Gordon, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gordon
Gordon

Oifig an Phoist

RedDot.png
Suíomh

37°58′ Theas 144°06′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: Victoria
Déimeagrafaic
Daonra: 453 (2006)[1]
Cód poist: 3345
Crios ama: AEST (UTC+10)
AEDT (UTC+11)

Baile beag de chuid Victoria na hAstráile is ea Gordon agus é timpeall tríocha ciliméadar soir ó Bhallarat. Tá sé nócha ciliméadar siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Bhíodh ór á bhaint ann.

De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006, bhí 977 duine ina gcónaí ann agus ba de shliocht Bundúchasach 0.5% díobh. Rugadh 152 duine (15.6%) thar sáile.[2]

Timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Gordon suite ar spoir de chuid ghleann Abhainn Paddock. Ceantar coillteach a bhí ann nuair a thosaigh Eorpaigh ag cur fúthu sa limistéar sa bhliain 1838.

Bhíodh a lán ainmhithe agus éan le fáil sa cheantar. Tá cuid mhaith díobh imithe in éag anois de bharr seilge nó scrios gnáthóige, mar atá cangarúnna, lucha léimneacha, bandacúit, cait dhúchasacha, crotaigh, colúir agus pearóidí áirithe. Bhí diongónna coitianta i lár an 19ú haois ach díothaíodh iad.[3] Tá spéicis choitianta le feiceáil fós ann, áfach, agus tá an t-iolar dingearrach (Aquila audax) féin ann.

Ina eangach atá Gordon leagtha amach. Tá an limistéar tráchtála le fáil ar Main Street, áit a bhfuil teach tábhairne, siopa, oifig an phoist, agus cúpla foirgneamh oidhreachta leithéidí Eaglais Naomh Pádraig agus seanbhainc.

Tá foraois dhúchasach agus plandálacha péine le fáil ar an taobh thuaidh agus an taobh thiar den bhaile beag.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhíodh ina gcónaí sa cheantar, agus tháinig na chéad Eorpaigh sa bhliain 1838 chun réimsí caorach a bhunú. Ba le George Gordon réimse caorach Burrambeta, stráice talún a bhí laistiar de réimse Ballan agus Abhainn an Moorabool Thoir ina teorainn le cuid de.[4]

Tháinig rath air le linn órthóraíocht na 1850í in Victoria toisc é a bheith suite i ngabhal na mbóthar a bhí ag dul go dtí All Nation’s Gully agus Mount Egerton. Thángthas ar ór sa cheantar sa bhliain 1853 agus timpeall Gordon féin faoin mbliain 1858, agus bhí mianadóirí ag obair ann ar feadh scór blianta.[5] Níorbh fhearrde na Wathaurong teacht na nEorpach de dheasca na díobhála a rinne an t-ól, galracha nua agus an troid, agus deirtear gur cuireadh cuid acu sa tseanreilig nuair a mharaigh mianadóirí iad.[6]

Osclaíodh Oifig an Phoist sa bhliain 1858 mar "Gordon's" agus tugadh Gordon PO uirthi sa bhliain 1887.[7] Lonnaigh mórán Éireannach sa cheantar sa 19ú haois, daoine ó Chontae an Chláir agus ó áiteanna eile, agus thug siad an Ghaeilge isteach leo. B'Éireannaigh iad na sagairt pharóiste sa 20ú haois féin.[8]

I mbuaic a ratha bhí bancanna, siopaí agus suas le hocht dteach tábhairne ann.[9] Níl ann anois ach aon teach tábhairne amháin, an Gordon Hotel. Bhíodh an Farmers' Arms Hotel, teach adhmaid, san áit chéanna agus é i seilbh Ambrose Delaney anuas go dtí a bhás sa bhliain 1884. Ba lena mhuintir ina dhiaidh sin é anuas go dtí an bhliain 1928 nó thart air sin. Tógadh teach nua brící san áit sa bhliain 1936 agus tógadh an Gordon General Store le hadhmad an tseantí.[10] Tháinig deireadh leis an mianadóireacht sa bhliain 1910 agus thosaigh Gordon ag meathlú.[11]

Osclaíodh stáisiún iarnróid Gordon sa bhliain 1879. Dúnadh é sa bhliain 1981.[12][13].

