Mollongghip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMollongghip

Suíomh
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighSír Moorabool Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán89 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3352 Cuir in eagar ar Wikidata

Bailecheantar atá suite thart ar 105 km siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair Victoria na hAstráile, is ea Mollongghip.

Tá baint ag Mollongghip le limistéar Springbank, agus thaispeáin daonáireamh 2011 go raibh 385 duine ina gcónaí sa limistéar sin.[1]

Saothraítear prátaí ann agus cothaítear eallach. Bhíodh an limistéar go léir faoi chrainn roimh theacht na gcoilíneach, agus tá cuid d’Fhoraois Bullarook le fáil láimh leis an gceantar.[2] Chuir feirmeoirí agus lucht lománaíochta fúthu ann i seascaidí an 19ú haois.

Ba iad na Wathaurong cine bunaidh an cheantair agus chaith siad saol traidisiúnta ann anuas go dtí lár an 19ú haois. Scaipeadh iad ina dhiaidh sin.

Níl ach cúpla teach cónaithe ann anois agus tá na siopaí, an scoil agus an teach tábhairne dúnta. Tá seid bríogáid dóiteáin ann agus cúirt leadóige, agus seanhalla pobail a thóg na feirmeoirí sa bhliain 1903. I mBealtaine 1915 cuireadh ceolchoirm ar bun ann le haghaidh an Chiste Bheilgigh,[3] agus bhí craobh Mollongghip den Chros Dhearg ag bailiú éadaí ann sa bhliain 1918.[4] I measc na n-ócáidí a bhíonn ar siúl ann anois sin tá léitheoireachta filíochta, dinnéar lár geimhridh, cóisir Nollag, rincí agus bannaí ceoil. Tá caoi á coinneáil air le deontais rialtais.[5][6]

Tá briogáid áitiúil dóiteáin ann de chuid an Country Fire Authority (CFA).[7] Bunaíodh é roimh an Dara Cogadh Domhanda agus sa bhliain 1945 cheannaigh an lucht dóiteáin ceann de na leoraithe athmhíleata a chuir an rialtas ar fáil do na “bush fire brigades”.[8]

Ba chuid de Shír Creswick é Mollongghip anuas go dtí an bhliain 1995, nuair a cealaíodh an tSír sin agus gur cruthaíodh Sír Hepburn ina háit.[9]

Tá Mollongghip ina chuid den “Great Dividing Trail”, bealach siúlóide trí lár Victoria.[10]

Baineann Mollongghip le Paróiste Caitliceach Naomh Pádraig in Gordon, a bunaíodh sa bhliain 1875.[11]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Australian Bureau of Statistics (Springbank 2011): http://www.censusdata.abs.gov.au/census_services/getproduct/census/2011/quickstat/GL_VIC1718?opendocument&navpos=220[nasc briste go buan]
  2. Muileann sábhadóireachta Graves agus Fraser, Bóthar Leonards Hill-Barkstead, Korweinguboora, Sír Hepburn, Victoria: https://www.onmydoorstep.com.au/heritage-listing/12555/graves-and-frasers-sawmill Curtha i gcartlann 2016-03-26 ar an Wayback Machine.
  3. The Ballarat Courier, 15 Bealtaine 1915, lch 5: http://trove.nla.gov.au/ndp/del/article/73962084?
  4. The Ballarat Courier, 18 Meán Fómhair 1918, lch 3: http://trove.nla.gov.au/ndp/del/article/73539295?
  5. ’Call of the heartland,’ The Age Entertainment, 4 Meán Fómhair 2011: http://www.theage.com.au/entertainment/call-of-the-heartland-20111104-1mz1f.html[nasc briste go buan]. Léite ar 1 Eanáir 2015.
  6. ’Mollingghip Hall receives $20,000 for fresh look,’ The Courier, 30 Deireadh Fómhair 2012: http://www.thecourier.com.au/story/474364/mollongghip-hall-receives-20000-for-fresh-look/. Léite ar 1 Eanáir 2015.
  7. Country Fire Authority: http://www.cfa.vic.gov.au.
  8. Bungaree History: http://www.bungareehistorywalk.com/early-fire-fighting-equipment.html Curtha i gcartlann 2013-12-12 ar an Wayback Machine.
  9. Victorian local government amalgamations 1994-1995: Changes to the Australian Standard Geographical Classification, Australian Bureau of Statistics, 1995: http://www.ausstats.abs.gov.au/ausstats/free.nsf/0/76E601D6DB55E88ACA25722500049195/$File/12570_1994-95.pdf
  10. The Great Dividing Trail: http://www.gdt.org.au
  11. Catholic Diocese of Ballarat: http://www.ballarat.catholic.org.au/parishes/default.cfm?loadref=212 Curtha i gcartlann 2015-03-09 ar an Wayback Machine.