Balliang, Victoria
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Astráil | |||
| Stát de chuid na hAstráile | Victoria | |||
| Local government area of Victoria (en) | Sír Moorabool | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 290 (2016) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 127 m | |||
| Ar theorainn le | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | 3340 | |||
Ceantar in Victoria na hAstráile is ea Balliang agus é suite in oirdheisceart Shír Moorabool, 54 ciliméadar ó Melbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 233 duine ina gcónaí ann. Rugadh ceithre dhuine dhéag acu i Sasana, naonúr sa Nua-Shéalainn, triúr san Fhidsí, triúr sa tSlóivéin agus triúr san Ostair.[1] Ní raibh aon Bhundúchasaigh ina gcónaí ann, cé gurbh iad na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ann roimh theacht na nEorpach.
Ainmníodh an áit as teach in Geelong ar le Foster Fyans, coimisinéir tailte corónach, é. Deirtear gur ainmníodh an teach as Balliang (Ballyang), Bundúchasach a bhí ar fostú ag Fyans.[2]
Osclaíodh oifig poist ann ar 23 Bealtaine 1908 agus dhún sí sa bhliain 1968.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Balliang (State Suburb)"[nasc briste go buan], Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)
- ↑ http://www.pmi.net.au/balliang.htm%7Ctitle=Balliang%5B%5D, Shire of Moorabool, Victoria, Australia.
- ↑ https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Post office List: Balliang.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Balliang: 90 years of settlement 1908-1998. Balliang, Victoria: Back to Balliang Committee 1998.
