Barrys Reef, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBarrys Reef, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°27′S 144°17′E / 37.45°S 144.28°E / -37.45; 144.28
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán36 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3458 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Barrys Reef. Mianadóirí óir a bhunaigh é, agus thugtaí Bayup air. Níl aon staitisticí ag baint leis i ndaonáireamh Astrálach na bliana 2006.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh sin tíre roimh theacht na nEorpach, ach bhí siad ruaigthe, is dócha, faoi sheascaidí an 19ú haois, agus an-díobháil déanta ag an ól, ag galracha nua agus ag an lámh láidir dóibh.

Thosaigh ruathar óir sa cheantar sa bhliain 1855. Mianadóireacht ghlárach a bhí ar siúl ar dtús, agus timpeall 4,000 mianadóir le fáil ann, idir Eorpaigh agus Shínigh. Sé theach tábhairne a bhí ann tráth.

I gceann tamaill thosaigh daoine ag obair ar shíoga grianchloiche. Rinneadh suirbhéireacht ar cheann acu (Trewhella nó Barry's) agus dá bhrí sin bunaíodh Bayup, áit ar tugadh Barrys Reef uirthi ina dhiaidh sin. Lagaigh an mhianadóireacht sa chuid is mó den cheantar de réir a chéile, ach faoin mbliain 1874 bhí sráidbhaile mór in aice mhianaigh Barrys Reef agus bhí mórán fear ar fostú ag an Sultan Company. Ach tháinig meath ar an gcomhlacht seo féin: bhí mianadóirí ag imeacht, bhí comhlachtaí eile ag díol a gcuid gléasra, agus dhún an Sultan Company go tobann, rud a d'fhág mórán gan obair. Sa bhliain 1879 tháinig tuile thréan anuas an Lerderderg, ag crochadh léi rothaí uisce agus rudaí eile agus ag déanamh dochair do na droichid. Tháinig feabhas éigin ar an scéal sna hochtóidí, ach lagaigh cúrsaí arís agus scaip na mianadóirí in éineacht lena dteaghlaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flett, J., The History of Gold Discovery in Victoria, Poppet Head Press, Melbourne, 1976

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]