachta.

Iarnród[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh iarnród ó Bhallarat sa bhliain 1889, agus cuireadh bailchríoch ar an stáisiún sa bhliain 1890. Ritheadh an traein ó Stáisiún Ballarat agus í ag seasamh ag Stáisiún Ballarat Thoir, Stáisiún Eureka, Taobhlach Levy, an Stáisiún Ceanadach, Stáisiún Shliabh Clear, Taobhlach Reid, Taobhlach Shliabh Helen agus Stáisiún Buninyong. Thugtaí "The Bunny" ar an iarnród seo, ach stad sé de phaisinéirí a iompar i ndeireadh na dtríochaidí agus d'earraí a iompar sa bhliain 1947.[7][8]

Foirgnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán tithe galánta le feiceáil a tógadh i ré an óir.

Séipéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séipéal Caitliceach

Tá a lán seaneaglaisí i mBuninyong, agus is é Séipéal Caitliceach Naomh Peadar agus Naomh Pól (a dtugtaí Teampall Naomh Nioclás air) an ceann is sine, ó leagadh an bhunchloch sa bhliain 1853. Is cosúil go raibh an chéad scoil Chaitliceach le fáil anseo ón mbliain 1851, agus gur anseo freisin a thionóladh an pobal.

Leabharlann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an foirgneamh seo timpeall na bliana 1859 mar bhronntanas ó Robert Allan, tionsclaí agus daonchara. Ba leis-sean an láithreán cúig acra, agus bhí an foirgneamh le bheith ina leabharlann agus ina Mechanics Institute (institiúid staidéir). Bheadh árasán agus siopa ann freisin. Foirgneamh adhmaid é ach is cuid suntais é an dealramh cloiche atá ar an éadan. Níor baineadh feidhm as an leabharlann tar éis an Chéad Chogadh Domhanda (1914-18) agus b'áit chónaithe nó siopa ceardaíochta í ó am go chéile. Bhí sí ag dul chun raice go dtí an bhliain 1980, nuair a cuireadh í ar Chlár Oidhreachta Victoria. Anois tá iontaobhas ina feidhil.

Cúirt Phóilíneachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirgneamh gaineamhchloiche é seo. Cuireadh campa póilíneachta ar bun anseo sa bhliain 1850 chun an t-órcheantar a riar, agus tógadh an Chúirt sa bhliain 1858. Níor tréigeadh í go dtí an bhliain 1888 nuair a cuireadh Teach Cúirte nua ar fáil i Sráid Learmonth. Thosaigh Cumann Staire Buninyong agus a Cheantair ag cur caoi ar an tsean-Chúirt sa bhliain 1995.

Sliabh Buninyong[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bolcán spíonta is ea Sliabh Buninyong agus é 745 méadar ar airde os cionn leathantas mór an Mhachaire Iartharaigh. Bhain seachtar fear bán tairbhe as sa bhliain 1837 chun radharc a fháil ar an tír thiar agus thiar thuaidh. Cuireadh 217 acra i leataobh mar pháirc phoiblí sa bhliain 1866 agus tógadh bóthar suas go dtí barr an tsléibhe sa bhliain 1926. Bhí tarraingt daoine ar an sliabh ar feadh an 19ú haois, agus áiseanna radhairc agus picnice á soláthar dá réir. Tá an obair sin ar siúl i gcónaí, agus rinneadh iarracht sa bhliain 1983 ar chrainn a chur ar aghaidh lom thuaidh an tsléibhe, ach theip uirthi.

Reilig Buninyong[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir muintir Learmonth fúthu sa cheantar sa bhliain 1838 agus cuireadh a lán daoine sa tseanreilig. Bhí an reilig nua ann faoin mbliain 1849 agus í roinnte ina gceithre rannóg chreidmheacha. Bhí timpeall 10,000 duine i mBuninyong i dtréimhse an óir agus ba mhinic mná ag fáil bháis i luí seoil agus fir á marú i dtimpistí mianadóireachta nó ag fáil bháis de ghalar scamhóige. D'fhaigheadh timpeall céad duine bás gach bliain. Le himeacht aimsire laghdaigh an daonra, ach tá an reilig in úsáid i gcónaí.

Luibhghairdíní Buninyong[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Luibhghairdíní Buninyong ar na cinn is sine sa Stát. Cuireadh talamh i leataobh sa bhliain 1859 do na gairdíní, agus taispeánann plean de chuid na bliana 1861 cosáin, droichid, clathacha agus áit a bhféadfaí áiseanna folctha a sholáthar.

Bhí tionchar ag na Gearmánaigh ar na gairdíní: sa bhliain 1872 ceapadh Conrad Fegbeitel mar Chaomhnóir na nGairdíní agus mar Mhaor na bhFolcadán, agus fuarthas plandaí agus crainn ó chaomhnóir cáiliúil Luibhghairdíní Melbourne, Ferdinand Von Mueller. Fuarthas cabhair ó chaomhnóirí Luibhghairdíní Ballarat agus Geelong, ón bPlandlann Stáit in Creswick agus ó phlandlannaithe áitiúla. Thagadh na sluaite ó Bhallarat ar an traein chun cuairt a thabhairt ar na gairdíní, ach cuireadh deireadh leis sin sa bhliain 1847 nuair a baineadh an t-iarnród aníos.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Daonra Buninyong 2006[nasc briste go buan]
  2. UBD Victoria Country Road Atlas, 14th edition, Universal Publishers, 2004.
  3. http://gazette.slv.vic.gov.au/images/1848/P/general/41.pdf
  4. Premier Postal History: Post Office List.
  5. Griffiths, 1988.
  6. Páipéar a léigh Robert W. Bell, staraí, os comhair Chumann Staire Buninyong.
  7. Australian Railway Historical Society Bulletin, Iúil 1983, lgh145-160.
  8. Sid Brown, 'Tracks across the State,' Newsrail, Australian Railway Historical Society (Victorian Division), Márta 1990, lgh 71-76.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Griffiths, Peter M.. Three Times Blest: a history of Buninyong and district 1837-1901. Buninyong and District Historical Society 1988.
  • Leather, Derick & Sunter, Anne Beggs. Buninyong Cemetery: a guide to the cemetery, including history and plan. Buninyong and District Historical Society 1996.
  • Thorpe, M.W. & Akers, Mary. An Illustrated History of Buninyong. Buninyong and District Historical Society 1982.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]