Jump to content

An Bhantiarna Mary Heath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Bhantiarna Mary Heath

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Sophie Catherine Theresa Mary Peirce-Evans Cuir in eagar ar Wikidata
10 Samhain 1896
Cnoc an Doire, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Bealtaine 1939
42 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeitleoir, léimneoir ard, iomaitheoir lúthchleasaíochta, javelin thrower (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtléim ard
caitheamh na sleá Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSir James Heath, An Chéad Bhairnéad Cuir in eagar ar Wikidata

Eitleoir Éireannach ab ea Mary, An Bhantiarna Heath (10 Samhain 1896 – 9 Bealtaine 1939)[1]. Sophie Catherine Theresa Mary Peirce-Evans a thugtar uirthi nuair a rugadh í, gar do Chaisleán Nua Thiar, i gCnoc an Doire, Contae Luimnigh. Ba í Mary duine de na mná is mó cáil sa domhan ar feadh cúig bliana i lár na 1920idí[2][3][4][5].

Rugadh Sophie i 1896 i gCnoc an Doire, Contae Luimnigh[6]. Feirmeoir agus grianghrafadóir ab ea a athair John Peirce-Evans; bhí an teaghlach go maith as[2]. Pósadh é ar bhean an tí, Kate Theresa Dooling as Contae Chiarraí[3][7]. Pósadh foréigneach gearr a bhí ann; mharaigh Evans a bhean chéile nuair a thug sé drochbhualadh di[8]. Chuireadh é isteach in ospidéal meabhairghalair i nDún Droma, Baile Átha Cliath agus fágadh an naíonán Sophie gan aon tuismitheoirí[2]. Chuireadh í faoi chúram a seantuismitheoirí agus beirt aintín, i dteaghlach saibhir i gCaisleán Nua Thiar[6]. Chuireadh í chuig scoileanna cónaithe i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath[2][6].

I 1914, thosaigh sí ag staidéar eolaíocht sa Choláiste Ríoga Eolaíocht Éireann. Bhuail sí le William Lynn, oifigeach airm, fear 40 bliana d'aois[2] agus pósadh iad i 1916; tugtar Sophie Mary Eliott-Lynn uirthi anois[3]. Chuir sí a staidéar ar sos i 1917 agus d'oibrigh sí mar theachtaireacht i Sasana agus sa Fhrainc, ar feadh dhá bhliain i rith An Chéad Chogadh Domhanda[3]. Ag an am seo, bhí a fear céile ag teacht chuige féin ón maláire[7]. Lean sí ar aghaidh ar an staidéar i mBaile Átha Cliath agus bhain sí amach céim Eolaíocht sa talmhaíocht[2]. Chun airgid a thuill, d'oibrigh sí in Obar Dheathain mar chúntóir zó-eolaíocht[7]. Thaistil a fear céile go dtí an Chéinia agus bhunaigh sé feirm chaife[2]; i 1922, bhog sí go dtí an phlandáil caife chun obair leo[9][10]. Níor thaitin an ciúnas le Sophie agus bhog í go Sasana ina aonar[2]. Ní raibh mórán teagmháil idir í féin agus a fear céile, agus fuair sé bás i 1927.

Lúthchleasaí ildánach a bhí inti ar scoil agus d'imir sí haca agus leadóg[3]. Ghlac sí páirt ghníomhach sa Chumann Haca agus í san ollscoil[7]. Agus i ina chónaí i Londain, bhí suim mhór aici i gcúrsaí mná sa spórt[6]. Ba i duine de na bunaitheoirí an Cumann Lúthchleas Amaitéarach Mná na Breataine i 1922; i 1924, bhí 23,000 baill sa chumann agus bhí Sophie ina uachtarán[7]. I 1922, chuaigh sí isteach sna Women's Modern Olympic Games i bPáras - rinne sí ionadaíocht thar ceann na Breataine[7]. I 1923, chuaigh sí isteach sa Chraobh Dhomhanda i Sasana: sa léim fhada, i gcaitheamh meáchain, i gcaitheamh na teisce, agus i gcliathrás 100m[6]. Bhris sí curriarracht mná an domhan sa léim fhada, agus an churiarracht Bhriotanach i gcaitheamh na sleá[6][11]. Bhí a curiarracht sa chliathrás 100m an churiarracht in Éirinn ar feadh 41 bliana[6]. I 1925, d'eitilt í go Prág agus thug sí óráid don Chomhdháil Oilimpeach, ag feachtasaíocht go mbeidh cead ag mná dul isteach sna Cluichí Oilimpeach[1][8][6]. I 1925, scríobh sí lámhleabhar cóitseáil rathúil, Athletics for Women and Girls[11]. Mar gheall ar a feachtasaíocht, bhí cead ag mná dul isteach sna Cluichí Oilimpeach i 1928 in Amstardam[11]. Sna cluichí seo, roghnaíodh í mar mholtóir lúthcleasaíochta[11]. D'eitilt í chuig an Staidiam Oilimpeach, agus tháinig í chun talún go drámatúil ar an bpáirc[11].

