Baskin-Robbins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBaskin-Robbins
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálice cream parlor chain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlífochomhlacht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1945, Glendale, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Burt Baskin agus Irv Robbins Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeuachtar reoite agus pióg Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtInspire Brands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirInspire Brands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbaskinrobbins.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: baskinrobbinsUS Twitter: BaskinRobbins Instagram: baskinrobbins Youtube: UC28cixr5M4fkbC4izoHbthw TikTok: baskinrobbins Cuir in eagar ar Wikidata
Baskin-Robbins agus Dunkin' Donuts in aon siopa amháin in Brooklyn, Nua-Eabhrac

Slabhra siopaí uachtar reoite atá in Baskin-Robbins. Burt Baskin agus Irv Robbins a chuir an chuideachta ar bun sa bhliain 1945 in Glendale, California. De réir na cuideachta féin, is é an slabhra ceadúnais uachtar reoite is mó ar domhan é agus 5,800 siopa dá chuid ar an saol, 2,800 díobh sna Stáit Aontaithe.

Díolann Baskin-Robbins uachtar reoite in breis is 30 tír, na tíortha seo a leanas san áireamh: Ceanada, an tSeapáin, Meicsiceo, an Araib Shádach, Bairéin, an Ríocht Aontaithe, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Éigipt, Poblacht Éimin, Catar, an Rúis, an Astráil, an Téalainn, Vítneam, an Indinéis, an Mhalaeisia, an Bhanglaidéis, an Phacastáin, an Chóiré Theas, an Fhrainc, an India, Srí Lanca agus an Téaváin.

Úsáideann Baskin-Robbins an mana "31 blas", is é sin an líon céanna blasanna agus atá de laethanta i mí. Tá ceanncheathrú na cuideachta in Canton, Massachusetts. Is cuid de Dunkin' Brands, Inc. anois agus is minic a bhíonn siopa Baskin-Robbins in éindí le siopa taoschnónna agus caife Dunkin' Donuts. Ón mmbliain 2014 i leith, díoltar uachtar reoite Baskin-Robbins in ollmhargaidh freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]