Aleksandr Solzhenitsyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAleksandr Solzhenitsyn

(1974) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Александр Исаевич Солженицын
Beathaisnéis
Breith11 Nollaig 1918
Kislovodsk (Russian Socialist Federative Soviet Republic)
Bás3 Lúnasa 2008
89 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Áit adhlacthaDonskoe cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLeninism (en) Aistrigh
ReiligiúnEaglais Cheartchreidmheach na Rúise
Scoil a d'fhreastail sé/síRostov State University (en) Aistrigh (1936–1941)
Southern Federal University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreGULag
Gairmscríbhneoir (1959–), múinteoir scoile (1957–), scríbhneoir próis, saighdiúir, iriseoir tuairime, míleatach, pearsa phoiblí, drámadóir, staraí, file, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal gairid, gearrscéal, iriseoireacht tuairimíochta, aiste, úrscéal, Q32361017 Aistrigh, foclóireacht agus Q14914597 Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidDmitry Morduhai-Boltovskoi
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Céim mhíleatasenior lieutenant (en) Aistrigh
captaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileNatalya Reshetovskaya (1940–1948)
Natalia Solzhenitsyna (1973–2008) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIgnat Solzhenitsyn
 ( Natalia Solzhenitsyna) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIsaackly Semyonovich Solzhenitsyn  agus Taisiya Zakharovna Shcerbak
Croineolaíocht
6 Feabhra 1957rehabilitation (en) Aistrigh
2 Feabhra 1945-13 Feabhra 1953gabháil
breith iarbháis Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinsolzhenitsyn.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0813681 iTunes: 2664103 Musicbrainz: a53f258a-b79b-44a8-81ad-80c905d0801e Discogs: 1728986 Find a Grave: 28763542 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach ab ea Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын, traslitriú scolártha: Aleksandr Isaevič Solženicyn).

Ba eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar "oileánra na gcampaí géibhinn" san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1970. Díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile.

Fuair sé bás i Moscó ar an 3 Lúnasa 2008.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Shaol san Aontas Sóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Péintéir Нина Викторовна Горланова

Saolaíodh Aleksandr Solzhenitsyn i gKislovodsk é ar 11 Nollaig 1918, do bhaintreach óg darbh ainm Kseniya Solzhenitsyna (Ксения Солженицына) née Shcherbak (Щербак). Dealraíonn sé gur fear beartach ab ea athair Kseniya a bhí ábalta a chuid féin a shaothrú go raidhsiúil, go dtí gur cheannaigh sé eastát mór i réigiún Kuban ar an taobh thuaidh de Shléibhte Chugais. Chuaigh an iníon ag staidéar i Moscó le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus b'ansin a casadh athair Aleksandr, Isay, uirthi. Oifigeach óg airm ó réigiún Chugas ab ea Isay freisin. Ina dhiaidh sin, bhain an scríbhneoir an-úsáid as scéal grá a thuismitheoirí san úrscéal Август четырнадцатого/Avgust chetyrnadtsatogo ("Mí Lúnasa sa bhliain 1914") agus sa tsraith úrscéalta An Roth Dearg. Sa bhliain 1918, nuair a bhí an bhean óg ag iompar clainne, fuair an fear céile bás i dtimpiste sealgaireachta. Ba iad a mháthair agus a aintín a thóg Aleksandr ansin, agus Cogadh Cathartha na Rúise á chur ina dtimpeall. Ar ndóigh, nuair a tháinig an Sóisialachas i réim, baineadh an t-eastát den teaghlach, agus sa bhliain 1930, iompaíodh ina chalchas é. Dúirt an scríbhneoir gurbh éigean dá mháthair an-chath a chur ar a son agus ar son a muintire, agus í ag coinneáil faoi rún go raibh a fear céile ina oifigeach san Arm Impiriúil nuair a bhí sé beo. Thaitin sé go mór leis an máthair go raibh luí ag an mac le litríocht agus le heolaíocht, agus spreag sí chun staidéir é. Fuair sí bás i ndeireadh na bliana 1939.