I 1925, thosaigh a gairm eitilt nuair a bhuail sí le Captaen Reid as an Aerfórsa Ríoga, agus léirigh sí go raibh spéis aici san eitlíocht[11]. D'eagraigh sé ceachtanna eitilt di sa Chumann Eitleán Beag Londain (London Light Air Club)[9][11]. I 1925, ba í an chéad bhean sa domhan le ceadúnas píolóta[6]. Áfach, mar ba bhean í, dúirt an Coimisiún Idirnáisiúnta Eitlíocht nach raibh cead aici eitilt[6]. Bhí sí ag feachtasaíocht go dian in aghaidh é seo, agus i 1926 cuirfear deireadh leis an gcosc ar mhná agus thosaigh Mary ag tuilleamh airgead mar phíolóta tráchtála[6]. I 1926, rinne sí léim pharaisiúit as eitleán, an chéad bhean a rinneadh é seo[4][6][9]. I 1927, bhain sí amach airde 4,880m, curiarracht nua in airde; thaistil sí thart ar an Ríocht Aontaithe ag léacht; agus rinne sí éachtaí san aer[6][12]. I 1927 pósadh í ar An Ridire James Heath, seanfhear saibhir, agus tugtar Mary, an Bhantiarna Heath uirthi[7][10]. An plean a bhí aici ná eitilt aonair a dhéanamh ó Cape Town go Londain, an céad uair a rinneadh é[8][12].

Turas ó Cape Town go Londain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheannaigh Heath eitleán Avro Avian di, agus sheol an lánúin go dtí an Afraic Theas ar mhí na meala, chun an turas a dhéanamh ó Cape Town[10][12]. Thosaigh sí an eitilt in Eanáir 1928; turas eachtrach a bhí ann. Tháinig stróc teasa uirthi agus í os cionn Deisceart an Róidéis (An tSiombáib) agus bhí uirthi an t-eitleán a thabhairt chun talún de thuairt[8][10]. Bhí sí ag teacht chuici féin ar feadh cúpla seachtain sular thosaigh sí ag eitilt arís[12]. Chun eitilt os cionn Scoiltghleann siar ó Nairobi, 2,440m os cionn leibhéal na mara, chaith sí rudaí mar bhróga agus leabhair amach as an eitleán[6][10]. Thug sí cuairt ar roinnt áiteanna faoi smacht na Breataine, agus chuir an uaisaicme áitiúil fáilte roimpi[10]. Bhí sí i bhfabhar impiriúlachas agus cheap sí gur rud maith é go raibh na tíortha seo faoi smacht an Ríocht Aontaithe[6]. Nuair a bhí sé os cionn na Libia, thug daoine as treibheanna áitiúil iarracht í a scaoileadh[10][12]. Bhí sí ábalta teacht chun talún go sábháilte níos déanaí chun na poill piléar a dheisiú[10]. Ar an mbealach, d'eitilt í thart ar an Mheánmhuir cé nach raibh ceart aici é sin a dhéanamh[6] agus thug sí cuairt ar Mhálta agus an Fhrainc[6]. Bhí meas aici ar Mussolini; thug sí cuairt ar an Iodáil chomh maith[6].

