Bungaree, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBungaree, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°33′26″S 144°00′16″E / 37.5572°S 144.0044°E / -37.5572; 144.0044
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighSír Moorabool Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán269 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde558 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3352 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Bungaree agus é suite 103 ciliméadar soir ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 559 duine ina gcónaí ann, agus ba Bhundúchasaigh 0.5% díobh.[1] Ó ainm ceann fine Bundúchasach a tháinig an t-ainm, b'fhéidir.

Roimh theacht na nEorpach bhí na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí sa cheantar. Fuarthas ór in aice le Ballarat sa bhliain 1851, agus ba é sin ba mhó a tharraing daoine chun an réigiúin.

Ar dtús bhain cuid de bhaile Bungaree le Sír Bungaree agus cuid eile le Sír Buninyong. Roimhe sin thugtaí Badger Hill nó Clarktown ar an gceantar. Fógraíodh Sír Bungaree ar 17 Eanáir 1871, agus sa bhliain 1994 nascadh cuid den tSír le Comhairle Chathrach Ballarat agus cuid eile le Sír Moorabool.[2]

Na hÉireannaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lonnaigh a lán Éireannach sa cheantar, cuid acu ina bhfeirmeoirí agus cuid eile i mbun lománaíochta. Ní fhanadh an dara dream i bhfad san áit chéanna ach iad ar lorg oibre de réir mar a scriosadh na foraoisí. B’Éireannaigh iad 90% de na trí fheirmeoir is daichead a bhí le fáil sa cheantar sa bhliain 1891.

Thagadh feirmeoirí, oibrithe foraoiseachta agus sclábhaithe le chéile Lá Fhéile Stiofáin in Bungaree agus sa bhliain 1885 bhí 4,000 duine ann, ag baint aoibhnis as an iománaíocht, na rásaí agus an tarraingt téide.[3]

Bhí Gaeilge fós i mbéal na seandaoine ag an am agus canúint Chontae an Chláir acu go minic.[4]

Oifig an Phoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Lúnasa 1863.[5]

Scolaíocht phoiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na nAnglacánaigh ba thúisce a thóg scoil ann sa 19ú haois agus an oiread sin páistí ann nach raibh deis scolaíochta acu. Osclaíodh scoil sa bhliain 1867 (Common School No. 944) agus cúig dhalta is tríocha ag dul ann. Faoin mbliain 1877 b’éigean scoil nua chloiche a thógáil, ach bhíodh uimhir na ndaltaí síos agus suas toisc go raibh scoil Chaitliceach ann faoin am sin. Dúnadh an tseanscoil phoiblí sa bhliain 1924 agus scoil bhrící tógtha ina háit, agus bhí prátaí á gcur ar stór ann nó gur tháinig an Bungaree & District Historical Society ina seilbh.

Bhí scoileanna poiblí sa cheantair máguaird á ndúnadh sna nóchaidí, rud a lig do scoil Bungaree méadú. Baineadh feidhm as seomraí inaistrithe, agus seomra san áireamh a d'úsáid na lúthchleasaithe in Olympic Village in Sydney sa bhliain 2000.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.censusdata.abs.gov.au/ABSNavigation/prenav/LocationSearch?collection=Census&period=2006&areacode=SSC25263&producttype=QuickStats&breadcrumb=PL&action=401[nasc briste go buan] Daonáireamh 2006: Bungaree.
  2. http://museumvictoria.com.au/collections/themes/2256/municipality-of-bungaree-victoria[nasc briste go buan] Museum Victoria: Municipality of Bungaree, Victoria.
  3. Noone, Val & Doyle, Mary: ‘Black Joe from Bungaree and other timber-getters,’ caint a tugadh sa Mechanics Institute, Ballarat, mar chuid de Ballarat Twilight, sraith cainteanna, ar an 21 Iúil 2009.
  4. Ó bhéaloideas a bhailigh Mary Doyle. Nuair a chruinníodh na daoine sa halla chuirfí na páistí anonn chun na gcomharsan le teachtaireachtaí fonóideacha ar nós “Cuid an Chláir den bhláthach bhréan!”.
  5. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Premier Postal History: Post Office List.
  6. http://www.bungareeps.vic.edu.au/text/school_history_ayy4.htm Curtha i gcartlann 2011-04-07 ar an Wayback Machine Heather Trigg: Bungaree Primary School.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Houghton, Norm, Timber and Gold : a history of the sawmills and tramways of the Wombat Forest 1855-1940. Melbourne: Light Railway Research Society of Australia, 1980.

Clark, Ian D. agus Heydon, Toby, Dictionary of Aboriginal Placenames in Victoria. Victorian Aboriginal Corporation for Languages, 2002.

Toohey, Jack: On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts. Ballarat 2005.