Александр Солженицын и Михаил Матвеев. 8 сентября 1995

Rinne Solzhenitsyn staidéar ar an matamaitic in Ollscoil Stáit Rostov na Donu, agus é ag foghlaim cúrsa poist i bhfealsúnacht, litríocht agus stair san am céanna. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina oifigeach airtléire san Arm Sóivéadach, i bpáirc an áir. Nuair a tháinig an t-arm a fhad leis an bPrúis Thoir, i Mí Fheabhra 1945, ghabh foireann frithspiaireachta an airm é, ó bhí sé tar éis locht a fháil ar Stalin i litir phríobháideach a sheol sé chuig cara leis. Gearradh téarma ocht mbliana i gcampa daorbhroide dó. Mar chuid den phionós, cuireadh ar díbirt inmheánach é, is é sin, bhí sé ceaptha nach bhfaigheadh sé cead filleadh abhaile i ndiaidh an téarma príosúnachta a chur isteach.

Chaith sé an chéad chuid den téarma sna campaí daorbhroide. Bhí sé i ndiaidh insint do na húdaráis, áfach, gur "fisiceoir núicléach" a bhí ann. Bhí tuiscint éigin aige do na cúrsaí sin, ós rud é gur matamaiticeoir a bhí ann agus cúrsaí fisice foghlamtha aige san ollscoil, ach is ar éigean is féidir a rá gur fisiceoir d'aon chineál a bheadh ann. Mar sin féin, i ndiaidh cúpla bliain cuireadh ag obair é i sharashka, nó ionad taighde agus eolaíochta a bhí á reáchtáil ag na seirbhísí rúnda, agus saineolaithe cimithe ag obair ansin ar mhaithe leis na fórsaí armtha. Níos deireanaí, scríobh sé úrscéal faoin am a chaith sé ansin - В круге первом ("Sa Chéad Chiorcal"). Sa bhliain 1950, arís, cuireadh i gcampa speisialta do phríosúnaigh pholaitiúla é, in Ekibastuz sa Chasacstáin. Ansin, d'oibrigh sé seal ina bhrícléir, seal ina mhianadóir, agus seal sa teilgcheárta. San am sin, freisin, chuaigh sé faoi scian an mháinlia le sceachaill a bhaint de. Ní raibh a fhios aige san am gur ailse a bhí ann.

Solzhenitsyn agus Mstislav Rostropovich, 1998

I ndiaidh an téarma príosúnachta, chuir sé faoi i gKok-Terek sa Chasacstáin, ó nach raibh cead aige dul in aon chóngar dá fhód dúchais. Tháinig an ailse air arís, agus bhí na cúrsaí ag breathnú go han-dona, ach sa bhliain 1954, fuair sé cead isteach in ospidéal oinceolaíochta i dTashkent, agus leigheasadh é le radaíocht ansin. Níos deireanaí, scríobh sé a úrscéal Раковый корпус ("Barda na hAilse") faoin tréimhse a chaith sé i gclinic na radaíochta.

Sna blianta sin, ba í an mhúinteoireacht a choinnigh bia agus beatha leis, ach má bhí am ar bith ar a phraeic aige, is ag scríbhneoireacht a chaitheadh sé é. Bhí sé suite siúráilte, áfach, nach dtiocfadh oiread is líne uaidh i gcló fad a shaoil, agus ní raibh de chroí ann lorg a láimhe a thaispeáint ach don chorrchara a raibh iomlán na muiníne aige as.

