Myrniong, Victoria
Myrniong | |
Myrniong | |
---|---|
Rialtas | |
Tír: | ![]() |
Stát: | Victoria |
Déimeagrafaic | |
Daonra: | 210 (2006)[1] |
Cód poist: | 3341 |
Crios ama: | AEST (UTC+10) AEDT (UTC+11) |
Baile i Victoria na hAstráile is ea Myrniong (fuaimnítear:/ˈmɜrnɒŋ/, ach [ˈmɜːnɔŋ] sa cheantar). Tá an bailte suite in aice leis an Mótarbhealach Thiar, 72 km siar ó thuaidh de príomhchathair an stáit, Melbourne, agus 15 km siar ó Bhacchus Marsh. Sníonn an Abhainn Lerderderg cóngarach don bhaile. De réir Daonáireamh na bliana 2006, bhí 210 duine ina gcónaí ann.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’osclaíodh Oifig an Phoist ar 6 Meán Fómhair sa bhliain 1858 (tugadh ‘Pentland Hills’ air ar dtús). Baistíodh ‘Myrniong’ air sa bhliain 1872, agus dúnadh í sa bhliain 1970.
Tá clú agus cáil ar an mbaile mar gheall ar na foirgnimh sa bhaile atá déanta as carraigeacha gorma, mar shampla, an t-ostán áitiúil (‘The Plough Hotel’), an tséipéal Anglacánach, agus an siléar ag ‘St. Anne’s Winery’.
An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
Eagraítear coláiste samhraidh cóngarach don bhaile gach Mí Eanáir ag Loch Dewar, faoi chúram Chumann Gaeilge na hAstráile.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Myrniong (L) (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007). (Béarla)