An Bhantiarna Mary Heath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Eitleoir Éireannach ab ea Mary, An Bhantiarna Heath (10 Samhain 1896 – 9 Bealtaine 1939)[1]. Sophie Catherine Theresa Mary Peirce-Evans a thugtar uirthi nuair a rugadh í, gar do Chaisleán Nua Thiar, i gCnoc an Doire, Contae Luimnigh. Ba í Mary duine de na mná is mó cáil sa domhan ar feadh cúig bliana i lár na 1920idí[2][3][4][5].

Saol a hÓige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sophie i 1896 i gCnoc an Doire, Contae Luimnigh[6]. Feirmeoir agus grianghrafadóir ab ea a athair John Peirce-Evans; bhí an teaghlach go maith as[2]. Pósadh é ar bhean an tí, Kate Theresa Dooling as Contae Chiarraí[3][7]. Pósadh foréigneach gearr a bhí ann; mharaigh Evans a bhean chéile nuair a thug sé drochbhualadh di[8]. Chuireadh é isteach in ospidéal meabhairghalair i nDún Droma, Baile Átha Cliath agus fágadh an naíonán Sophie gan aon tuismitheoirí[2]. Chuireadh í faoi chúram a seantuismitheoirí agus beirt aintín, i dteaghlach saibhir i gCaisleán Nua Thiar[6]. Chuireadh í chuig scoileanna cónaithe i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath[2][6].

I 1914, thosaigh sí ag staidéar eolaíocht sa Choláiste Ríoga Eolaíocht Éireann. Bhuail sí le William Lynn, oifigeach airm, fear 40 bliana d'aois[2] agus pósadh iad i 1916; tugtar Sophie Mary Eliott-Lynn uirthi anois[3]. Chuir sí a staidéar ar sos i 1917 agus d'oibrigh sí mar theachtaireacht i Sasana agus sa Fhrainc, ar feadh dhá bhliain i rith An Chéad Chogadh Domhanda[3]. Ag an am seo, bhí a fear céile ag teacht chuige féin ón maláire[7]. Lean sí ar aghaidh ar an staidéar i mBaile Átha Cliath agus bhain sí amach céim Eolaíocht sa talmhaíocht[2]. Chun airgid a thuill, d'oibrigh sí in Obar Dheathain mar chúntóir zó-eolaíocht[7]. Thaistil a fear céile go dtí an Chéinia agus bhunaigh sé feirm chaife[2]; i 1922, bhog sí go dtí an phlandáil caife chun obair leo[9][10]. Níor thaitin an ciúnas le Sophie agus bhog í go Sasana ina aonar[2]. Ní raibh mórán teagmháil idir í féin agus a fear céile, agus fuair sé bás i 1927.

Spoirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lúthchleasaí ildánach a bhí inti ar scoil agus d'imir sí haca agus leadóg[3]. Ghlac sí páirt ghníomhach sa Chumann Haca agus í san ollscoil[7]. Agus i ina chónaí i Londain, bhí suim mhór aici i gcúrsaí mná sa spórt[6]. Ba i duine de na bunaitheoirí an Cumann Lúthchleas Amaitéarach Mná na Breataine i 1922; i 1924, bhí 23,000 baill sa chumann agus bhí Sophie ina uachtarán[7]. I 1922, chuaigh sí isteach sna Women's Modern Olympic Games i bPáras - rinne sí ionadaíocht thar ceann na Breataine[7]. I 1923, chuaigh sí isteach sa Chraobh Dhomhanda i Sasana: sa léim fhada, i gcaitheamh meáchain, i gcaitheamh na teisce, agus i gcliathrás 100m[6]. Bhris sí curriarracht mná an domhan sa léim fhada, agus an churiarracht Bhriotanach i gcaitheamh na sleá[6][11]. Bhí a curiarracht sa chliathrás 100m an churiarracht in Éirinn ar feadh 41 bliana[6]. I 1925, d'eitilt í go Prág agus thug sí óráid don Chomhdháil Oilimpeach, ag feachtasaíocht go mbeidh cead ag mná dul isteach sna Cluichí Oilimpeach[1][8][6]. I 1925, scríobh sí lámhleabhar cóitseáil rathúil, Athletics for Women and Girls[11]. Mar gheall ar a feachtasaíocht, bhí cead ag mná dul isteach sna Cluichí Oilimpeach i 1928 in Amstardam[11]. Sna cluichí seo, roghnaíodh í mar mholtóir lúthcleasaíochta[11]. D'eitilt í chuig an Staidiam Oilimpeach, agus tháinig í chun talún go drámatúil ar an bpáirc[11].