Bhí sé dhá bhliain is dhá scór d'aois, nuair a fuair sé de mhisneach dul i bhfianaise Aleksandr Tvardovskiy, file a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris litríochta Novyi Mir, leis an ngearrscéal fada úd Один день Ивана Денисовича/Odin den' Ivana Denisovicha ("Lá amháin i saol Ivan Denisovich") a thairiscint dó. Bhí an scéal seo bunaithe ar an gcineál saoil a bhí aige in Ekibastuz. Foilsíodh an gearrscéal ar an Novyi Mir sa bhliain 1962, le cead pearsanta Khrushchev. Nuair a cuireadh an t-eagrán sin den Novyi Mir faoi bhráid na cinsireachta, bhain an gearrscéal sceimhle agus scanradh as na cinsirí, agus ghlaoigh duine acu ar an Novyi Mir le fiosrú de na heagarthóirí, cé acu acu a cheadaigh a leithéid de scéal a chur i gcló. Ó bhí cead Khrushchev ag na heagarthóirí, ní raibh scáth ná eagla orthu roimh an gcinsire, is é an freagra gealgháireach a thug siad gur "thaitin sé go mór leis an iomlán againn". Chuaigh an cinsire ar an daoraí, ach nuair a chuala sé go raibh cead faighte ó Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh féin, d'éirigh sé i bhfad ní ba chúirtéisí - agus d'iarr sé ar na heagarthóirí, fiú, cúpla cóip eile a chur chuige, le haghaidh a chuid cairde!

Bhí Khrushchev go díreach ag iarraidh an Páirtí a chur ar bhealach a leasa agus maolú ar chumhacht na Stailíneach. Mar sin, tháinig gearrscéal Solzhenitsyn isteach úsáideach, mar ghléas bolscaireachta in aghaidh an Stailíneachais. Nuair a chuir Leonid Brezhnev agus na sean-Stailínigh eile Khrushchev as oifig, áfach, ní raibh cara sa chúirt ag Solzhenitsyn a thuilleadh. Thosaigh sé ag cailleadh fóid. Baineadh ballraíocht Chumann na Scríbhneoirí de, agus fuair sé é féin á chiapadh ag scabhaitéirí nach ndéanfadh an stát Sóivéadach aon iarracht a stopadh.

Sa bhliain 1970, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Solzhenitsyn. Má bronnadh féin, áfach, níor mhaolaigh sé ar an bhfeachtas géarleanúna. Ní dheachaigh sé go dtí an tSualainn, áfach, nó bhí eagla air nach ligfí isteach go dtí an Rúis arís é, dá mbeadh teorainn na tíre trasnaithe aige. Lean sé leis ag scríobh a mhórshaothair, ar ar chrom sé thiar i lár na seascaidí an chéad uair - Архипелаг ГУЛаг, nó "Oileánra GULag", is é sin, stairsheanchas na gcimí ó champaí géibhinn Stalin.

Ar an tríú lá déag de Mhí Feabhra, 1974, d'fhuadaigh lucht na seirbhísí rúnda Solzhenitsyn. Shíl sé ar dtús go rabhthas le hé a mharú, ach is é an rud a tharla gur tugadh ar bord eitleáin é lena dhíbirt go dtí Iarthar na Gearmáine. Chaill sé saoránacht an Aontais Shóivéadaigh, agus b'éigean dó, ar dtús, seal a chaitheamh ar cuairt i dteach Heinrich Böll.

San Iarthar dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh dó seal a chaitheamh san Eilvéis, fuair an scríbhneoir cuireadh ó Ollscoil Stanford teacht go dtí na Stáit, le go bhféadfadh seisean agus a mhuintir cur fúthu in áit shuaimhneach, agus seans aige féin bheith ag scríbhneoireacht leis. Bhí cónaí air, tamall, ar an chéad úrlár déag de Thúr Hoover, ar cuid é d'Institiúid Hoover. Sa bhliain 1976, chuaigh sé ina chónaí i gCavendish, Vermont. Bhronn Ollscoil Harvard céim oinigh air sa Litríocht, agus ar an ochtú lá de Mhí Iúil, 1978, thug sé óráid inar cháin sé cultúr comhaimseartha an Iarthair go tréan.

Sna chéad ocht mbliana déag eile, chuir Solzhenitsyn deireadh ar an tsraith d'úrscéalta faoi Réabhlóid na Rúise, mar atá, "An Roth Dearg", chomh maith le roinnt mionsaothar. Sa bhliain 1990, fuair sé saoránacht an Aontais Shóivéadaigh ar ais, agus d'fhill sé go dtí an Rúis in éineacht lena bhean chéile, Natalia, a bhain amach saoránacht na Stát Aontaithe idir an dá linn. D'fhan an bheirt mhac acu thiar sna Stáit.