Shroich sí ar Croydon, Londain i mí na Bealtaine 1928 tar éis turas 16,000km[6]; chuireadh fáilte an laoch roimpi[5]. Ag an bpointe seo agus an eitlíocht i mbéal an phobail, ba í duine de na mná is cáil sa domhan[4]. Toghadh ina Chomhalta Cumann Ríoga an Tíreolaíocht í[7]. I samhradh 1928, rinne sí turas eitilt in Éirinn[4]. Thaistil sí ar fud na Stáit Aontaithe ag léacht[12]. Bhain sí amach cáilíocht meicneoir, an chéad bhean a rinneadh é sna Stáit Aontaithe[5]. Scríobh sí leabhar, Women and Flying, lena cara Stella Wolfe Murray[12]. Áfach, in Ohio i 1929, agus í 34 bliana d'aois, chuir drochthimpiste eitleán stop lena gairm eitilt[12]. Gortaíodh go dona í, ina coirp agus ina intinn - d'athraigh a pearsantacht tar éis na timpiste[12].

Saol Tar Éis Eitlíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1930, theip ar a dara pósadh[1]. Thit sí i ngrá le Reginald John Williams, fear gorm as Na hIndiacha Thiar, agus pósadh iad i 1931[8]. Chaill sí a tacaíocht fógraíocht mar gheall ar an gciníochas oscailte a díríodh ar a fear céile[8]. Bhog siad go hÉirinn agus bhunaigh iad chomhlacht eitilte i 1932; scoil a thraenáil, níos déanaí, roinnt de na píolótaí Aer Lingus[5][6][11]. Rinneadh a chomhlacht féimheach i 1935 agus chaill Mary a chuid airgid[6][11]. Thit an tríú pósadh as a chéile agus bhog sí go Londain ag lorg oibre, ach bhí a sláinte ag dul níos measa agus fuair an t-alcól greim uirthi[6][12]. I 1939 agus i ag taisteal ar iompar poiblí i Londain, bhain gortú cloiginn di agus fuair sí bás[1][6][13]. Bhí sí 42 bliana d'aois nuair a chailleadh í[5].

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Ciaran Mather (2020-01-28). "Meet Lady Mary Heath, the first 'star' of RTE's new Herstory Series" (en-US). EVOKE.ie. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 Sharon Slater | Apr 3, 2016 | People, Genealogy (2016-04-03). "The Limerick Aviatrix - Lady Mary Heath • People & Genealogy" (en-US). Limerick's Life. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "Lady Mary Heath - Irish Aviator" (en-US). Lora O'Brien - Irish Author & Guide (2019-01-05). Dáta rochtana: 2020-03-10.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Galway Advertiser, Thu, Aug 30, 2018. "Lady Mary Heath in ‘The Swamp’". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Rise and fall of our high-flying Lady Mary" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-10.
  6. 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 6.17 6.18 6.19 6.20 6.21 6.22 Broderick, Marian, author.. "Wild Irish Women : Extraordinary Lives from History". OCLC 1100921976. 
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 7.7 "LADY MARY HEATH / AVIATOR & ATHLETE —" (en-GB). www.herstory.ie. Dáta rochtana: 2020-03-17.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Herstory: Lady Mary Heath" (as en) (2019-09-02). 
  9. 9.0 9.1 9.2 Michael Traynor (2004-11). "Iona: Irelands First Commercial Airline" (as en). IONA-Ireland's 1st Airline. 
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 10.6 10.7 Neil Kemp (2016-01-24). "Mary Heath: The Life and Sad Demise of “Lady Icarus”-The Forgotten Aviatrix" (en). Nerdalicious. Dáta rochtana: 2020-03-17.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 11.5 11.6 11.7 11.8 Ian O'Riordan. "How a pioneer from Limerick helped women take flight in the Olympics" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-16.
  12. 12.00 12.01 12.02 12.03 12.04 12.05 12.06 12.07 12.08 12.09 Debbie Blake (2015-08-03). "Daughters of Ireland: Pioneering Irish Women" (as en). History Press. 
  13. "9 May 1939, Page 1 - The Brooklyn Daily Eagle at Newspapers.com" (en). Newspapers.com. Dáta rochtana: 2020-03-18.