Wathaurong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaWathaurong
Cineálgrúpa eitneach

Pobal Bundúchasach Astrálach is ea na Wathaurong (nó Wada wurrung), agus iad le fáil ó dhúchas i lár agus i ndeisceart Victoria i réigiún forleathan a bhfuil Geelong, Melbourne, Melton agus Ballarat le fáil ann anois. Uaireanta thabharfadh na hEorpaigh Barrabool orthu. Bhí treibheanna den phobal seo ina gcónaí cois farraige, ar an machaire agus ar na sléibhte, agus iad ina gcuid de chomhcheangal na Kulin. Bhí canúintí Wathaurong á labhairt ag cúig threibh is fiche.

Thugtaí arweet ar cheann treibhe,[1] teideal arbh ionann é agus ngurungaeta i measc na Wurundjeri.

Bunlimistéar na Wathaurong

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na Wathaurong sa réigiún céanna le 30,000 bliana ar a laghad, agus d’fhág siad timpeall 140 láithreán seandálaíoch ina ndiaidh. Is dócha nár bhuail siad le hEorpaigh roimh thús an 19ú haois. Bhuail cuid den phobal leis an taiscéalaí Matthew Flinders nuair a champáil sé ag an Rinn Bhearnach (Indented Head) agus chuaigh suas na You Yangs sa bhliain 1802. Roimhe sin d’fhéadfaidís teagmháil leis an Leifteanant John Murray nuair a mhapáil sé an Rinn Bhearnach agus a d’ainmnigh Bá na nEalaí (Swan Bay).

Comhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhunaigh an Leifteanant David Collins coilíneacht ag Bá Uí Shúilleabháin (O’Sullivan Bay) in Victoria i Mí Dheireadh Fómhair 1803, sheol sé an Leifteanant J. Tuckey go dtí Bá Corio chun suirbhé a dhéanamh, agus lámhachadh roinnt Bundúchasach dá bharr. D’éalaigh William Buckley, daoránach, ón gcoilíneacht i Mí na Nollag 1803 agus d’fháiltigh na Wada wurrung balug roimhe mar Murrangurk, ceannaire aiséirithe. D’fhan Buckley leo ar feadh dhá bhliain is tríocha (idir 1803 agus 1835) sular theagmháil sé le dream John Batman ar 6 Iúil 1835.[2]

Thosaigh an cogadh i ndáiríre nuair a thosaigh grásaeirí ag cur fúthu timpeall Geelong agus níos faide siar. Is minic a mharaíodh na Bundúchasaigh caoirigh, rud a d’fhéadfadh comhrac agus eirleach a tharraingt.[3]

Is annamh a chuirtí an dlí ar ghrásaeirí as Bundúchasaigh a mharú. Má rinneadh, chuirfí an cás ar ceal d’uireasa fianaise, mar a tharla nuair a cuireadh John Whitehead chun Sydney lena thriail as Woolmudgin a mharú ar 7 Deireadh Fómhair 1836. Níor cheadmhach do Bhundúchasaigh fianaise a thabhairt i gcúirt ag an am. Léirigh Neil Black, grásaeir in Iarthar Victoria, conas a bhí an scéal agus é ag scríobh ar 9 Nollaig 1839 faoin mbaint a bhí ag an ár le sealbhú talaimh.[4] Is cosúil nach bhfuil sa tuairisc thíos ach cuid den scéal.

Wada Wurrung a bhí maraithe ag coilínigh anuas go dtí an bhliain 1859[5]

Dáta Áit Bundúchasaigh Eorpaigh Bundúchasaigh a maraíodh
Deireadh Fómhair 1803 Bá Corio Wada wurrung. YaawangiWada wurrung balug a bhí i gceist, b'fhéidir. An Leifteanant J. Tuckey agus daoine eile Beirt
17 Deireadh Fómhair 1836 Abhainn Barwon, Cnoic Barrabool Wada wurrung balug John Whitehood, agus Frederick Taylor á spreagadh chuige Woolmudgin (Curacoine)
Samhradh 1837-1838 Stáisiún[6] 'Golf Hill,' Abhainn Yarrowee, lastuaidh d’Inverleigh Wada wurrung Aoire agus coimeádaí botháin. Iad ar fostú ag an gClyde Company Beirt
Meitheamh 1839-1840 Ní fios cá háit Wada wurrung balug Saighdiúirí Triúr
25 Samhain 1847 Teach tábhairne Anderson agus Mills, Buninyong Wada wurrung Ní fios cé rinne Beirt

Críocha agus beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coillte Otway, cuid de chríocha na Wathaurong.

Bhí cúig threibh is fiche ag baint leis an bpobal agus canúintí acu a raibh gaol gairid acu lena chéile. Bhí caidreamh ag na treibheanna ar a chéile de bharr cúrsaí cultúir, creidimh, trádála agus lánúnais.

D'fhéadfadh treibh tairbhe a bhaint as acmhainní na gcomharsan ach gan dul thar fóir leis. Dá marófaí an iomarca éisc in abhainn áirithe d'fhéadfadh úinéirí na habhann an iascaireacht a chosc ann.

Níor tháinig na Wathaurong slán ar fad ón lámh láidir, ach níor chaill siad an caidreamh a bhí acu ar a chéile. D'fhág sin go raibh siad in ann cuid dá ndúchas a choinneáil beo.

Treibheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seo dáileadh na dtreibheanna.[7]

Uimhir Ainm na treibhe Áit chónaithe
1 Barere barere balug Stáisiúin 'Colac' agus 'Mt Bute'
2 Beerekwart balug Sliabh an Éimiú (Mount Emu)
3 Bengalat balug An Rinn Bhearnach (Indented Head)
4 Berrejin balug Gan eolas air
5 Boro gundidj Abhainn Yarrowee
6 Burrumbeet gundidj Loch Burumbeet agus Loch Learmonth
6a Keyeet balug Sliabh Buninyong
7 Carringum balug Carringham
8 Carininje balug Stáisiún 'Emu Hill,' Abhainn Linton
9 Corac balug Stáisiún 'Commeralghip' agus Abhainn Kuruc-a-ruc
10 Corrin corrinjer balug Carranballac
11 Gerarlture balug Taobh thiar de Loch Modewarre
12 Marpeang balug Blackwood, Myrniong agus Bacchus Marsh
13 Mear balug Gan eolas air
14 Moijerre balug Abhainn Shliabh Éimiú
15 Moner balug Stáisiún 'Trawalla,' Abhainn Shliabh Éimiú
16 Monmart Gan eolas air
17 Neerer balug Idir Geelong agus na You Yangs (Abhainn Hovell?)
18 Pakeheneek balug Sliabh Widderin
19 Peerickelmoon balug Láimh le Sliabh na hAinnise (Mount Misery)
20 Tooloora balug Sliabh Warrenheip, Abhainn Lal-lal, an ghéag thiar d’Abhainn Moorabool
21 Woodealloke gundidj Abhainn Wardy Yalloak, taobh theas d’Abhainn Kuruc-a-ruc
22 Wada wurrung balug Cnoic Barabool
23 Wongerrer balug Ceann Abhainn Wardy Yalloak
24 Worinyaloke balug Taobh thiar den Abhainn Bheag (Little River)
25 Yaawangi Cnoic You Yang

Ceantar dúchais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí limistéar na Wathaurong ag síneadh ó Abhainn Werribee go dtí Port Phillip, Leithinis Bellarine, coillte Otway agus siar ó thuaidh go dtí Sliabh an Éimiú (Mount Emu) agus Sliabh na hAinnise (Mount Misery). Bhí órcheantar Bhallarat le fáil sa limistéar sin.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Wathaurong ar na teangacha Bundúchasacha a bhfuil taighde á dhéanamh orthu in Victoria.[8] Tá liosta téacsanna curtha i dtoll a chéile, idir leabhair acadúla agus theacsanna stairiúla de chuid an 19ú haois. Táthar ag súil, mar sin, gur féidir an teanga a chur i mbéal an phobail arís.[9]

Tá clár teanga Wathaurong ar siúl ón mbliain 1998 i leith, agus teangeolaí agus oibrithe teanga i mbun oibre le tamall anuas. Thosaigh an obair le liosta 2,000 focal a chuir an tOllamh Barry Blake (Ollscoil Latrobe) le chéile, le cois roinnt focal a bhailigh Sue Ferrier (údar Wathaurong Medicines). D’éirigh leis an mbeirt acu 7,000 focal ar fad a bhailiú ó shin, agus a lán abairtí, logainmneacha agus ainmneacha eile ón tréimhse teagmhála timpeall Geelong san áireamh. Tá ábhar nua á bhailiú gan stad.[10]

Tá “Learning Wathaurong”, CDRom, curtha amach ag an gclár, in éineacht leis an "Dictionary of Wathawoorrong”.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tardis Enterprises Pty Ltd, cultural heritage advisors, Stockyard Hill Wind Farm – Desktop Cultural Heritage Assessment.
  2. Clark, Ian D. (1995), Scars on the Landscape. A Register of Massacre sites in Western Victoria 1803-1859, Aboriginal Studies Press, lch 169. ISBN 0-85575-281-5
  3. ibid. lgh169-175
  4. Ibid., lch 1: “The best way is to go outside and take up a new run [réimse caorach], provided the conscience of the party is sufficiently seared to enable him without remorse to slaughter natives right and left. It is universally and distinctly understood that the chances are very small indeed of a person taking up a new run being able to maintain possession of his place and property without having recourse to such means…"
  5. De réir Clark, Ian D. (1995), Scars on the Landscape. A Register of Massacre sites in Western Victoria 1803-1859, Aboriginal Studies Press, lgh169-175. ISBN 0-85575-281-5
  6. Tá ciall ar leith leis seo san Astráil - stocfheirm mhór.
  7. Clark, Ian D. (1990), Aboriginal Languages and Clans: An historical atlas of western and central Victoria, agus é luaite ag Aboriginal Heritage Wada wurrung Culture and History Curtha i gcartlann 2008-11-02 ar an Wayback Machine Our Precious Heritage
  8. http://alv.vcaa.vic.edu.au/language/wathaurong[nasc briste go buan] Aboriginal Languages Victoria - Wathaurong
  9. http://alv.vcaa.vic.edu.au/#Research Curtha i gcartlann 2013-04-22 ar an Wayback Machine Victorian Aboriginal Languages - Research
  10. http://www.vaclang.org.au/language-program.aspx?ID=9/ Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine Wathaurong Language Program - Geelong

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]