Cé gur fearadh fíorchaoin fáilte roimhe sna Stáit, agus muintir na tíre sin ag urramú a phríobháideachta, níor mhothaigh Solzhenitsyn é féin compordach riamh i Meiriceá. Níor éirigh leis, fiú, líofacht a bhaint amach i mBéarla cé gur chaith sé scór de bhlianta sna Stáit.

Bhí Solzhenitsyn ag tabhairt rabhaidh faoi chomh dainséarach is a bhí an Cumannachas agus chomh patuar is a bhí an tIarthar i bhfianaise an dainséir seo. Thaitin an chaint seo go mór mór leis na ciorcail choimeádacha san Iarthar, ach má thaitin féin, thosaigh na liobrálaigh agus lucht na saoltachta ag lochtú an dóigh a raibh an scríbhneoir ag moladh an tírghrá Rúisigh agus an reiligiúin Rúisigh. D'ionsaigh Solzhenitsyn ceol agus popchultúr an Iarthair freisin, agus é den tuairim go raibh sé ag marú dúchas spioradálta an duine.

An Filleadh go dtí an Rúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Solzhenitsyn agus Vladímír Pútín, 2007.

Ó tháinig sé ar ais go dtí an Rúis sa bhliain 1994, d'fhoilsigh Solzhenitsyn ocht ngearrscéal, sraith de "mhionscéalta" nó dánta próis, cuimhní cinn ar na blianta a chaith sé san Iarthar, agus stair an chaidrimh a bhí ag na Giúdaigh agus na Rúisigh le chéile. Cuid de na léitheoirí, tá siad den tuairim go bhfuil an saothar báúil leis na Giúdaigh, agus an chuid eile ag cur frith-Ghiúdachais i leith an scríbhneora. Ó thaobh amháin de, diúltaíonn Solzhenitsyn go tréan do na náisiúnaithe coimeádacha Rúiseacha a bhíonn ag rá gur "comhcheilg Ghiúdach" ba chúis le réabhlóidí na Rúise sna blianta 1905 agus 1917. Ón taobh eile de, iarrann sé ar an dá phobal, idir Rúisigh agus Ghiúdaigh, a dtrom-mheabhrú féin a dhéanamh ar lucht a gcomhdhúchais a bhí páirteach i gcoireanna an Chumannachais.

An dóigh ar glacadh leis an saothar seo, taispeánann sé gur ábhar conspóide é Solzhenitsyn agus a shaothar sa bhaile agus i gcéin i gcónaí. Deir lucht a cháinte nach bhfuil sa mhórshaothar staire sin ach dearbhú ar a chuid dearcthaí frith-Ghiúdacha agus ar an mbarr feabhais atá ag an Rúis ar na náisiúin eile, dar leis. Cuid mhór de na daoine a raibh meas an laoich acu ar an scríbhneoir agus an dóigh ar chuir sé in aghaidh ollsmacht an Aontais Shóivéadaigh, bhain sé stangadh agus mealladh astu a fheiceáil go raibh a leithéid de bharúlacha aige. Chosain an tOllamh Robert Service ó Ollscoil Oxford Solzhenitsyn, nó dúirt sé go raibh an Giúdach Trotscaí féin den tuairim, lena linn, go raibh ionadaithe thar a gceart féin ag na Giúdaigh i maorlathas an stáit Shóivéadaigh.

Scríobh scríbhneoir clúiteach Rúiseach eile, Vladimir Voinovich, staidéar aighneasach faoi Solzhenitsyn, Portráid faoi scáth an mhiotais ("Портрет на фоне мифа", 2002), inar cháin sé féinspéis, frith-Ghiúdachas, agus drochscríbhneoireacht Solzhenitsyn. Roimhe sin féin, d'ionsaigh Voinovich é ina úrscéal Moscó sa bhliain 2042 ("Москва 2042"), agus é ag déanamh cur síos ar "Sim Simich Karnavalov", scríbhneoir uaibhreach leithleach atá ag iarraidh an tAontas Sóivéadach a chur de dhroim an tsaoil le rí na Rúise a ghairm de féin. Scigaithris ar Solzhenitsyn is ea Karnavalov.

