Blackwood, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBlackwood, Victoria

Ainmnithe in ómósFrancis Price Blackwood Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°28′12″S 144°18′29″E / 37.47°S 144.308°E / -37.47; 144.308
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán295 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3458 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Blackwood agus é suite ar bhruach Abhainn Lerderderg, naoi gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. I Sír Moorabool atá sé, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 235 duine ina gcónaí ann. Rugadh ocht nduine is fiche thar lear. Bhí Gearmáinis mar theanga theaghlaigh ag triúr agus Polainnis mar theanga theaghlaigh ag triúr eile.[1]

Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa taobh sin tíre roimh theacht na nEorpach, ach de réir an daonáirimh ní raibh aon duine ann ar de shliocht Bundúchasach é sa bhliain 2006.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuarthas ór chomh luath leis an mbliain 1851, ach níor thosaigh an ruathar go dtí an bhliain 1855, agus nuair a bhí sé i mbuaic a réime bhí timpeall 13,000 mianadóir ann. Mianadóireacht ghlárach a bhí ar siúl, ach faoi dheireadh na bliana 1856 bhí formhór na mianadóirí imithe, agus bhí a bhfuíoll ag obair ar ghrinneall an Lerderderg le boscaí sruthlaithe, caideil agus rothaí uisce. Idir Eorpaigh agus Shínigh a bhí i mbun an tsruthlaithe ar dtús, ach i gceann tamaill d'éirigh na Sínigh i bhfad níos líonmhaire. Ar éigean a bhí mianadóirí Eorpacha páirteach i mianadóireacht ghlárach faoi na seachtóidí.

Faoin am sin bhí dhá shráidbhaile curtha ar bun sa cheantar. Rinneadh suirbhéireacht ar cheann acu (Golden Point) agus leagadh amach mar Blackwood é.

Bhí mórán inneall beag meilte ann, a bhformhór á n-oibriú le huisce agus cuid bheag le gal. Chuireadh easpa uisce isteach go mór ar mhianadóirí agus triomach ann, go háirithe idir na blianta 1865 agus 1867. Bhí cuid mhór amhóir cruinnithe ag na mianadóirí, agus nuair a tháinig an t-uisce arís tháinig infheistíocht ina theannta. Thug comhlachtaí gustalacha poiblí faoin obair ach ní raibh rath orthu, agus ba iad na comharchumainn bheaga a choinnigh an dé sa mhianadóireacht. Tháinig neart inti sna seachtóidí timpeall Barrys Reef ach d'imigh sin.

Faoi thús an fichiú haois ní raibh ann ach scata sirtheoirí ar mhinic deontas rialtais faighte acu. D'éirigh le cuid acu roinnt mhaith óir a bhaint as an tsíog Yankee sa bhliain 1918, ach b'in deireadh an scéil.

Oifig an Phoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oscail Oifig an Phoist ar 22 Meán Fómhair 1855 agus thugtaí Mount Blackwood uirthi go dtí an bhliain 1921.[2]

An ceantar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sliabh Blackwood, bolcán spíonta, os cionn an cheantair, agus is furasta Páirc Stáit Lerderderg agus an Wombat State Forest a bhaint amach. Tá tobar mianraí ann chomh maith. Sa sráidbhaile féin tá seanbhótháin mianadóirí a tógadh i seascaidí an 19ú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Blackwood (L) (Urban Centre/Locality)"[nasc briste go buan], Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)
  2. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Premier Postal history: Post Office List. (Béarla)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flett, J., The History of Gold Discovery in Victoria, Poppet Head Press, Melbourne, 1976

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]