Cumann Gaeilge na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Gaeilge na hAstráile
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1993

Cláraíodh Cumann Gaeilge na hAstráile sa bhliain 1993 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in oirdheisceart na hAstráile. Bíonn ranganna seachtainiúla ar siúl acu in Melbourne agus scoil samhraidh á reáchtáil acu gach bliain.

Bhí baint ag bunú an Chumainn le bláthú an ilchultúrachais (téarma a bhí in úsáid faoin mbliain 1973) san Astráil agus grúpaí eitneacha ag cur cumann ar bun lena ndúchas a chaomhnú. [1] D’eascair an Cumann ó ranganna difriúla Gaeilge a bhí ar siúl sna fo-bhailte laistigh in Melbourne sna hochtóidí agus clár Gaeilge de chuid an Special Broadcasting Service mar thaca acu. Bunaíodh an Cumann sa bhliain 1992 agus reáchtáil sé ranganna ina lán áiteanna sular chuir sé faoi sa Chlub Ceilteach in Melbourne, áit a bhfuil sé go fóill.

Cuspóirí agus obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad bunchuspóirí an Chumainn daoine a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus pobal Gaeilge a bhunú san Astráil. Ba mhaith leis freisin Gaeilge a bheith mar ábhar i gcuraclam meánscolaíochta Victoria agus in ollscoil amháin ar a laghad mar chuid de BA sa Léann Éireannach.

An Fhuinneog Ghaelach, nuachtlitir an Chumainn, ar fáil ar shuíomh an Chumainn, in éineacht leis An Lúibín, nuachtlitir choicísiúil neamhspleách de chuid Colin Ryan.

Sa bhliain 2009 fuair an Cumann an chéad duais i gcomórtas domhanda Ghlór na nGael.[2]

Ranganna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ranganna agus comhrá ar siúl Dé Máirt sa Chlub Ceilteach i Melbourne.[3]

Daonscoil Victoria[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an chéad daonscoil (scoil samhraidh) in Victoria ar bun i Mí na Samhna 1995. Cuireadh tús le scoil in New South Wales i Mí Eanáir 1993 cheana. Ar feadh na mblianta bhíodh sí ar siúl i Mí Eanáir sa choill in aice le Bacchus Marsh agus bhíodh isteach is amach le caoga dalta ann agus iad ag gabháil don teanga, don cheol agus don rince.

Gaeltacht Melbourne[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh sos beag, thosaigh an daonscoil arís i dtimpeallacht uirbeach ag International House, coláiste de chuid University of Melbourne. Ó 2019 amach tabharfar Gaeltacht Melbourne uirthi.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-06. Dáta rochtana: 2010-03-12.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2010-03-12.
  3. "Cultural: Language Classes" (en-gb). The Celtic Club. Dáta rochtana: 2018-12-27.
  4. "Gaeltacht Melbourne 2019". Cumann Gaeilge na hAstráile. Dáta rochtana: 2019-03-04.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Ghaeilge san Astráil

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Scanláin, Muiris. An Mám ó Dheas. An Sagart 2009, lgh 292-293.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh an Chumainn