Sna scríbhinní polaitiúla is deireanaí a tháinig i gcló óna pheann, cháin Solzhenitsyn an olagarcacht a cruthaíodh sa Rúis le teacht an "daonlathais". Ní airíonn sé uaidh an Cumannachas Sóivéadach, áfach. Cosnaíonn sé tírghrá measartha féinchriticiúil in áit náisiúnachas antoisceach, agus tá an féinrialtas áitiúil ar ceann de na clocha is mó ar a phaidrín freisin. Tá sé buartha faoi chás na Rúiseach a bhfuil cónaí orthu sna poblachtaí iar-Shóivéadacha agus faoi charachtar náisiúnta na hEaglaise Ortadocsaí, agus é den bharúil nár chóir misinéireacht Phrotastúnach ná Chaitliceach a cheadú sa Rúis. Ar feadh tamaill, bhí seó teilifíse dá chuid féin aige agus cead cainte neamhshrianta aige ansin, ach baineadh an seó den teilifís go luath, de cheal lucht féachana. Mar sin féin, bíonn Solzhenitsyn le feiceáil agus le cloisteáil sna meáin chumarsáide go minic, inniu féin.

Ignat Solzhenitsyn, American National Symphonic Orchestra tour of Moscow and St Petersburg, 1 D.F. 1993.

Bhain clann mhac Solzhenitsyn amach saoránacht Mheiriceánach, agus clú is cáil ar dhuine acu, Ignat. Tá a mhac, Ignat Solzhenitsyn, ina cheoltóir cáiliúil, mar phianódóir agus mar stiúrthóir ceolfhoirne sna Stáit Aontaithe.

A Dhearcadh ar Chúrsaí na Staire is na Polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta a chaith sé san Iarthar, bhí Solzhenitsyn an-ghníomhach sa díospóireacht faoi stair na Rúise, an Chumannachais, agus an Aontais Shóivéadaigh. Bhí sé ag cur a chuid tuairimí chun tosaigh go talcánta tréan, agus é suite siúráilte go raibh an tIarthar ar fad mícheart faoi chúrsaí a thíre dúchais agus go raibh sé de dhualgas air muintir an Iarthair a chur ar bhealach a leasa.

An Cumannachas, an Rúis, agus an Náisiúnachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a chreidtear gurbh í brúidiúlacht na nImpirí Rúiseacha a chuir tús le brúidiúlacht an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Is é tuairim Solzhenitsyn, áfach, nach bhfuil sa chiallú seo ach deargsheafóid, agus is é an breithiúnas a thug sé ar shaothar an scoláire Mheiriceánaigh úd Richard Pipes nach raibh ann ach "tuiscint na bPolannach ar stair na Rúise". Is é tuairim Solzhenitsyn nach raibh claonadh inmheánach in Impireacht na Rúise chun foréigin, mar a bhí san Aontas Sóivéadach. Creideann sé nach gcleachtadh an Impireacht cinsireacht ar bith, nach mbítí ag caitheamh easaontóirí polaitiúla i dtóin an phríosúin ná á gcéasadh chun báis sna campaí géibhinn. Ní raibh póilíní rúnda an Impire ag obair ach sa trí chathair ba mhó san Impireacht, agus ní raibh cead isteach acu sna fórsaí armtha, - dar le Solzhenitsyn. Deir sé freisin nach raibh na hImpirí leath chomh brúidiúil leis na Cumannaigh riamh.

Moscó, 1998

Tá sé inbharúla fosta nár chóir Impirí na Rúise ón séú haois déag agus ón ochtú haois déag a mhilleánú faoi olltubaistí na fichiú haoise, ó tá sé níos inchreidte foinsí agus réamhshamplaí an fhoréigin Bhoilséivigh a lorg in uafáis na réabhlóide sa Fhrainc.

In áit a bheith ag fáil loicht ar an Rúis agus ar na Rúisigh, a deir sé, ba chóir Marx agus Engels a lochtú, agus é barúlach gur dual don Mharxachas féin an foréigean. Is é an tátal a bhaineann sé as an scéal go bhfuil an ollsmachtúlacht agus an foréigean i ndúchas an Chumannachais, agus nach raibh a dhath as an ngnáth faoin gCumannachas Rúiseach.