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann Mórbhóthar an Iarthair thar Gordon agus é ina nasc idir Melbourne agus Ballarat. Tá Sean-Bhóthar Melbourne ann fós mar bhealach eile go dtí Ballarat siar agus go dtí Ballan soir.

Níl de sheirbhís iompair phoiblí ann ach bus a théann go dtí Ballarat[14] agus Ballan[15]. Ní bhíonn an tseirbhís ar fáil ach uair sa mhaidin agus uair sa tráthnóna.

Teampaill agus scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá bhunscoil ann: scoil phoiblí agus scoil Chaitliceach. Siúracha Naomh Iósaf a stiúradh an dara ceann. Tá séipéal mór gormchloiche (Séipéal Naomh Pádraig) laistiar de Ghordon ag cúinne Bóthar Carey agus Sean-Bhóthar Melbourne. Tógadh é ar thalamh a chuir feirmeoir áitiúil ar fáil chuige agus tá teach galánta sagairt ag baint leis. In Gordon féin tá teampall brící Anglacánach nach mbíonn seirbhisí ar siúl ann a thuilleadh.

Reiligí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá reilig ann, seancheann nach bhfuil comhartha uirthi agus í tamall siar ón Gordon Hotel, agus ceann a cuireadh ar bun níos déanaí ar leiceann cnoic soir ón sráidbhaile. Tá neart leaca uaighe sa dara ceann a thugann léargas ar na seanfhundúirí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Gordon (L) (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)
  2. http://www.censusdata.abs.gov.au/ABSNavigation/prenav/ProductSelect?newproducttype=QuickStats&btnSelectProduct=View+QuickStats+%3E&collection=census&period=2006&areacode=SSC25683&geography=&method=&productlabel=&producttype=&topic=&navmapdisplayed=true&javascript=true&breadcrumb=LP&topholder=0&leftholder=0&currentaction=201&action=401&textversion=false Daonáireamh 2006: Gordon.
  3. History of Greendale
  4. A Pictorial History of the Shire of Ballan, Ballan Shire Historical Society 1996. ISBN 0-7316-5415-3
  5. Ballarat Star, 29 Bealtaine 1858, 21 Meitheamh 1858.
  6. Ó bhéaloideas a bhailigh Colin Ryan.
  7. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocd.w? Post Office List: Gordon.
  8. Bhí leabhair Ghaeilge i dteach an tsagairt atá anois i seilbh Ollscoil Melbourne.http://www.academiccentre.stmarys.newman.unimelb.edu.au/?page_id=17/ Academic Centre, St Mary's College and Newman College.
  9. Sayers & Darbyshire 1975
  10. http://www.gordonvictoria.com/forum/read.php?5,27#reply_
  11. Sayers & Darbyshire 1975
  12. http://www.doi.vic.gov.au/doi/hvolr.nsf/MainFrameset?OpenFrameSet&Frame=ContentFrame&Src=%2Fdoi%2Fhvolr.nsf%2Fe82db8dc6517362a4a25678b00095532%2Ffdf3a2c2b882526aca257482007883ec%3FOpenDocument%26Highlight%3D0%2Crailway%2Cstation%26AutoFramed Gordon Railway Station: Victorian Heritage Register
  13. Scott Martin and Chris Banger, ‘'New Deal' for County Passengers - 25 years on,’ Newsrail, October 2006, Australian Railway Historical Society (Victorian Division), lch 319 }}
  14. http://ptv.vic.gov.au/route/view/5069
  15. http://ptv.vic.gov.au/route/view/1511

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sayers, C.; Darbyshire, John. Old Gold & Mining Towns of Australia. Rigby Publishers 1975

Gordon, Mt Egerton & Ballan Advertiser, 7 Eanáir 1882 - 13 Eanáir 1921 (i gcartlann Leabharlann Stáit Victoria).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]