Gairm Eitilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1925, thosaigh a gairm eitilt nuair a bhuail sí le Captaen Reid as an Aerfórsa Ríoga, agus léirigh sí go raibh spéis aici san eitlíocht[11]. D'eagraigh sé ceachtanna eitilt di sa Chumann Eitleán Beag Londain (London Light Air Club)[9][11]. I 1925, ba í an chéad bhean sa domhan le ceadúnas píolóta[6]. Áfach, mar ba bhean í, dúirt an Coimisiún Idirnáisiúnta Eitlíocht nach raibh cead aici eitilt[6]. Bhí sí ag feachtasaíocht go dian in aghaidh é seo, agus i 1926 cuirfear deireadh leis an gcosc ar mhná agus thosaigh Mary ag tuilleamh airgead mar phíolóta tráchtála[6]. I 1926, rinne sí léim pharaisiúit as eitleán, an chéad bhean a rinneadh é seo[4][6][9]. I 1927, bhain sí amach airde 4,880m, curiarracht nua in airde; thaistil sí thart ar an Ríocht Aontaithe ag léacht; agus rinne sí éachtaí san aer[6][12]. I 1927 pósadh í ar An Ridire James Heath, seanfhear saibhir, agus tugtar Mary, an Bhantiarna Heath uirthi[7][10]. An plean a bhí aici ná eitilt aonair a dhéanamh ó Cape Town go Londain, an céad uair a rinneadh é[8][12].

Turas ó Cape Town go Londain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheannaigh Heath eitleán Avro Avian di, agus sheol an lánúin go dtí an Afraic Theas ar mhí na meala, chun an turas a dhéanamh ó Cape Town[10][12]. Thosaigh sí an eitilt in Eanáir 1928; turas eachtrach a bhí ann. Tháinig stróc teasa uirthi agus í os cionn Deisceart an Róidéis (An tSiombáib) agus bhí uirthi an t-eitleán a thabhairt chun talún de thuairt[8][10]. Bhí sí ag teacht chuici féin ar feadh cúpla seachtain sular thosaigh sí ag eitilt arís[12]. Chun eitilt os cionn Scoiltghleann siar ó Nairobi, 2,440m os cionn leibhéal na mara, chaith sí rudaí mar bhróga agus leabhair amach as an eitleán[6][10]. Thug sí cuairt ar roinnt áiteanna faoi smacht na Breataine, agus chuir an uaisaicme áitiúil fáilte roimpi[10]. Bhí sí i bhfabhar impiriúlachas agus cheap sí gur rud maith é go raibh na tíortha seo faoi smacht an Ríocht Aontaithe[6]. Nuair a bhí sé os cionn na Libia, thug daoine as treibheanna áitiúil iarracht í a scaoileadh[10][12]. Bhí sí ábalta teacht chun talún go sábháilte níos déanaí chun na poill piléar a dheisiú[10]. Ar an mbealach, d'eitilt í thart ar an Mheánmhuir cé nach raibh ceart aici é sin a dhéanamh[6] agus thug sí cuairt ar Mhálta agus an Fhrainc[6]. Bhí meas aici ar Mussolini; thug sí cuairt ar an Iodáil chomh maith[6].

