Mount Egerton, Victoria
Mount Egerton | |
![]() Siopaí ag Mount Egerton | |
---|---|
Rialtas | |
Tír: | ![]() |
Stát: | Victoria |
Déimeagrafaic | |
Daonra: | 215 (2006)[1] |
Cód poist: | 3352 |
Crios ama: | AEST (UTC+10) AEDT (UTC+11) |
Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Mount Egerton. Tá sé le fáil i Sír Moorabool, seacht gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Seanbhaile mianadóireachta é, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 215 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 1.9% díobh.[2]
Tá talamh cothrom ar thaobh amháin de Mount Egerton agus talamh crochta ar an taobh eile. Tá cuid mhaith foraoise timpeall na háite fós.[3]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhíodh na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí anseo, agus lonnaigh Eorpagh san áit nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1853 ag an All Nations Gully.[4] Lean an mhianadóireacht tar éis an chéad ruathar agus ór á bhaint as síog ghrianchloiche le mionán. Tá an gléasra meilte agus roinnt iarsmaí eile le feiceáil fós. Thit an seanmhianach ar a chéile i bhfichidí an fichiú haois agus tá log mór le feiceáil ann.
D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Feabhra 1856 agus dhún sa bhliain 1993.[5] Bhí banc ann freisin agus robáil Captain Moonlite, ceithearnach coille iomráiteach, é sa bhliain 1869, coir a chuir tús lena shlí bheatha mar bhithiúnach.
Bhíodh séipéal beag adhmaid ann do Chaitlicigh agus é in úsáid anuas go dtí an chuid dheireanach den fichiú haois.
D’oscail an bhunscoil ar 6 Samhain 1877 agus tá sí ar oscailt i gcónaí.[6]
Tá seanreilig ann, cé gur beag ainm Éireannach atá le feiceáil ar na leaca uaighe.[7]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Mount Egerton (L) (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)
- ↑ http://www.censusdata.abs.gov.au/ABSNavigation/prenav/LocationSearch?collection=Census&period=2006&areacode=UCL235580&producttype=QuickStats&breadcrumb=PL&action=401 Daonáireamh 2006: Mount Egerton.
- ↑ http://www.maplandia.com/australia/victoria/moorabool/mount-egerton/ Tá léarscáil aerga de Mount Egerton le fáil anseo.
- ↑ http://www.mtegerton.com/ Welcome to MtEgerton.com.
- ↑ https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country=
- ↑ http://www.mtegerton.com/cb_pages/resource_school.php Mt Egerton Primary School
- ↑ http://www.mtegerton.com/cb_pages/mtegertoncemetery.php#O
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Baxter, James G.: Mount of Gold. Mount Egerton Primary School 1977.
Toohey, Jack: On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts. Ballarat 2005.