Bundúchasaigh na hAstráile
![]() | |
Cineál | daonra agus pobal bundúchasach |
---|---|
Daonra iomlán | 798,400 (2016) ![]() |
Teanga | teangacha Bundúchasacha na hAstráile agus Béarla |
Creideamh | an Chríostaíocht, díreiligiún agus Australian Aboriginal mythology (en) ![]() |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | an Astráil agus Torres Strait Islands (en) ![]() |
Pobal dúchasach na hAstráile iad Bundúchasaigh na hAstráile.[1]
Tá Bundúchasaigh ina gcónaí san Astráil le breis is 40,000 bliain, fiú amháin 50,000.[2] Tá a gcuid nósanna, creideamh agus ealaíne féin forbartha acu thar na blianta. San am atá thart bhí níos mó ná 500 treibh de Bhundúchasaigh ann.


Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhair na Bundúchasaigh go suaimhneach síochánta agus bhí nasc láidir acu leis an talamh agus leis an gcomhshaol nádúrtha. B’fhiagaithe-cnuasaitheoirí (sealgairí agus cruinnitheoirí) iad. Creideann siad gur cruthaíodh an domhan in am ar a dtugann siad an ‘Dreamtime’.[3]

Is iad seo na hainmneacha a bhí orthu
- Eora a bhí ar an treibh ó Sydney,
- Bidgigal a bhí ar na daoine idir na hAibhneacha Cooks agus Georges,
- Gweagal a bhí ar na daoine ar an taobh theas de chuar na bá, agus
- Kameygal a bhí ar na daoine ar an taobh thuaidh de chorrán na bá.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cónaí ar mhuintir dhúchasach na hAstráile ann, le ar a laghad 40,000 bliain, nó suas le 50,000 bliain fiú.[4]
Lonnaigh na hEorpaigh san Astráil ón mbliain 1788 ar aghaidh. Bhí idir 4,000 agus 8,000 duine dúchasacha ina gcónaí sa cheantar Sydney nuair a tháinig Arthur Phillip agus an chéad loingeas i 1788.
Nuair a tháinig daoine ar ór san 1850idí, tháinig lonnaitheoirí nua agus bhrúigh siad na Bundúchasaigh den talamh. Pobal tuaithe fáin (bhog siad ó áit go háit go leanúnach) a bhí sna Bundúchasaigh ar dtús, agus cónaíonn breis is 60% díobh i gceantair chathrach nó i mbailte anois. Tá cultúr agus féiniúlacht láidir ag Bundúchasaigh na hAstráile. Tá níos lú ná 260,000 Bundúchasach ann sa bhliain 2016.
Chaith na Sasanaigh go hainnis ar fad leis na Bundúchasaigh agus tá tagairtí ann do Bhundúchasaigh a bheith sáite sa ghaineamh, gan ach an cloigeann le feiceáil os cionn talún agus an cloigeann céanna in úsáid mar liathróid rugbaí ag na coilínigh chun cic a chleachtadh.
Ní ritheann sé riamh le coilínigh go bhfuil go leor le foghlaim againn ó na Bundúchasaigh. Bhí Bundúchasaigh rompu san Astráil le 65,000 bliain. Speiceas fodhaonna ab ea iad i súile na gcoilíneach. Ní fhéadfadh cultúr ná creideamh a bheith ag speiceas den sórt sin!, dar leo.[5]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 12 Feabhra 2008, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG (https://www.cogg.ie/wp-content/documents/merged_document%20smto4.pdf).+"Bundúchasaigh na hAstráile".
- ↑ Australian museum. "When did modern humans get to Australia?" (en). The Australian Museum. Dáta rochtana: 2025-05-14.
- ↑ COGG. "An Astráil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-14. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ The Australian Museum. "When did modern humans get to Australia?" (en). The Australian Museum. Dáta rochtana: 2023-09-18.[nasc briste go buan]
- ↑ Gabriel Rosenstock (5 Bealtaine 2025). "MIONLÉIRMHEAS: Radhairc ar iargúil na hAstráile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-14.