Shroich sí ar Croydon, Londain i mí na Bealtaine 1928 tar éis turas 16,000km[6]; chuireadh fáilte an laoch roimpi[5]. Ag an bpointe seo agus an eitlíocht i mbéal an phobail, ba í duine de na mná is cáil sa domhan[4]. Toghadh ina Chomhalta Cumann Ríoga an Tíreolaíocht í[7]. I samhradh 1928, rinne sí turas eitilt in Éirinn[4]. Thaistil sí ar fud na Stáit Aontaithe ag léacht[12]. Bhain sí amach cáilíocht meicneoir, an chéad bhean a rinneadh é sna Stáit Aontaithe[5]. Scríobh sí leabhar, Women and Flying, lena cara Stella Wolfe Murray[12]. Áfach, in Ohio i 1929, agus í 34 bliana d'aois, chuir drochthimpiste eitleán stop lena gairm eitilt[12]. Gortaíodh go dona í, ina coirp agus ina intinn - d'athraigh a pearsantacht tar éis na timpiste[12].

Saol Tar Éis Eitlíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1930, theip ar a dara pósadh[1]. Thit sí i ngrá le Reginald John Williams, fear gorm as Na hIndiacha Thiar, agus pósadh iad i 1931[8]. Chaill sí a tacaíocht fógraíocht mar gheall ar an gciníochas oscailte a díríodh ar a fear céile[8]. Bhog iad go hÉirinn agus bhunaigh iad chomhlacht eitilt i 1932; scoil a thraenáil, níos déanaí, roinnt de na píolótaí Aer Lingus[5][6][11]. Rinneadh a chomhlacht féimheach i 1935 agus chaill Mary a chuid airgid[6][11]. Thit an tríú pósadh as a chéile agus bhog í go Londain ag lorg oibre, ach bhí a shláinte ag dul níos measa agus fuair an t-alcól greim uirthi[6][12]. I 1939 agus i ag taisteal ar iompar poiblí i Londain, bhain gortú cloiginn di agus fuair sí bás[1][6][13]. Bhí sí 42 bliana d'aois nuair a chailleadh í[5].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Ciaran Mather (2020-01-28). "Meet Lady Mary Heath, the first 'star' of RTE's new Herstory Series" (en-US). EVOKE.ie. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 Sharon Slater | Apr 3, 2016 | People, Genealogy (2016-04-03). "The Limerick Aviatrix - Lady Mary Heath • People & Genealogy" (en-US). Limerick's Life. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "Lady Mary Heath - Irish Aviator" (en-US). Lora O'Brien - Irish Author & Guide (2019-01-05). Dáta rochtana: 2020-03-10.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Galway Advertiser, Thu, Aug 30, 2018. "Lady Mary Heath in ‘The Swamp’". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Rise and fall of our high-flying Lady Mary" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  6. 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 6.17 6.18 6.19 6.20 6.21 6.22 Broderick, Marian, author.. "Wild Irish Women : Extraordinary Lives from History". OCLC 1100921976. 
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 7.7 "LADY MARY HEATH / AVIATOR & ATHLETE —" (en-GB). www.herstory.ie. Dáta rochtana: 2020-03-17.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Herstory: Lady Mary Heath" (in en) (2019-09-02). 
  9. 9.0 9.1 9.2 Michael Traynor (2004-11). "Iona: Irelands First Commercial Airline" (in en). IONA-Ireland's 1st Airline. 
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 10.6 10.7 Neil Kemp (2016-01-24). "Mary Heath: The Life and Sad Demise of “Lady Icarus”-The Forgotten Aviatrix" (en). Nerdalicious. Dáta rochtana: 2020-03-17.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 11.5 11.6 11.7 11.8 Ian O'Riordan. "How a pioneer from Limerick helped women take flight in the Olympics" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-16.
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 12.5 12.6 12.7 12.8 12.9 Debbie Blake (2015-08-03). "Daughters of Ireland: Pioneering Irish Women" (in en). History Press. 
  13. "9 May 1939, Page 1 - The Brooklyn Daily Eagle at Newspapers.com" (en). Newspapers.com. Dáta rochtana: 2020-03-18.