Níl sé sásta a admháil, ach an oiread, gur stát Rúiseach a bhí san Aontas Sóivéadach. Áitíonn sé gur idé-eolaíocht idirnáisiúnta é an Cumannachas nach raibh ach ag glacadh buntáiste ar an Náisiúnachas leis an gcumhacht a bhaint amach agus le cluain a chur ar na daoine. Nuair a ghabh na Cumannaigh an chumhacht, - a deir sé, - d'fhéach siad le gach náisiún a chur de dhroim an tsaoil, gach cultúr a léirscrios agus cos ar bolg a imirt ar gach pobal.

Deir Solzhenisyn fosta nárbh iad na Rúisigh agus an cultúr Rúiseach a bhí i gceannas ar an Aontas Sóivéadach. Déanta na fírinne, ní raibh aon chultúr náisiúnta ann, a deir sé. Bhí na cultúir náisiúnta éagsúla go léir faoi chois ag an gcultúr aindiach Sóivéadach. Is é is dóigh le Solzhenitsyn ná go raibh an cultúr Rúiseach ní ba mhó faoi chois ná na cultúir bheaga náisiúnta, ó nach raibh eagla ar an lucht rialtais roimh cheannaircí eitneacha i measc na mionlach. Mar sin, níor chóir do mhuintir an Iarthair a shíleadh gur naimhde nó bagairt iad an náisiúnachas Rúiseach nó Eaglais an Oirthir, ach comhghuaillithe, agus gur chóir don Iarthar cuidiú agus spreagadh a thabhairt dóibh.

1974

An Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháin Solzhenitsyn na Comhghuaillithe toisc nár oscail siad an dara cathéadan in aghaidh na Naitsithe ní ba luaithe i rith an Dara Cogadh Domhanda. B'é sin ba chúis leis an dóigh ar shealbhaigh na Sóivéadaigh tíortha Oirthear na hEorpa le cos ar bolg a imirt orthu. Dar le Solzhenitsyn gur beag a bhuair muintir na dtíortha daonlathacha san Iarthar a gcloigne le cinniúint na ndaoine san Oirthear, nó b'é ba thábhachtaí leo ná an cogadh a chríochnú san Iarthar chomh sciobtha agus ab fhéidir.

An Stailíneachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhiúltaigh Solzhenitsyn freisin don dearcadh gurbh é Stailín a chruthaigh an stát ollsmachtúil agus gurbh "fhíor-Chumannaigh" iad Léinín agus Trotscaí nár theastaigh uathu aon duine a chur chun báis go héagórach. B'é tuairim Solzhenitsyn gurbh é Léinín a thosaigh na slua-bhásuithe, a chuir an eacnamaíocht ó mhaith, agus a chuir an chéad tús leis na seirbhísí rúnda agus na campaí géibhinn.

Mikhail Sholokhov[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Mikhail Sholokhov, scríbhneoir Rúiseach a bhí dílis don rialtas Sóivéadach, Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1965. B'é an mórúrscéal a scríobh sé faoi na Cosacaigh, Тихий Дон/Tikhiy Don, a thabhaigh an duais dó, thar aon saothar eile. (hAistríodh an dá imleabhar go Béarla faoi na teidil And Quiet Flows the Don agus The Don Flows Home to the Sea.) Bhí an t-úrscéal seo i bhfad ní b'fhearr ná an chuid eile de shaothar Sholokhov, a raibh an-lorg an cheartchreidmheachais Chumannaigh air. Mar sin, bhí cuid mhór daoine - Solzhenitsyn ina measc - ag cur i leith Sholokhov nárbh é féin a scríobh an t-úrscéal faoi na Cosacaigh. Dúirt Solzhenitsyn gurbh é an Cosacach frith-Bhoilséavach Fyodor Dmitrievich Kryukov (1870-1920) fíorúdar an úrscéil, nó, ar a laghad, go raibh Sholokhov chomh mór i dtuilleamaí lámhscríbhinní de chuid Kryukov is go bhféadfaí bradaíl liteartha a thabhairt ar an úrscéal. Mhair an chonspóid seo na blianta fada, ach is é an tuiscint atá ag na saineolaithe inniu go raibh Solzhenitsyn sa mhícheart, agus nárbh é Kryukov a scríobh an leabhar. Is dócha gurbh é an t-easaontas polaitiúil ba chúis le stobarnáilteacht Solzhenitsyn sa cheist seo: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh scríbhneoir Cumannach leabhar chomh maith a chumadh.

