Ainmuire mac Sétnai
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 569 (Féilire Ghréagóra) |
Ardrí na hÉireann | |
566 – 569 ← Domhnall mac Muircheartaigh, Forggus mac Muirchertaig – Baotán mac Muircheartaigh, Eochaidh mac Domhnaill → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | Aodh mac Ainmhireach |
Athair | Sétnae (?) |
Ard-Rí na hÉireann, agus an chéad Ard-Rí de chuid Cineál Chonaill Uí Néill, ba ea Ainmhire mac Seanna (Sean-Ghaeilge Ainmuire mac Sétnai) (bás 569). Fionnó Chonaill Ghulbain (bás 464), bunaitheoir eapainmneach na géige, ba ea é.[1] Bhí sé i réim ó 566 go 569.[2]
Sula rinneadh Ard-Rí de, feictear Ainmhire i gcomhghuaillíocht le taoisigh eile Uí Néill an Tuaiscirt, mar a bhí Forggus mac Muirchertaig agus a dheartháir his brother Domhnall (bás 566) of de Chineál Eoghain, chomh maith le Cill ceathrar Ainmhire, Ninnid mac Dauach (ball de Cenél nDuach). Chuaigh Uí Néill an Tuaiscirt i gcomhrac in éadan na gConnacht i gCath Shligigh sa bhliain 544/547 agus mharaigh siad an rí Eoghan Béal.[3][4]
Sa bhliain 561, rinne taoisigh Uí Néill an Tuaiscirt comhaontas le hAodh mac Eachach (bás 577) na gConnacht in éadan an Ard-Rí, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565) d'Uí Néill an Deiscirt. De réir na n-annál, d'eagraigh Naomh Colm Cille an comhaontas. Chloígh siad Diarmaid i gCath Chúl Dreimhne (Contae Shligigh).[5][6] Is dóigh gurbh é cuspóir an chatha ná an t-ard-ríogacht chur in áirithe ar son Uí Néill an Tuaiscirt.[7]
Sa bhliain 563, throid na taoisigh úd an Tuaiscirt Cath Móin Dairi Lothair in éadan na gCruithne agus chloígh siad iad.[8][9] Mar thoradh an bhua, leath siad i gContae Dhoire isteach go dtí An Bhanna.[10] De réir na n-annál, fuair Ainmhire ar ais gabháltais a athar, Séatna.
Tháinig Ainmhire i gcomharbacht mar Ard-rí ar Domhnall tar éis a bháis sa bhliain 566.[11][12] Sna ríliostaí Meán-Ghaeilge, tá a réimeas as áit,[13] agus fágadh ar lár é as liosta ríthe na Teamhrach, an dán den 7ú haois, Buile Choinn.
Mharaigh Fergus mac Néilléne (bás 570) de Chineál Eoghain Ainmhire sa bhliain 569.[14][15] Maraíodh Fergus féin an bhliain dár gcionn ag mac Ainmhire, Aodh (bás 598), a bhí freisin ina Ard-Rí.[16] De réir Céitinne, spreag Báetán mac Ninnedo de Chineál Eoghain an dúnmharú.[17] Deir Chronicum Scotorum faoina bhás:[18]
- Femen an tan rombui a rí,
- Nirbó mernot[19] nach dedlai;[20]
- Aniú as fordearg a lí
- La h-Ainmire mac Sennai.
- Feimhen, an tan[21] ba é rí,
- níorbh áitreabh nach suarach;[22]
- inniu, corcradhearg a lí
- le hAinmhire mac Seanna.
Phós Ainmhire Brigid ingen Cobthaig Uí Chinnsealaigh. Máthair a mhic, Aodh, ba ea i.
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Tagairtí
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
- ↑ Tugtar réimeas trí bliana do i Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach ar aon
- ↑ Annála Uladh, AU 543.2, 547.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 542.2
- ↑ Annála Uladh, AU 561.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 560.1
- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 294-295, 510
- ↑ AU 563.1
- ↑ AT 562.2
- ↑ Byrne, ll. 95
- ↑ AU 566.2
- ↑ AT 565.2
- ↑ Charles-Edwards, ll. 484-487
- ↑ AU 569.1
- ↑ AT 568.1
- ↑ AT 569.1
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 77
- ↑ Chronicum Scotorum, CS 568 (nó 569)
- ↑ mennat, áitreabh, ar eDIL
- ↑ dedlaid, deighilt, ar eDIL
- ↑ tan, nuair, ar teanglann.ie FGB
- ↑ 'ignoble' ar CELT
Réamhtheachtaí Eochaid mac Domnaill Báetán mac Muirchertaig |
Ard-Rí na hÉireann 564-566 |
Comharba Báetán mac Ninnedo |