uaigh 

Na Giúdaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go gairid i ndiaidh na bliana 2000, d'fhoilsigh Solzhenitsyn dhá imleabhar faoi stair na nGiúdach sa Rúis agus faoi chomhchaidreamh na nGiúdach agus na Rúiseach, Двести лет вместе ("Dhá Chéad Bliain in Éindí"). Sa leabhar seo, cuireann sé i leith na nGiúdach gurbh iadsan ba chúis leis na réabhlóidí sa Rúis, go raibh na Giúdaigh ina dtromlach i measc cheannairí an Pháirtí Chumannaigh, agus, fiú, go raibh na Giúdaigh ina gcladhairí i mblianta an chogaidh, agus iad ag iarraidh fiannas cogaidh ar an gcathéadan a sheachaint. Tharraing an leabhar an-challán sa Rúis agus i dtíortha eile, agus an scríbhneoir á mhilleánú faoi fhrith-Ghiúdachas. Is fearr, áfach, a rá go bhfuil smaointeoireacht shochúil Solzhenitsyn bunaithe ar na pobail seachas ar na daoine aonair: glacann sé leis na Giúdaigh agus leis na Rúisigh mar bhaill den phobal Ghiúdach agus den phobal Rúiseach, agus teorainneacha soiléire idir an dá phobal. Níl mórán measa aige ar an indibhidiúlachas a bhfuil an liobrálachas Iartharach bunaithe air.

An Chuid is Tábhachtaí dá Shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Odin den’ Ivana Denisovicha. Sovetskii pisatel’, Moscó. 1963. ("Lá amháin i saol Ivan Denisovich".)
  • Rakovyi korpus. Mondadori, Milano 1968 ("Barda na hAilse")
  • V kruge pervom. Harper & Row, Nua-Eabhrac 1968 ("Sa Chéad Chiorcal". Tabhair faoi deara gur leagan coillte giorraithe a bhí i gceist leis an gceann seo, nó rinne Solzhenitsyn iarracht an faobhar a bhaint den leabhar le go mbeadh sí oiriúnach don fhoilsiú san Aontas Sóivéadach féin. An leagan a tháinig i gcló san Iarthar, ba é an leagan giorraithe seo. Níor tháinig an leagan iomlán amach san Iarthar féin ach sna hochtóidí.)
  • Avgust chetyrnadtsatogo. YMCA-Press, Páras 1971 ("Lúnasa 1914")
  • Arkhipelag Gulag, 1918–1956: Opyt khudozhestvennego issledovaniia. YMCA-Press, Páras 1973-1975 ("Oileánra na gCampaí Géibhinn 1918-1956. Iarracht le taighde a dhéanamh trí mheán na n-ealaíon.")
  • Prusskie nochi. YMCA-Press, Páras 1974 ("Oícheanta sa Phrúis". An eipic a scríobh Solzhenitsyn faoi uafáis an chogaidh in Oirthear na Gearmáine, nuair a d'ionsaigh an tArm Sóivéadach é. Glactar leis go coitianta nach bhfuil an leabhar seo ar na cinn is fearr dár tháinig ó pheann an údair.)
  • Lenin v Tsiurikhe. YMCA-Press, Páras 1975 ("Léinín i Zürich". Úrscéal beag stairiúil.)
  • Bodalsia telenok s dubom: Ocherki literaturnoi zhizni. YMCA-Press, Páras 1975. ("Sháigh an lao a hadharca sa dair - dréachtaí faoi shaol liteartha". Ba é an leabhar seo dírbheathaisnéis an scríbhneora.)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]